Skip to main content

BÁC le Gaeilge

Posted in Feachtais Reatha.

044

Baile Átha Cliath le Gaeilge

Is deis iontach í bunú BÁC le Gaeilge chun cur le húsáid na teanga i gcathair Bhaile Átha Cliath - áit a bhfuil pobal mór Gaeilge inti mar gheall ar an réimse leathan eagraíochtaí Gaeilge atá lonnaithe ann. Ina measc siúd, tá seirbhísí luathoideachais, gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, eagrais Gaeilge, dhá stáisiúin raidió a chraolann as Gaeilge, CLG na Gaeil Óga, cúrsaí thríú leibhéal i nGaeilge agus go leor eile.

Leag Conradh na Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, clár gníomhaíochtaí amach chun a chinntiú go mbeidh an teanga le cloisteáil agus le feiceáil níos mó timpeall chathair Bhaile Átha Cliath. Úsáidfear ard-oifig Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair mar lárionad tacaíochta do ghnólachtaí agus don phobal chun eolas a sholáthar faoi na seirbhísí atá ar fáil as Gaeilge agus iad a spreagadh leis na seirbhísí sin a úsáid.

Déanfar na gníomhartha seo a leanas mar chuid den tionscnamh BÁC le Gaeilge:

  • Gnólachtaí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar chomharthaí, ar láithreáin ghréasáin, ar fhógraí agus ar bhiachláir i gcaiféanna agus i mbialanna
  • Líonra Gaeilge a fhorbairt i measc gnólachtaí Bhaile Átha Cliath.
  • Ceannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge a úsáid mar ionad eolais agus tacaíochta don phobal.
  • Oibriú chun Ceathrú/Ceantar Gaeilge a fhorbairt agus oibriú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun plean teanga a fhorbairt don chathair amach anseo.

Má bhfuil suim agat an Ghaeilge a chur chun cinn i do ghnólacht i gCathair Bhaile Átha Cliath, bí i dteagmháil linn: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.