Skip to main content

2017 Gaeltacht Getaway

Posted in National Events.

Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2017Beidh saoire Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall ón Déardaoin, 29 Meitheamh - Dé Domhnaigh, 2 Iúil 2017. Bí linn!

**Tabhair faoi deara go bhfuil an lóistín don Tionól lán anois** ach feartar fáilte romhat freastal ar imeachtaí an Tionóil go fóill.

Clár Ama an Deireadh Seachtaine
Déardaoin, 29 Meitheamh 2017

8.30i.n. Fáiltiú & Oscailt Oifigiúil le Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge & Pádraig Ó Baoighill, údar clúiteach ón cheantar
Áislann Rann na Feirste
9.00i.n. Siamsaíocht na Gaeltachta le Brídanna & Cairde
Áislann Rann na Feirste
10.00i.n. Seisiún Ceoil
Teach Leo, Mín na Leice

Dé hAoine, 30 Meitheamh 2017

11.00r.n. Turas Báid go hOileán Gabhla
Ag fágáil ó Ché Mhachaire Gathlan, Na Doirí Beaga
2.00i.n. Sos Lóin
Teach Hiúdaí Bhig, An Bun Beag
6.00i.n. Béile Tráthnóna
Óstán Chaisleán Óir, Anagaire
8.00i.n. Seimineár an Tionóil: Ag Buanú Phobail Ghaeltachta

• Colm Ó Cearúil, Údar Aspail ar son na Gaeilge: timirí Chonradh na Gaeilge 1899-1923
• Hannah Ní Dhoimhín, Comhairleoir Pleanála Teanga do Limistéir Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Co. Dhún na nGall
• Hannah Rua Ní Bhaoill, Gníomhaí Pobail
• Áine Ní Bhreisleáin, Eagraí Thír Chonaill Aonach Tailteann

Cathaoirleach: Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
Áislann Rann na Feirste
10.00i.n. Seisiún Ceoil
Teach Tessie, Mín na Leice

An Oitir MhórDé Sathairn, 1 Iúil 2017
Beidh rogha imeachtaí breise ar fáil sa cheantar chomh maith. Cuirfear pacáiste eolais ar fáil do gach duine a chláraíonn don Tionól. Níl na himeachtaí seo san áireamh i dtáille an Tionóil.

1.00i.n. Siúlóid Treoraithe i gCeantar Rann na Feirste le Niall Mac Eachmharcaigh (John Joe i Ros na Rún)
Ag fágáil ón Áislann
3.00i.n. Tráth na gCeist
Teach Leo, Mín na Leice
6.00i.n. Béile Tráthnóna
Amharclann Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga
8.00i.n. Seó in Amharclann Ghaoth Dobhair: 3 ghearrdhráma le hAisteoirí Ghaoth Dobhair
Rann na FeirsteAmharclann Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga
10.00i.n. Seisiún Ceoil
Teach Hiúdaí Bhig, An Bun Beag

Dé Domhnaigh, 2 Iúil 2017

10.00r.n. Aifreann
Teach Pobail Mhín Uí Bhaoill, Croithlí
1.00i.n. Clabhsúr an Tionóil
Óstán Chaisleán Óir, Anagaire

Rann na FeirsteÁirithintí

**Tabhair faoi deara go bhfuil an lóistín don Tionól lán anois** ach feartar fáilte romhat freastal ar imeachtaí an Tionóil go fóill.

Is féidir spéis a léiriú in imeachtaí éagsúla an Tionóil Ghaeltachta tríd an fhoirm thíos a líonadh, go háirithe má tá sé i gceist agat teacht ar an turas báid Dé hAoine:

Conradh na Gaeilge

6 Harcourt Street, Dublin 2.
Phone: +353 (0) 1 475 7401, Fax: +353 (0) 1 475 7844, Email: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.