A bhuí leis an Fhondúireacht Pobail, cuireadh tús leis an tionscadal ‘Idir Sráid agus Stát’ i mí an Mheithimh 2021. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal pobal na Gaeilge a chumasú chun tuiscint, úinéireacht agus rochtain a bheith acu ar chearta teanga le linn ré úr na reachtaíochta Gaeilge. Tá an tionscadal á stiúradh ag Conradh na Gaeilge i bpáirtnéireacht le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Díreofar fosta ar shainchomhairle ó CAJ agus PPR, mar aon leis an pháirtí leasmhar, Glór na Móna.
Ó bhí 2016 ann, tá ról lárnach ag an Dream Dearg i leabú na Gaeilge sa dioschúrsa polaitiúil. Ba thoradh é an Comhaontú ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’ a foilsíodh i mí Eanáir 2020 de thréimhse fada feachtasaíochta ag leibhéal an ghnáthphobail; níl ann ach ceart go mbíonn an deis ag an pobal céanna sin ról gníomhach a imirt i lucht déanta na gcinntí a thabhairt chun cuntais maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge. Is mian linn go mbeidh tuiscint acu i dtaobh impleachtaí na reachtaíochta don phobal, agus go mbíonn sé de chumas acu dúshlán a thabhairt do ghné ar bith den reachtaíocht sin a chuireann bac ar Ghaeilgeoirí ról cothrom a imirt sa tsochaí, nó a dhéanann sárú ar a gcearta teanga.
Cuirfidh an tionscadal seo pobal na Gaeilge i gcroílár na cinnteoireachta ó thuaidh, agus tógfaidh sé ar an infreastruchtúr den fheachtasaíocht phobalbhunaithe atá i bhfeidhm againn faoi láthair. Tabharfaidh sé an deis do dhaoine tionchar a imirt agus forbairt a dhéanamh ar na cearta sin a bhfuil muid ag troid ar a son le fada, fada an lá.
Spriocanna an tionscadail
Tabharfaidh an tionscadal seo rochtain do dhaoine ar spásanna ar féidir leo níos mó a fhoghlaim faoi chearta teanga, le linn, in éineacht leis an Choimisinéir Teanga nuacheaptha, ról gníomhach a imirt ag cinntiú go bhfreastlaíonn na caighdeáin teanga ar riachtanais an phobail.
Cad é mar a thabharfaidh muid faoi?
Tá deis againn leis an tionscadal seo, ár bpobal gníomhach, glórach a chumasú ar ghnéithe tábhachtacha den reachtaíocht Gaeilge. Ba mhaith linn go n-aithníonn siad an tábhacht atá lena nguthanna a úsáid i bhfoirmiú polasaí, agus go mbíonn siad níos eolaí agus níos muiníní ar choincheap na gceart teanga. Tá muid ag dúil go mór leis an chéad chéim eile san aistear seo i dtreo chearta teanga, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghábhail leis an Fhondúireacht Pobail as ucht an cuidiú agus an tacaíocht a thug siad i bhforbairt agus maoiniú an tionscadail.
Teagmháil:
Cuisle Nic Liam | Language rights co-ordinator
R:
G: +447 851 024 581
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: