Skip to main content

Lá Mór na Gaeilge


LáGaeilge meánachCad? Lá Mór na Gaeilge - Siúil Ar Son Do Chearta Teanga!

Cathain? 2.00in, Dé Sathairn, 15 Feabhra 2014

Cá háit? Gairdín Cuimneacháin, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1

Cén fáth? Cothrom na Féinne dár gCearta Teanga

Tá pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas ag iarraidh cothrom na Féinne agus seirbhísí Stáit as Gaeilge don phobal atá ar comhchaighdeán agus ar comhchéim leis na seirbhísí as Béarla, go háirithe sa Ghaeltacht.

Chuige seo, tá Lá Mór na Gaeilge á reáchtáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014, áit a mbeidh ceol le Seo Linn, baill ó Kíla agus Na Fíréin chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus chun seasamh a ghlacadh ar son chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na hÉireann.

Cuireadh dlús leis an bhfeachtas agus tugadh spreagadh dúinn tacaíocht an mhórphobail ar fud an oileáin a lorg dár gcearta mar gheall ar:

  • fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin, An Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 24 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge; agus
  • thuairisc Chomhairle na hEorpa a foilsíodh ar 14 Eanáir 2014, áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas.

Is le gach duine an teanga agus creideann muid go gcaithfear an deis agus an ceart sin a thabhairt do na daoine a roghnaíonn í a úsáid.

Tacaígí lenár bhfeachtas – tagaigí linn ar Lá Mór na Gaeilge - 15 Feabhra 2014.

Bígí Linn - Siúlfaimid le chéile ar son ár gcearta teanga!
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | Facebook | Twitter #LáGaeilge

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.