43 Comhalta den Tionól Nuathofa Ag Tacú le hÉilimh Phobal na Gaeilge

#GaelVóta #AE16Gheall ionadaithe ó 4 pháirtí a toghadh ó thuaidh tacaíocht d’éilimh Ghaeilge arna aontú ag breis ‘s 80 grúpa pobail

Le 43 Comhalta den Tionól Reachtach (CTR) ag tacú go hoifigiúil le trí mhóréileamh phobal na Gaeilge tofa anois ó thuaidh, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar na baill seo na móréilimh sin a chur ag croílár na gcainteanna i dtaca leis an chéad chlár Rialtais eile. Toghadh 28 CTR ó Shinn Féin, 12 ón SDLP, beirt ó PBP agus duine amháin ón Alliance Party, a thacaigh go hoifigiúil leis na héilimh. 

Tá trí mhóréileamh phobal na Gaeilge mar bhunús an fheachtais #GaelVóta, éilimh a eascraíonn as plean ionadaíochta agus bearta ionadaíochta arna aontú ag breis ‘s 80 grúpa pobail Gaeilge:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht £2.16 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le postanna nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Pobail a bheadh báúil don Ghaeilge agus a bheadh ábalta mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh
  3. Go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a chinnteodh forbairt leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Léiríonn líon agus réimse na mball nuathofa an tacaíocht leathan atá ann don Ghaeilge ó thuaidh. Níl i gceist leis seo ach an chéad chéim áfach - anois an t-am chun gnímh. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar gach Comhalta den Tionól nuathofa na gealltanais a rinne siad féin agus a bpáirtithe ar son na teanga a chur ag croí na gcainteanna atá ar bun maidir le clár Rialtais.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní neart go cur le chéile – tá 43 Comhalta Tionóil, ó ceithre pháirtí, sa Rialtas nua ó thuaidh, anois ag tacú le héilimh phobal na Gaeilge. Beidh pobal na Gaeilge ag súil go gcuirfí a gcuid éileamh aontaithe san áireamh i gClár Rialtais an Fheidhmeannais don tréimhse amach romhainn. Tá géarghá le breis infheistíochta chun cur le deiseanna úsáide na Gaeilge ó thuaidh agus ní mór go gceapfaí Airí tiomanta don Ghaeilge i mbun Oideachais agus Pobail, agus na haireachtaí sin á roinnt sna seachtainí amach romhainn.”

Tá tuilleadh eolais faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus faoi éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile ar fáil ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter. Tá gach páirtí polaitíochta agus iarrthóir toghcháin ó thuaidh a thug tacaíocht oifigiúil do trí mhóréileamh phobal na Gaeilge go dtí seo foilsithe ar shuíomh Chonradh na Gaeilge ar www.cnag.ie/gaelvota mar chuid den fheachtas #GaelVóta.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge