Skip to main content

An Comhrá Mór (2017)


An Comhrá Mór: Dara Ollchruinniú GnímhDáta:    Dé Sathairn, 23 Meán Fómhair 2017
Am:      11.00rn - 3.30in
Ionad:  Óstán Academy Plaza, 10-14 Plás Findlater, taobh le Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1, D01 X2X0

Clár an Lae

11.00   Fáilte le tae & caife
11.05   Cur in aithne, spriocanna & cur chuige an lae
                Cormac Ó hEadhra, Cathaoirleach an Lae
11.10   Uasdátú ar na feachtais reatha & plé
11.30   Ceardlanna 1: An Comhrá Mór
                Modh oibre
                Brandáil
                Nithe eile
11.50   Ceardlanna 2: Cumasú & modhanna feachtasaíochta
               Infheistíocht don Ghaeilge & don Ghaeltacht
               Acht ó thuaidh
               Reachtaíocht ó dheas
12.30 Aiseolas ó na ceardlanna
12.50 Lón
13.30 Aoichaint: Pop Up Gaeltacht
              Peadar Ó Caomhánaigh, duine de chomhbhunaitheoirí na coincheapa Pop Up Gaeltacht
13.50 Ceardlanna 3: Feachtais shimplí le mórthionchar spreagtha
              Dírithe ar na húdaráis
              Dírithe ar an earnáil phríobháideach
              Dírithe ar chumasú an phobail
14.30 Aiseolas
14.50 Gníomhartha aontaithe
15.00 Críoch

Tá súil againn plé a dhéanamh ag an dara seisiún seo le labhairt faoin aiseolas a gheofar ó na polaiteoirí áitiúla, mar sin tá sé ríthábhachtach teagmháil a dhéanamh le do pholaiteoirí féin mar gheall ar infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht roimhe an gComhrá Mór le do thoil.

An Comhrá Mór 2Cathaoirleach

Cormac Ó hEadhra, láithreoir raidió as an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Aoichainteoir

Peadar Ó Caomhánaigh, duine de chomhbhunaitheoirí Pop Up Gaeltacht as Baile Átha Cliath.

Clárúchán

Tá fáilte roimh chách freastal ar an gComhrá Mór, ach iarrann muid oraibh clárú linn roimh ré más féidir; cabhróidh sé seo linn a chinntiú go mbeidh a dhóthain spáis ar fáil dúinn san óstán ar an lá. Cláraigh:

Fóraim Ghnímh sna Gaeltachtaí

Ag éirí as moladh a rinneadh ag an gcéad Chomhrá Mór, d'eagraigh Conradh na Gaeilge fóraim ghnímh i gcomhar le Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta i nDún na nGall, i nGaillimh, agus i gCiarraí Dé Máirt, 12 Meán Fómhair 2017 ag 8.00in.

Deineadh plé go háirithe ar an ngá le hinfheistíocht sa Ghaeltacht agus na gníomhartha arbh fhiú don phobal a ghlacadh le teacht ar an infheistíocht sin. Bhí deis freisin plé a dhéanamh ar an obair reatha atá ar siúl sa Ghaeltacht, lena n-áirítear nithe ar nós na pleanála teanga, an pholasaí oideachais Gaeltachta, srl. Labhair:

- Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, san Óstán Heights i gCill Airne;
- Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann, ag Seanscoil Sailearna, Indreabhán;
- Dónal Ó Cnaimhsí, Comharchumann Ghaoth Dobhair, sa Chrannóg i nGaoth Dobhair.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo agus póstaeir ar fáil ar-líne ag: http://bit.ly/ForaimG17

Cúlra

Nuair a thug Daonáireamh 2011 sa Bhreatain Bheag le fios gur thit líon na gcainteoirí Breatnaise, spreag Rialtas na Breataine Bige comhrá náisiúnta faoi thodhchaí na teanga. Fóram oscailte dar teideal Iaith Fyw: Y Gynhadledd Fawr (Teanga Bheo: An Comhrá Mór) a bhí i gceist leis seo.

Anseo in Éirinn, léirigh na torthaí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016 ó dheas go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge tar éis titim den chéad uair ó bhí 1946 ann. Spreagtha ag Y Gynhadledd Fawr, tá An Comhrá Mór á reáchtáil chun tús a chur le comhrá mhór mhuintir na hÉireann i dtaobh na Gaeilge.

Is cruinnithe le dul i mbun gnímh iad seo go príomha mar aon le fóram poiblí le smaointe agus le tuairimí a spreagadh agus a bhailiú. Aontófar gníomhartha a bhaineann go sonrach le feachtais ar leith ag na cruinnithe, go háirithe maidir le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas, agus maoiniú don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach.

An Chéad Chéim Eile...

Reáchtáladh an chéad ollchruinniú gnímh den Chomhrá Mór san ardchathair ar 10 Meitheamh 2017, agus reáchtálfar an dara cruinniú thuasluaite i mBaile Átha Cliath ar 23 Meán Fómhair 2017. Reáchtáladh na fóraim ghnímh sna Gaeltachtaí ar 12 Meán Fómhair 2017 mar chuid den mhórchomhrá náisiúnta céanna.

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.