Skip to main content

Plean Infheistíochta na Gaeilge & na Gaeltachta (2016)


Plean Infheistíochta na Gaeilge & na GaeltachtaComhiarratas

D'aontaigh grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ar phlean infheistíochta ar son na teanga sa bhliain 2016.

Tá 88 ngrúpa tar éis teacht ar bord ar an iomlán, agus tá leagan uasdátaithe den phlean eisithe againn i mbliana.

Áirítear eagrais phobail agus uile-Éireann, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu, i measc na ngrúpaí seo. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ó ghrúpaí pobail.

Chomh maith leis sin, d'aontaíomar bearta ionadaíochta a chinnteodh go gcuirfí an plean i bhfeidhm agus go mbeadh ionadaíocht cheart ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag leibhéal Rialtais mar chuid den fheachtas #Gaelvóta.

Príomhaimdhmeanna

Tá sí mar aidhm ag an bplean seo:

  • Breis ‘s 1,150 post a chruthú
  • Tuilleadh deiseanna a sholáthar don phobal leis an nGaeilge a úsáid
  • Ionaid teaghlaigh don phobal a bhunú
  • Lárionaid Ghaeilge a thógáil ar fud na tíre
  • Oifigigh Ghaeilge a fhostú tríd an Scéim Pobal Gaeilge
  • Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
  • Scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil do pháistí agus do theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste

Aisiompú ar Chiorruithe

Plean Infheistíochta na Gaeilge & na GaeltachtaAisiompú ar na ciorraithe díobhálacha a rinneadh ar earnáil na Gaeilge atá de dhíth uainn ar dtús báire. Chomh maith leis sin, tá infheistíocht níos lú ná maoiniú na bliana 2008 á lorg againn don phlean seo.

Go deimhin, is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú iomlán a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa bhliain 2008.

Leathnaíodh réimsí oibre Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta le blianta beaga anuas. Cuireadh cúraimí breise orthu chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a chur chun cinn ag an am céanna gur laghdaíodh na buiséid s’acu go suntasach.

Laghdaíodh buiséad na n-údarás Gaeilge agus Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015, mar shampla.

Tá sé thar am ag na rialtais na ciorruithe díobhálacha sin a aisiompú agus infheistíocht mar is ceart agus mar is cóir a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, ag tosú leis an bplean infheistíochta a mhaoiniú ina iomláine.

Athinfheistíocht

Tá infheistíocht de €18 milliún tar éis trí bliana á lorg againn sa phlean infheistíochta:

  • Seo níos lú ná 1% den airgead breise a ceadaíodh san iomlán i gCáinaisnéis 2016 ó dheas.
  • Tá méadú go £2.27 milliún thar trí bliana ó thuaidh san áireamh san fhigiúr seo.
  • Sin 0.43% den airgead breise a gealladh faoi Chomhaontú Theach Stormont 2015.

Níl ach €743,000 as an €18 milliún faighte go dtí seo, .i. 4% den iomlán a bhí de dhíth don bhliain 2017. Tá laghdú de £30,000 faighte ó thuaidh, 'sé sin -1.32% den £2.27 milliún atá á lorg don bhliain seo.

Tacaíocht Traspháirtí

Plean Infheistíochta na GaeilgeTá tacaíocht ag an bplean ó mhóramh na dTeachtaí Dála ó dheas agus ó mhóramh na gComhaltaí ó thuaidh:

Tacaíocht Trasphobail

Tá 88 ngrúpa Gaeilge agus Gaeltachta ag tacú le plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta; tá liosta iomlán na ngrúpaí ar fáil ag bun an leathanaigh.

Cárta Nollag | Conradh na GaeilgeBa mhaith liom cothrom na Féinne do mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta don Nollaig

Tá cuidiú na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí á lorg le maoiniú mar is ceart a chinntiú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Táimid ag iarraidh ar gach Gaelscoil Cárta Nollag a dhéanamh leis na daltaí. Is deis í seo do Ghaelscoileanna, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí, agus do dhaltaí gníomh áitiúil a dhéanamh le tacú leis an mór-fheachtas náisiúnta le cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na teanga trí mhaoiniú a chinntiú do Phlean Infheistíochta Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá teimpléad de chárta Nollag ar fáil pdfanseo.

Is féidir seo a chur i gcló (go dáthaobhach / cúl le cúl) agus iarraidh ar an daltaí é a dhathú isteach don Nollaig. Tá rogha ag na daltaí ansin ainm a shíniú agus ainm na scoile a chur leis.

Is ar mhaithe le cur in iúl do na húdaráis go mbeidh an feachtas ag dul ó neart go neart sa bhliain úr atá na cártaí Nollag seo, agus chuige sin, is féidir an litir a chur chuig na daoine seo:

  • An Taoiseach Leo Varadkar TD
  • An tAire Josepha Madigan TD
  • An tAire Stáit Joe McHugh TD

Faoi gach Gaelscoil agus gach Gaelcholáiste atá sé cé chucu a gcuireann siad a gcuid cártaí Nollag ar lorg chothrom na Féinne. Seo a leanas seoladh an triúir:

  • An Taoiseach Leo Varadkar TD, Oifig an Taoisigh, Foirgnimh na Pairliminte, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 R583 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
  • An tAire Josepha Madigan TD, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
  • An tAire Stáit Joe McHugh TD, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is féidir iad a chur ar ais chuig Conradh na Gaeilge chomh maith agus seolfar iad ar aghaidh ar bhur son:

  • Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

Is féidir linn cóipeanna crua de na Cártaí Nollag a chur ar fáil duit freisin más mian leat, ach teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Is cinnte go mbeidh smaointe cruthaitheacha eile ag do rang féin leis! Pé rud a dhéanann siad, cuir ar na meáin shóisialta é leis an gclib #PleanGG agus/nó #Gaeilge agus #Gaeltacht le go bhfeicfidh an domhan mór é.

Is féidir linn tionchar ollmhór a imirt ar na húdaráis agus ar an aos polaitíochta ach obair as lámha a chéile. Ní neart go cur le chéile!

Liosta na nGrúpaí

Is iad seo a leanas na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachtaa thacaíonn le plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta:

1. An Clár as Gaeilge Teo
2. An Droichead Teo
3. An Foras Pátrúnachta
4. Aontas na Mac Léinn in Éirinn
5. Áras na nGael
6. Cairde Teo
7. Cairde Uí Néill
8. Céim Aniar
9. Coiste Culturtha & Teanga Tuar Mhic Eadaigh
10. Coiste Dúiche Mhaigh Eo, Conradh na Gaeilge
11. Coiste Forbartha Charn Tóchair
12. Coiste Pobail Ghort a’ Choirce
13. Coláiste na bhFiann
14. Coláiste na nGael
15. Comhairle Ceantair na nOileán Teo
16. Comhaltas Uladh
17. Comhar Chaomhan Teo Inis Oírr
18. Comhar Chuigeil Teo
19. Comhar Dún Chaocháin Teo
20. Comharchumann Chléire Teo
21. Comharchumann Dhúiche Sheoighe
22. Comharchumann Forbartha Árann
23. Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
24. Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
25. Comharchumann Forbartha Mhuscraí Teo
26. Comharchumann Forbartha Shailearna
27. Comharchumann Mhic Dara Teo
28. Comharchumann na nOileán Bheag Teo
29. Comharchumann Oileáin Árainn Mhóir
30. Comharchumann Oileán Thoraí
31. Comharchumann Rath Chairn
32. Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo
33. Comhchoiste Gaeltachta Chiarraí Theas
34. Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta
35. Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla
36. Comhlacht Forbartha an Spidéal Teo
37. Comhlacht Forbartha Inis Meáin
38. Comhlacht Forbartha na Déise Teo
39. CONCOS
40. Conradh na Gaeilge
41. Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar
42. Conradh na Gaeilge, Craobh an Aonaigh
43. Croí Éanna
44. Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
45. Cultúrlann Uí Chanáin
46. Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
47. Cumann Gaelach Leath Chathail
48. Cumann Gaelach na hEaglaise
49. Cumann na bhFiann
50. Fóram na nÓg
51. Forbairt Chonamara Láir
52. Forbairt Mhaigh Cuilinn Teo
53. Forbairt na Dromada
54. Gaeil na Gaillimhe
55. Gaeilge Locha Riach
56. Gaelfhorbairt na Gaillimhe
57. Gael-Linn
58. Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin
59. Gaelscoileanna
60. Gael-Taca
61. Gaillimh le Gaeilge
62. Glór an Ghleanna
63. Glór an Tuaiscirt
64. Glór Cheatharlach
65. Glór Dhún Geimhin
66. Glór Léim an Mhadaidh
67. Glór na Móna
68. Glór na nGael
69. Glór na nGael, Uachtar Tíre
70. Glór na Speiríní
71. Gnó Mhaigh Eo
72. Ionad Deirbhle
73. Ionad na Fuiseoige
74. Ionad Naomh Phádraig
75. Ionad Uíbh Eachach
76. Lárchomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille
77. Misean Oirthear Bhéal Feirste
78. Misneach
79. Muineachán le Gaeilge
80. Muintir Chrónáin Teo
81. Na Comhluadair Bheo
82. Ógras
83. Oideas Gael
84. Oidhreacht Chorca Dhuibhne
85. Oireachtas na Gaeilge
86. Pobal ar a’n Iúl - Craobh na hÓmaí
87. Pobal Eascarrach Teo
88. Tuismitheoirí na Gaeltachta

10 gCúis Gur Chóir Tacú leis an bPlean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta:

  1. Tacaíonn tromlach na ndaoine leis an nGaeilge.*
  2. Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann, dar leis na daonáirimh.**
  3. Léirítear i suirbhé go bhfuil an pobal ar aon intinn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil.***
  4. Tá Conradh na Gaeilge agus breis ‘s 70 grúpa ar lorg €5 mhilliún níos ísle ná an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2008.
  5. Tugadh cúraimí agus dualgais bhreise d'Fhoras na Gaeilge agus d'Údarás na Gaeltachta gan acmhainní breise.
  6. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ó ghrúpaí pobail.
  7. D’fhéadfaí breis agus 1,160 post a chruthú leis an maoiniú atá á lorg.
  8. Bheadh tionchar dearfach aige seo ar gheilleagar an oileáin agus le forbairt gheilleagrach an oileáin.****
  9. Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge, mar shampla.
  10. Caithfidh na rialtais tosaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus muid ag druidim i dtreo 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge.

* Tacaíonn 93% den daonra ó dheas le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge, dar leis an ESRI & OÉ Maigh Nuad, 2009; ESRI, 2015.
** Daonáireamh 2011.
*** Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015.
**** Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015; Economic benefits associated with the Irish language which accrue to Galway City and to the Galway Gaeltacht, Gaillimh le Gaeilge, 2009.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.