Pop Up Gaeltacht
Buíochas le hOsgur Ó Ciardha agus Peadar Ó Caomhánaigh, tá ábhar le Pop Up Gaeltacht a eagrú ar fáil le híoslódáil in aisce anseo chun cabhrú leatsa an Ghaeilge a spreagadh ar fud na cruinne!
Seo cúpla nod ó na leaids a chuir tús leis an gcéad Phop Up i mBaile Átha Cliath maidir le himeacht sóisialta Gaeilge a eagrú i do cheantar féin:
Is coincheap foinse-oscailte í #PopUpGaeltacht.
Is le gach duine í agus ní le héinne í. Níl thíosluaite anseo ach comhairle.
1. Roghnaigh beár a bhfuil móréileamh air, táimid le bheith feiceálach.
2. Cuir fáilte roimh chách le bolscaireacht i nGaeilge amháin.
3. Tá sé níos taitneamhaí gan áit faoi leith a chur in áirithe, táimid mar chuid den phobal, ní scoite amach uaidh.
4. Ná cur siamsaíocht ar fáil thar mar a bheadh sa bheár pé scéal é.
5. Ná glac le maoiniú ná le hurraíocht.
6. Cruthaigh ócáid ar Facebook agus roinn linne í (le gur féidir linn í a roinnt).
Táimid anseo le cabhrú bolscaireachta agus comhairle a thabhairt. Nílimid chun do Phop Up a eagrú duit faraor.
Bí ag labhairt linn.
Beir Bua agus dorn san aer dos na Gaeil!
Is féidir an lógó ar ardchaighdeán seo a úsáid le cur i gcló nó le comhartha de do chuid féin a dhearadh chun áit chruinnithe na nGaeilgeoirí a fhógairt. Agus ansin ar aghaidh le Pop Up Gaeltacht áitiúil do cheantair féin...
Hup!
Tuilleadh eolais: @PopUpGael /