Ar chaill tú an seisiúin Gairmeacha le Gaeilge i do choláiste féin? An bhfuil níos mó eolas uait faoi earnáil ar leith? B’fhéidir go bhfuil tú díreach críochnaithe ar an Ollscoil agus níl tú cinnte faoin chéad céim eile?
Bhuel, ná bí buartha, tá deis agat go fóill freastal ar 4 Webinar speisialta le linn mhí an Mheithimh le saineolaithe i gceithre réimse éagsúla d'earnáil na Gaeilge.
Beidh tú réidh cuir isteach ar phost ar bith i ndiaidh freastal orthu!
Is féidir clárú anois anseo .
Is féidir teacht ar na folúntais reatha in earnáil na Gaeilge ag peig.ie/foluntais. Bí i dteagmháil le Dónall Ó hÉigeartaigh ag
Tá Gairmeacha le Gaeilge reáchtáilte mar chuid den obair 3ú Leibhéal atá ar bun faoin tionscadal Gluaiseacht, maoinithe ag an Roinn Túrasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán.
Mar chuid den tionsccadal sin rinneadh srath seimineár faoi dheiseanna éagsúla le Gaeilge a reachtáil. Tá taifead ar an seimineár faoin státseirbhís ar fáil anseo. Tá taifead ar an seiminéar faoin earnáil phoiblí ar fáil anseo. Tá taifead ar an seimineár maidir le deiseanna sna meáin le fáil anseo.
Bhí aíonna ó na hearnálacha éagsúla linn do ghach ceardlann, agus iad ag plé an chineál oibre a dhéanann siad, a gconair gairme, agus an oideachas, taithí agus scileanna atá in oiriúint dá gcineál oibre.
Cuireann PEIG.ie go leor ábhar cuidiúil ar fáil do dhaoine ag cuardach poist in earnáil na Gaeilge. Ar smaoinigh tú riamh ar cén cineál leagan amach a ba ceart go mbeadh ar do C.V? Céard faoi na deiseanna atá ann le post a bhaint amach san Aontas Eorpach? An bhfuil tú eolach ar na poist atá ar fáil faoi láthair? Caith súil ar na hacmhainní thíos i gcomhair tuilleadh eolais.
Clúdaítear na topaicí seo uilig agus níos mó sna ceardlanna thuasluaite, agus tá siad mar thacaíocht maith le súil a chaitheamh siar orthu tar éis na ceardlanna.
66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: