Skip to main content

Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht

Posted in Feachtais Reatha.

Tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin. Séantar cead pleanála ar dhaoine ón áit ar an ábhar, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil ‘riachtanais áitiúil’ acu agus tá an sainmhíniú ar céard is ‘riachtanas áitiúil’ ann á chúngú agus á thachtadh i rith an ama. Ciallaíonn sé seo nach féidir le lánúin óga cead pleanála a fháil ina gceantar dúchais féin. Freisin tagann sé seo salach ar pholasaí an Rialtais ó thaobh na pleanála teanga de, mar a léirítear in Acht na Gaeltachta 2012. Mura mbeidh daoine sa Ghaeltacht leis an teanga a labhairt cén mhaith a bheith ag caint ar phleanáil teanga?

Ba chóir go mbeadh pleanáil tithíochta sa Ghaeltacht dírithe ina hiomláine ar bhuanú agus neartú phobail na Gaeltachta.

Feictear dúinn gurb í an tslí is éifeachtaí chun an fhadhb seo a shárú ná go nglacfaí leis go bhfuil ‘riachtanas áitiúil’ ag an té a bhfuil labhairt na Gaeilge acu, rud a d’éascódh an próiseas pleanála do mhuintir na Gaeltachta. Freisin ní mholaimid aon chonstaic bhreise ó thaobh na Gaeilge de, don té arb as an áit iad, cead pleanála a fháil sa toghroinn Ghaeltachta arb as iad.

Is léir dúinn an dochar a dhéanann eastáit tithíochta a thógtar don mhargadh tráchtála, agus freisin an iomarca tithe saoire a bheith i gceantar Gaeltachta, ó thaobh an phobail agus na Gaeilge de, agus gur gá a bheith an-cháiréiseach ina thaobh seo. Is gá tithíocht shóisialta agus tithe atá incheannaithe ag an bpobal áitiúil, tithe aonair san áireamh, a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina gceantar féin - seachas iad a ruaigeadh isteach sna bailte móra máguaird.

Léigh na moltaí anseo →

Cén fáth a bhfuil Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht ag teastáil?

Titim i líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht:

  • Léirigh Daonáireamh na bliana 2016 gur tharla titim thubaisteach 11% i líon na gcainteoirí laethúla Gaeltachta sa tréimhse 2011 – 2016 agus léirigh Daonáireamh 2022 go bhfuil an laghdú sin ag leanúint ar aghaidh fós, cé go raibh an titim i líon na gcainteoirí laethúla íslithe go 1.6% sa tréimhse 2017-2022.
  • Tá gá le gníomh dearfach eisceachtúil chun an Ghaeltacht a chosaint

Cosaint a dhéanamh ar chearta phobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais:

  • Faoi láthair tá ar a lán daoine óga bogadh amach as an nGaeltacht mar nach bhfuil siad in ann cead pleanála a fháil ar a dtalamh féin
  • Tá glúin daoine óga sa Ghaeltacht nach bhfuil ar a gcumas suíomh nó teach a cheannach ina gceantar féin agus bíonn orthu imeacht ón nGaeltacht
  • Tá daoine sa Ghaeltacht atá i dteideal tithe sóisialta á mbrú amach as a bpobal féin mar nach bhfuil dóthain tithe sóisialta á dtógáil sa Ghaeltacht

Cinntiú nach maraítear an Ghaeltacht trí líon mór daoine gan Ghaeilge teacht chun cónaí sa cheantar:

  • Léiríonn gach taighde go ndéantar dochar do labhairt na Gaeilge nuair a thagann grúpa mór daoine aonair agus teaghlaigh gan Ghaeilge chun cónaí sa Ghaeltacht
  • Lagaítear an Ghaeilge sa phobal, sa chóras oideachais, in imeachtaí pobail agus mar ghnáth-theanga labhartha

Cén buntáiste a bheadh le Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht?

Cinnteacht do phobal na Gaeltachta

  • An cur chuige céanna in úsáid i ngach contae Gaeltachta

Cinnteacht do na hÚdaráis Áitiúla

  • Polasaí comónta i ngach contae a bhfuil ceantar Gaeltachta lonnaithe ann
  • Riachtanais na Gaeltachta aitheanta go foirmiúil sa pholasaí pleanála tithíochta
  • Polasaí a bheidh ag tacú leis na pleananna teanga i ngach limistéar Gaeltachta

Cinnteacht d’fhorbróirí

  • Eolas cruinn ag forbróirí i ngach limistéar Gaeltachta
  • Sábháil airgid agus ama d’fhorbróirí trí gan a bheith ag plé le scéimeanna nach bhfuil ag teacht leis an bpolasaí náisiúnta, i gcomparáid leis an gcóras reatha ad hoc a chríochnaíonn go minic os comhair an Bhoird Pleanála nó sna cúirteanna

Deis cur le pobal na Gaeltachta agus stop a chur leis an mbánú tuaithe Gaeltachta

  • Cuirfear in athuair leis an líon de phobal na Gaeltachta atá ina gcónaí ina bpobal féin
  • Tabharfar deis do chainteoirí líofa Gaeilge bogadh chun cónaí sa Ghaeltacht
  • Cuirfear leis an ngeilleagar áitiúil agus le forbairt gheilleagar na Gaeltachta

 Cén fáth a bhfuil gá leis na treoracha sna moltaí seo a leanas ó thaobh an dlí de?

Is gá na treoracha sna moltaí seo a leanas de bhun alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt a cheadaíonn treoir ón Aire chun plean forbartha a leasú sa chás -

  • (ba) nach bhfuil plean [forbartha] ar chomhréir leis na nithe seo a leanas— (ii) ceanglais shonracha i dtaca le beartas pleanála a shonraítear i dtreoirlínte arna n-eisiúint ag an Aire faoi fho-alt (1) d’alt 28.

Tá treoirlínte an Aire faoi alt 28 den Acht maidir le pleanáil sa Ghaeltacht an-láidir ach níl siad á gcur i bhfeidhm sna pleananna forbartha. Molann Treoirlínte Uimhir 15 na cuspóirí sainordaitheacha seo a leanas a bheith san áireamh sa phlean forbartha ó thaobh na Gaeltachta de:-

    1. go mbeadh tionchar dearfach ag an bhforbairt i gceist ar oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta agus gur féidir cur in aghaidh chineálacha áirithe forbartha agus forbairtí de mhéadanna áirithe dá réir;
    2. go riarfaí i gcomhair riachtanais an phobail i ndáil le húsáid talún ar mhaithe le tithíocht, le poist, le háiseanna áineasa agus áiseanna poiblí agus ar mhaithe le straitéis ar leith tithíochta chun freastal ar riachtanais mhuintir na Gaeltachta;
    3. go gcuirfí turasóireacht teanga agus chultúrtha chun cinn go láidir; agus
    4. go gcuirfí úsáid na Gaeilge i gcúrsaí gnó agus poiblí chun cinn.

Leagtar tuilleadh de na beartais seo amach in Iarscríbhinn C de na Treoirlínte sin agus aibhsítear ann go mbeadh meascán maith sa phobal Gaeltachta ó thaobh aoise de agus go gcuirfí in aghaidh méadú mór Béarlóirí ón taobh amuigh. Moltar chomh maith forbairt thráchtála agus chultúrtha na Gaeltachta mar Ghaeltacht le béim ar thionscail atá bunaithe ar an teanga agus leagtar béim ar mhúineadh na teanga féin.

Léigh ár moltaí do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht sa cháipéis iomlán anseo →

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.