Skip to main content

Craobh Eagraíochta

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, trí bhallraíocht a ghlacadh, beidh glór agat i dtodhchaí na heagraíochta agus todhchaí na teanga. 

Is í an bhallraíocht - idir bhaill chraoibhe agus bhaill aonair - croílár agus bunchloch na heagraíochta. Tá na céadta craobhracha ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga agus ag spreagadh úsáid na Gaeilge, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain i láthair na huaire. Ó bhunaíodh an eagraíocht i 1893, tá baill craobhacha an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre.


Buntáistí agus Deiseanna do Chraobhacha

Oidhreacht

Beidh sibh páirteach in eagraíocht atá ag neartú pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó 1893.

Is é Conradh na Gaeilge an eagraíocht Ghaeilge is sine sa tír, an t-aon fhóram daonlathach atá ann do phobal na Gaeilge, agus an eagraíocht chéanna le leithéidí Phádraig Mhic Phiarais agus Dhubhghlas de hÍde.

Tionchar

Beidh glór an phobail ina bhfuil tú ag obair le cloisteáil agus sinn ag déanamh ionadaíochta ar son pobal na Gaeilge agus Gaeltachta (le hAirí Rialtais, le feidhmeannaigh sna Ranna Rialtais éagsúla, leis an earnáil phríobháideach trí chéile, srl.).

Tá gach craobh eagraíochta i dteideal duine amháin a ainmniú lena t(h)oghadh mar Uachtarán na hEagraíochta, beirt a mholadh lena dtoghadh mar bhaill den Choiste Gnó, trí leasú ar an mBunreacht agus trí rún eile a mholadh ag an Ard-fheis.

 

Rochtain

Beidh sibh mar chuid de líonra de 200+ craobh trasna 22 tír agus bheadh sibh luaite ar shuíomh Chonradh na Gaeilge- tá seans go meallfaidh seo tuilleadh daoine le Gaeilge in bhur dtreo

Eolas

Beidh sibh ag croílár athbheochan na Gaeilge ag fáil eolas faoi fheachtais agus imeachtaí Chonradh na Gaeilge, agus gheobhaidh sibh tosaíocht maidir le maoiniú breise, oiliúint, agus tionscadail nua ón gConradh.

Cuirfear traenáil ar fáil do bhaill an choiste, más gá, i dtaobh eagrúcháin, poiblíochta, cúrsaí cruinnithe, stocaireachta agus aon rud eile a bheidh de dhíth.


Poiblíocht Idirnáisiúnta

Cuirtear fáilte roimh gach craobh scéalta a chur isteach inár nuachtlitir mhíosúil ionas go mbíonn craobhacha agus baill aonair uile an Chonartha ar fud an domhain ar an eolas faoi imeachtaí ar son na Gaeilge. Is féidir scéalta a scaipeadh trí leathanach Instagram, Facebook agus Twitter an Chonartha chomh maith. Seol na sonraí chuig: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Pointe Teagmhála

Is pointe teagmhála le saol na Gaeilge é Conradh na Gaeilge dá gcraobhacha.

Is tríd an eagraíocht gur féidir le craobhacha aithne a chur ar ghníomhairí teanga eile san earnáil, eolas a fháil ar na feachtais is tábhachtaí atá idir lámha i dtaca leis an teanga, páirt a ghlacadh in imeachtaí sóisialta trí mheán na Gaeilge, agus smaointe maidir le spreagadh na teanga a phlé agus a chur chun cinn san fhóram daonlathach seo.

Nuacht

Faigheann gach craobh cóip bog den nuachtlitir gach mí, agus scaipfear eolas maidir le feachtais agus maidir le mórimeachtaí na heagraíochta tríd an ngréasán seo de na baill i dtosach báire. Glac páirt sa ghréasán!


Glac Páirt sa Ghluaiseacht

Ceisteanna Coitianta

Céard atá de dhíth le Craobh Eagraíochta a chlárú?

Níl de dhíth le craobh a bhunú ach coiste atá sásta imeachtaí sóisialta a eagrú ina gceantar féin, nó ar mhaith leo páirt a ghlacadh i gcóras daonlathach na heagraíochta. Caithfidh cathaoirleach, runaí, cisteoir agus oifigeach caidrimh phoiblí a bheith ar gach coiste.

Céard í feidhm gach craobh eagraíochta?

(a) An Ghaeilge a chur chun cinn

(b) Imeacht poiblí amháin ar a laghad a eagrú gach bliain

(c) An táille chláraithe bhliantúil, a shocróidh an Coiste Gnó ó am go chéile, a íoc leis an Ard-Oifig

(d) Bailiúchán do Chiste na Teanga a dhéanamh uair sa bhliain faoi réir na rialacha a chinnfidh an Coiste Gnó

(e) Beirt theachtaí eagraíochta a chur chuig an Ard-Fheis

(f) Orduithe dlisteanacha an Choiste Ghnó a chomhlíonadh agus ceadú don Choiste Gnó ionadaí nó ionadaithe a chur chuig cruinnithe na craoibhe eagraíochta cibé uair a iarrann an Coiste Gnó amhlaidh

(g) Baill nua a earcú

(h) Plean comhtháite teanga a chur le chéile bunaithe ar threoirlínte ón gCoiste Gnó.

Conas Clárú?

Cláraighanseo

Is féidir anois do chraobh a athchlárú ar-líne ag baint úsáid as an bhfoirm SEO. Glactar le cárta nó dochar díreach mar íocaíocht.

Déan docxFoirm Chlárúcháin a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge mar aon leis an táille bhallraíochta cuí (€50 ar bhliain amháin, €150 ar 3 bhliana agus €250 ar 5 bhliana).

*Is gá an fhoirm agus an táille a bheith againn ar a laghad 10 seachtain roimh na hArd-Fheise le bheith i dteideal vótaí a chaiteamh.
*Tá sé ríthábhachtach go bhfuil sonraí reatha ag an Ard-Oifig ionas go bhfaighfidh gach craobh comhfhreagras rialta*

Céard é an Táille Ballraíochta?

Is é an táille do chraobhacha eagraíochta faoi láthair ná €50 in aghaidh na bliana.

An bhfuil Spriocdháta Ballraíochta ann?

*Is gá an fhoirm agus an táille a bheith againn ar a laghad 10 seachtain roimh na hArd-Fheise le bheith i dteideal vótaí a chaiteamh.
*Tá sé ríthábhachtach go bhfuil sonraí reatha ag an Ard-Oifig ionas go bhfaighfidh gach craobh comhfhreagras rialta*

Eile

Má tá aon cheist eile agat faoi bhallraíocht na craobh eagraíochtaí le do thoil déan teagmháil le Meadhbh Ní Cheallacháin, ár dTimire Náisiúnta. 

Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Guthán: +353 (87) 102 9092

Teagmháil

Má tá ceist agat faoi bhallraíocht a ghlacadh linn, le do thoil déan teagmháil lenár dTimire Náisiúnta, Meadhbh Ní Cheallacháin

Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Guthán: +353 (087) 102 9092

Teagmháil

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.