Skip to main content

“Deis ollmhór caillte” ach glacann Conradh na Gaeilge le tairiscint an Aire Stáit Thomas Byrne TD ‘plean a chur le chéile’ chun maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a dhúbhailt

Soiléiriú práinneach anois á lorg maidir le todhchaí struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge agus an socrú thuaidh theas 

 

Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar an ‘bhfíor-easpa uaillmhéine’ atá léirithe ag an Rialtas ar éilimh an phobail mar atá leagtha amach sa Phlean Fáis, aontaithe ag 130+ grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. 

  • Moladh do Cháinaisnéis 2025: €57m sa bhreis a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
    • San iomlán, tá €9.9m breise curtha ar fáil; 16.7% den mhéid a éilíodh (€6.9m breise do Roinn na Gaeltachta agus €3m breise do TG4). 
    • Is ionann €9.9m breise agus 17% den mhéid iomlán a lorgaíodh sa Cháinaisnéis seo mar chuid d’éilimh an phobail a rinneadh sa #PleanFáis.
  • Moladh ceatadán iomlán de chaiteachas an státchiste ar an Ghaeilge/Ghaeltacht a ardú ó 0.18% (2024) go 0.4% faoi 2029
    • Thit ceatadán iomlán de chaiteachas an státchiste ar an Ghaeilge/Ghaeltacht ó 0.17% (2023) go 0.16%.

 

Ag labhairt faoin Cháinaisnéis do 2025, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is deis ollmhór caillte í Cáinaisnéis 2025 chun maoiniú cothromasach agus suntasach breise a chur ar fáil don nGaeilge agus don nGaeltacht, Cáinaisnéis a rinne neamhaird ar thosaíochtaí soiléire an phobail fud fad na tíre. Cé go gcuireann muid fáilte roimh an €9.9m breise atá bainte amach don nGaeilge, don nGaeltacht agus do TG4, ní thagann an méid seo faoi scread asail den méid a d’éiligh muid ón Rialtas nuair a d’iarr muid orthu cothrom na Féinne a chur ar fáil dúinn. Phléigh muid an Plean Fáis, atá aontaithe agus breis agus 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta leis an Rialtas arís agus arís eile agus tá cinneadh tógtha ag an Rialtas bun-choincheapa an Phlean sin a chaitheamh i dtraipisí; is é sin, go bhfuil an bonnleibhéal maoinithe don nGaeilge agus don nGaeltacht i bhfad Éireann ró-íseal agus go bhfuil géarghá lena hardú go suntasach.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:

“Tá an díomá go deo orainn nár tugadh áird chothrom nó chuí ar na moltaí cuimsitheacha infheistíochta atá leagtha amach go soiléir sa bPlean Fáis, plean atá curtha i láthair againn d’ionadaithe an Rialtais arís agus arís eile le tamall le mhíonna anuas. Tráth a bhfuil ardú mór tagtha ar mhór-chaiteachas an stáit, tá an ceatadán den státchiste atá á chaitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht tite siar go leibhéil 2021. Níl sin ag teacht le fís, le fuinneamh nó le tiomántas an phobail atá moladh don Rialtas idirghabháil uaillmhianach a dhéanamh i maoiniú na teanga. Aithníonn muid an méid atá ráite ag an Aire, gur suim leis plean a chur le chéile, mar atá déanta don spórt, chun maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a dhúbailt. Glacann Conradh na Gaeilge leis an tairiscint sin agus tá muid cinnte go mbeidh moltaí an Phlean Fáis lárnach sa chomhrá sin. Beidh muid ag dul i dteagmháil leis an Aire láithreach chun an próiseas sin a thoiseacht. Tá sé tugtha faoi deara againn fosta nach bhfuil aon scéal nua maidir le maoiniú d’Fhoras na Gaeilge, a bheadh, de réir na socruithe trásteorann, ag brath ar a chomhionann 25% den maoiniú céanna ag teacht ón Fheidhmeannas ó thuaidh. Is léir go bhfuil athrú práinneach anois de dhíth ar an struchtúr maoinithe sin nó faoi mar a sheasann rudaí níl an socrú reatha oiriúnach don bhfeidhm lenar bunaíodh é beagnach 25 bliain ó shin.”

 

Tá cóip de An Plean Fáis ar fáil ag cnag.ie/plean

 

TEAGMHÁIL:

 

Kate Ní Dhúbhlaioch, Feidhmeannach Cumarsáide

+353 87 389 8255

6 Sráid Fhearchair, BÁC2 |Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

+353 (0)86 8142757 | +353 (0)1 4757401

6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.   

 

Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta

+353 83 4062131

6 Sráid Fhearchair, BÁC2  | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

AR LÍNE: X @cnag @meithealnpt / Instagram @cnagaeilge 

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.