#GaelVóta

TOGHCHÁIN 2019  #Gaelvóta

Tacaíocht leathan láidir léirithe don #GaelVóta sna Toghcháin Áitiúla agus sna Toghcháin Eorpacha

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge an #GaelVóta a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta Dé hAoine, 24 Bealtaine sna Toghcháin Áitiúla ó dheas agus sna Toghcháin Eorpacha thuaidh agus theas.

Tá réimse leathan iarrthóirí do Pharlaimint na hEorpa thuaidh agus theas agus an chuid is mó do na páirtithe ag cur iarrthóirí chun tosaigh sna toghcháin áitiúla ó dheas atá tar éis gealltanas a thabhairt leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht a láidriú má toghtar iad. Tá breis eolais thíos:

Toghcháin Áitiúla (ó dheas): Dé hAoine, 24 Bealtaine 2019

Toghcháin Eorpacha (ó thuaidh agus ó dheas): Dé hAoine, 24 Bealtaine 2019

Toghcháin Áitiúla (ó thuaidh): Déardaoin, 2 Bealtaine 2019

 

 

Toghcháin Áitiúla (ó dheas):

Dé hAoine, 24 Bealtaine 2019

2019 Billeog Pairtithe Theas

Tá trí ghealltanas lorgtha ag Conradh na Gaeilge ó na páirtithe sna toghcháin áitiúla. Is féidir teacht ar seasamh na bpáirtithe ag an nasc seo.

Tagann na gealltanais seo le spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, le pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus le forbairt straitéiseach, chomhtháite a dhéanamh do chur chun cinn na Gaeilge:2019 Bileog Theas
1. Go n-oibreoidh iarrthóirí le cinntiú go bhfostóidh a nÚdarás Áitiúil Oifigeach Gaeilge lánaimseartha mura bhfuil duine fostaithe chuige seo cheana féin 
2. Go n-oibreoidh iarrthóirí le cinntiú go dtabharfar ainmneacha i nGaeilge amháin d’fhorbairtí nua d’eastáit tithíochta i limistéar an Údaráis amach anseo, rud a spreagfadh íomhá na Gaeilge sa limistéar de réir a chéile.
3. Go gcinnteoidh iarrthóirí go gcuirfidh an tÚdarás Áitiúil plean teanga le chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn go straitéiseach i gceantar an Údaráis.

Tá nasc anseo d'eolas breise.

 

 

 

Toghcháin Eorpacha (Thuaidh & Theas):

Dé hAoine, 24 Bealtaine 2019

2019 Billeog Eoraip IarrthoiriTá trí ghealltanas lorgtha ag Conradh na Gaeilge ó iarrthóirí sna toghcháin Eorpacha. Is féidir teacht ar seasamh na n-iarrthóirí ag an nasc seo.

Maidir le toghchán na hEorpa, cuireadh béim ar na deiseanna atá ann i bParlaimint na hEorpa le stádas, forbairt agus íomhá na Gaeilge a chur chun cinn. Tá na gealltanais seo a leanas lorgtha ag Conradh na Gaeilge ó na hiarrthóiri don Pharlaimint: 2019 Bileog Eoraip
1. Go mbeidh Comhaltaí den Pharlaimint sásta Gaeilge a labhairt go rialta mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint - nó mura mbeidh siad compordach lena gcaighdeán Gaeilge, go mbeidh siad sásta iarracht a dhéanamh an méid atá acu a feabhsú, le hionadaíocht chuí a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.
2. Go gcinnteoidh Comhaltaí den Pharlaimint go mbeidh deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas ag deireadh 2021. Ba chóir go mbeidh aitheantas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oibre san Aontas agus í ar chomhchéim leis an 24 teanga oifigiúil eile den AE. Chuirfeadh sé seo le líon na bpost mar aistritheoirí, ateangairí, dlítheangeolaíthe agus foireann riaracháin le Gaeilge, gan aon chostas ar Rialtas na hÉireann, agus chuirfeadh sé le stádas na Gaeilge in Éirinn. Bheadh tionchar dearfach ar mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais ach go háirithe.
3. Go mbeidh Comhaltaí den Pharlaimint toilteanach tacú le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge leas a bhaint as polasaithe agus scéimeanna tacaíochta an Aontais Eorpaigh. Mura gcuirfear tacaíocht ar fáil do phobal na Gaeltachta ach go háirithe, ar phobal tuaithe iad den chuid is mó, bánófar na ceantair seo agus ní bheidh pobal labhartha Gaeilge fágtha iontu.

Tá nasc anseo d'eolas breise.

 

 

 

 

Toghcháin Áitiúla ó thuaidh:

Déardaoin, 2 Bealtaine 2019

2019 Bileog RPSan iomlán, tá 6 pháirtí ó thuaidh ag teacht le héilimh #GaelVóta ar son chur chun cinn na Gaeilge sna toghcháin áitiúla ó thuaidh. Tá tacaíocht faighte ag Conradh na Gaeilge ón Alliance, Aontú, SDLP, Sinn Féin, PBP agus Green Party chun go mbeadh polasaí Gaeilge sna comhairlí áitiúla ó thuaidh, polasaí a chinntíonn dualgas na Comhairle i leith na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh agus a luann gníomhartha maidir leis an ‘ghníomh dhiongbháilte’ a chumhdaíonn an Ghaeilge faoi mar a luaitear i gComhaontú Aoine an Chéasta. Is bunphrionsabal de chuid aon pholasaí den chinéal seo sna comhairlí ó thuaidh go mbeartaítear le dul i ngleic le claontacht agus caonfhulaingt agus le feasacht faoin Ghaeilge a chur chun cinn.

2019 Bileog ThuaidhTá tacaíocht leathan ann fosta ó réimse páirtithe do shéirbhísí Gaeilge bheith ar fáil do phobal na Gaeilge sna comhairlí áitiúla ó thuaidh a chlúdaíonn ról an Oifigigh Ghaeilge sna comhairlí. Luaitear sna héilimh fosta gealltanas maidir le tuilleadh feiceálachta don teanga trí tacú le polasaí forásach comharthaíochta don Ghaeilge sna comhairlí a éascaíonn rogha an chonaitheora le beartas cothrom agus daonlathach.

Tá an-áthas ar Chonradh na Gaeilge go bhfuil an oiread sin tacaíochta léirithe ag na páirtithe don Ghaeilge sna toghchain áitiúla ó thuaidh. Tá sé suntasach go bhfuil 6 pháirtí ag aontú gur chóir go mbeadh polasaí Gaeilge ag gach comhairle agus go bhfuil siad chun gníomhú leis sin a bhaint amach. Ní amháin sin, ach tá formhór de na páirtithe sin ar son seirbhísí agus comharthaíochta Gaeilge a bheith ar fáil ó gach comhairle. Thacódh sin de chur chuig go mór mór leis an bpobal áitiúil atá ag úsáid agus ag cur na Gaeilge chun cinn gach lá.

Leagtar na beartais thuasluaite amach i dtuarascáil imscrúdaithe de chuid Chonradh na Gaeilge, i gcomhar leis an CAJ agus Ollscoil Uladh, ‘Comhairlí Áitiúla, Dualgais agus an Ghaeilge: Creatlach Comhlíonta’, a sheol Coimisinéir Teanga na Breataine Bige níos luaithe i mbliana. Is bunchlocha aitheanta iad na beartais seo chun comhlíonadh na ndualgas idirnáisiúnta a chinntiú sna comhairlí áitiúla, de réir mar a leagtar iad amach sna conarthaí agus sna huirlisí idirnáisiúnta seo a leanas: An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (2001), An Creat- Choinbhinsiún um Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, Comhaontú Aoine an Chéasta (1998), Comhaontú Chill Rìmhinn (2006). Cinntíonn na beartais seo agus iad curtha i gcrích go mbeidh na comhairlí ag feidhmiú de réir an dlíthe idirnáisiúnta agus go ndéantar an Ghaeilge sna comhairlí a chosaint agus a chur chun cinn. Gabhann Conradh na Gaeilge buíochas leis na páirtithe atá ag tacú leis na héilimh seo agus muid ag súil le bheith ag bualadh leo ar fad sna laethanta agus sna seachtainí atá amach romhainn chun na beartais seo, agus chun breis chomhoibrithe ar son na Gaeilge, a phlé agus a fhorbairt ag dul chun tosaigh.”

Is féidir theacht ar eolas breise maidir seasamh na bpáirtithe ag an nasc seo. Agus tá físeán mínithe ar fáil ag an nasc seo.

Buíochas ó chroí le gach duine a rinne go leor oibre leis na héilimh seo ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn le cúpla mí anuas. 

FREAGRAÍ EILE 

FREAGRAÍ ‘EILE’ Ó FHINE GAEL:

AN GHAEILGE A CHUR CHUN CINN I BPOBAIL 
Tá cur chun cinn na Gaeilge i bpobail ar fud na tíre lárnach do thodhchaí na teanga agus d’fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bhaint amach. 
Tá oideachas ríthábhachtach maidir le forás a chur faoin teanga. Chomh maith leis na haidhmeanna atá leis an gcéad Pholasaí ón Stát don Oideachas Gaeltachta a seoladh sa bhliain 2016, caithfimid súil ar na bealaí is fearr chun forbairt Gaelscoileanna agus naíonraí a spreagadh i bpobail lasmuigh de na ceantair sheanbhunaithe Ghaeltachta. Tá tábhacht ar leith leis sin i dtaobh an phróisis pátrúnachta nua ina bhfuil vóta i gceist leis chun tuairimí tuismitheoirí agus caomhnóirí a fháil i leith scoileanna nua. 
Tá rannpháirtíocht an phobail ríthábhachtach chun cur le líon na gcainteoirí Gaeilge. Spreagfaimid eagraíochtaí áitiúla chun imeachtaí Gaeilge a eagrú - ranganna agus gníomhaíochtaí eile ina measc. 
Táimid i bhfách go mór le Líonraí nua Gaeilge a fhorbairt - in éineacht le líonraí atá ann cheana i gCluain Dolcáin, Inis agus Baile Locha Riach atá riachtanach chun tacú le ceantair nua Ghaeltachta a chruthú agus tacú leo.


FREAGRAÍ ‘EILE’ Ó PHÁIRTÍ AN LUCHT OIBRE:

1. An oibreoidh bhur gComhairleoirí lena chinntiú go bhfostóidh an tÚdarás Áitiúil Oifigeach Gaeilge lánaimseartha mura bhfuil duine fostaithe chuige seo cheana féin faoi láthair?
Inár bhforógra áitiúil, táimid tiomanta seirbhisí Comhairlí Áitiúla a bheith ar fáil do chách. Anuas air sin, beimid cinnte go mbeadh duine ar fáil i ngach Comhairle a mbeadh sásta labhairt leis an bpobal as Gaeilge chun deileáil le hiarratais. Ba cheart go mbeadh cumhacht gach Comhairle gníomhú ar son a gcuid pobal. Beidh Comhairleoirí Pháirtí an Lucht Oibre cinnte go bhfuil an chomhairle áitiúil ag co-oibriú leis an bpobal agus le grúpaí dheonacha agus phobail. Táimid go mór i bhfábhar féiltí Ghaeilge agus mórshiúil, cur chun cinn na Gaeilge san áireamh.
2. An oibreoidh bhur gComhairleoirí lena chinntiú go dtugtar ainmneacha i nGaeilge amháin d’fhorbairtí nua d’eastáit tithíochta i limistéar an Údaráis, rud a spreagfadh íomhá na Gaeilge sa limistéar de réir a chéile?
Tá Comhairleoirí Pháirtí an Lucht Oibre báúil d’ainmneacha eastáit tithíochta a bheith as Gaeilge, más é an forbróir agus / nó na cónaitheoirí a mholann sin.
3. An gcinnteoidh bhur gComhairleoirí go gcuireann an tÚdarás Áitiúil plean teanga le chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar an Údaráis?
Níl aon fheidhm faoi leith ag comhairlí áitiúla i leith Plean Teanga faoi láthair. Tá trí fheidhm ag comhairlí áitiúla a mholann Páirtí an Lucht Oibre tacú leis an teanga:
Forbairt leabharlainn
Glacadh le Creatlach Rannpháirtíocht Pobail Rialtas Áitiúil
Bunú ciste phobail chun tacú le tionscnamh pobail don teanga

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge