Chéad Chéim in Hong Cong
Chuir Conradh na Gaeilge tús le Cultúr Club i gcomhar le hArd-Chonsalacht na hÉireann do Hong Cong & Macau le linn an tsamhraidh i 2016. Bhí an Ard-Chonsalacht tar éis a aithint go raibh ann d’éileamh do ranganna Gaeilge agus cultúir, is é sin le rá ranganna do pháistí le tuistí Éireann agus iad siúd le naisc láidre le hÉirinn a bheadh mar bhealach chun féiniúlacht Éireann a neartú i measc an phobail.
Rinne an Ard-Chonsalacht teagmháil leis an gConradh le comhairle a lorg ar an gceist i mí Aibreáin 2016; d’ullmhaigh ionadaithe togra maidir leis seo i mí na Bealtaine 2016 agus thaisteal go Hong Cong le bualadh le príomhionadaithe an phobail Éireann agus páirtithe leasmhara eile ann ar mhaithe le spéiseanna, cumais, agus riachtanais na mac léinn ionchasacha / féideartha agus a dtuistí a mheas i mí an Mheithimh 2016.
Tar éis clár, plean ceachta samplach agus gníomhaíochtaí samplacha a dhréachtú, shocraigh an Chonsalacht go ndéanfadh Conradh na Gaeilge ceardlanna feasachta idrghníomhacha ar theanga agus ar chultúr na hÉireann a reáchtáil le breis agus 140 dalta i scoileanna áitiúla agus idirnáisiúnta i Hong Cong agus Macau freisin, ar mhaithe le spéis in Éirinn agus sna ranganna a spreagadh agus a mheas.
Baisteadh Cultúr Club ar an togra, agus b’iontach suntasach an spéis a léirigh idir thuistí Éireann agus Áise, pháistí, agus oideachasóirí ann.