Skip to main content

Acht Gaeilge don Tuaisceart

Posted in Feachtais Reatha.

1221599896postaer pobal bus o bhaile tha cliath rpFoilsíodh Comhaontú Chill Rimhinn i mí Dheireadh Fómhair 2006, áit gur gheall rialtas na Breataine go reachtófaí acht Gaeilge don Tuaisceart trí Westminister mura n-éireodh leis teacht ón bhFeidhmeannas, ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag feitheamh le hacht a chosnaíonn a gcearta teanga.

Tá Acht Gaeilge cuimsitheach, ceartbhunaithe á éileamh ag an gConradh agus ag an Grúpa Comhordaithe um Acht Gaeilge don Tuaisceart le fada an lá. Le linn do dhá phróiseas rialtasach comhairliúcháin a reáchtáil POBAL, an scátheagras Gaeilge ó thuaidh, léirigh 75% do na freagraí tacaíocht d'Acht na Gaeilge, bunaithe ar mholtaí chuimsitheach cheartbhunaithe na heagraíochta d'Acht don tuaisceart. Le fada, tá reachtaíocht ann don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, don Ghàidhlig in Alban agus don Ghaeilge ó dheas agus is é an tuaisceart an t-aon áit ar na hoileáin seo nach bhfuil reachtaíocht intíre ann don phríomhtheanga dúchais.

Cuir an scéal ina cheart anois díreach agus Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. Ní gá ach brú ar an nasc le ríomhphost a sheoladh chuig an Taoiseach Enda Kenny agus is féidir teagmháil scríofa nó ar an nguthán a dhéanamh le David Cameron lena léiriú dó go gcaithfidh rialtas na Breataine an gealltanas a thug siad i gComhaontú Chill Rimhinn i nDeireadh Fómhair 2006 a chomhlíonadh láithreach:


David Cameron, Príomhaire na Breataine
Downing Street
Facs: +44 (0)207 925 0918
Guthán: +44 (0)207 276 2451 (Oifig Chomhaireachta)

Owen Paterson
Rúnaí Stát
OTÉ, Cnoc an Anfa
Guthán: +44 (0)28 90 520700
Facs: +44 (0)28 90 522655
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Oifig Thuaisceart Éireann, Londain
Guthán: +44 (0)207 210 6461
Facs: +44 (0)207 210 0246

Enda Kenny, Taoiseach
Guthán: +353 (0)1 6194000 / +353 1 6624888
Facs: +353 (0)1 6789791 / +353 (0)1 6789791
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is féidir cóipeanna de bhur litreacha agus teachtaireachtaí a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. freisin.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.