Skip to main content

Láthair Ghaeltachta fógartha don fhéile cheoil is mó in Éirinn ag an bPicnic Leictreach 2024

Ardán Gaeilge sa Chollchoill agus Láthair Champála Ghaelach ag EP mar chuid d’fheachtas Croí na Féile le Conradh na Gaeilge

Beidh Croí na Féile, feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge, faoi bhláth arís ag an bPicnic Leictreach agus arís eile beidh deis ag lucht campála a bpubaill a chrochadh i gcomhluadar na nGael sa láthair oifigiúil champála, an Láthair Ghaeltachta.

Beidh an t-ardán Gaeilge, An Chollchoill, ar ais arís i mbliana, agus tugtar cuireadh do lucht freastala na féile dul ar seachrán chun na Collchoille, áit ina mbeidh cultúr, ceol agus teanga curtha ag Croí na Féile. Beidh meascán de cheol Gaelach agus ceol traidisiúnta ar stáitse na Collchoille idir 19:00 agus meán oíche. Cuirfear lucht ragairne na féile faoi gheasa le ceol álainn agus bannaí spleodracha agus leithéidí Huartán, Bandia, Burnchurch ar siúl go maidin faoi chlúdach na gcrann agus faoi sholas na gealaí.

Tabharfaidh suíomh an champa deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid le linn an deireadh seachtaine. Tá An Láthair Ghaeltachta ann le deis a thabhairt do dhaoine an teanga a chur ag Croí na Féile agus taitneamh a bhaint as spás le campálaithe Gaeilge eile le linn an deireadh seachtaine, le ticéid díolta amach don láthair le blianta beaga anuas. Leanfar leis an mbéim ar chúrsaí athchúrsála agus aire don timpeallacht sa Láthair Ghaeltachta i mbliana, le háiseanna athchúrsála agus eolas maidir leis an láthair - agus an domhan! - a choinneáil glan.

Ag labhairt faoin bhféile, dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Conradh na Gaeilge:

“Tá an Phicnic Leictreach ar cheann de na buaicphointí is mó ar fhéilire ceoil na bliana in Éirinn, a thugann na mílte duine le chéile le ceol, cultúr agus féiniúlacht a cheiliúradh. Tugann féiltí ceoil an deis dúinn ár bhféiniúlacht a chur in iúl i mbealach uathúil - agus cad is teanga ann ach do chuid féiniúlachta. Tá fás agus forbairt ag teacht ar an ardán agus ar an láthair champála ó bhí 2018 ann. Feiceann muid an tionchar dearfach a bhíonn ag láithreacht na teanga agus an chultúir ar lucht freastal na féile gach bliain, agus táimid ag súil le fás agus forbairt an ardáin agus an láthair champála arís in 2024.”

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, tar éis an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag an bPicnic Leictreach ó bhí 2018 ann, agus táimid ag súil go mór le Croí na Féile a thógáil ar ais chuig an bhféile cheoil is mó in Éirinn i mbliana. Tá aiseolas dearfach faighte againn chuile bhliain agus is álainn an rud a chloisteáil go bhfuil tionchar spreagúil ag #CroíNaFéile ar an bpobal!”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.