Tionól Gaeltachta 2014
Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2014
Gaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo
3 - 6 Iúil 2014
Barúntacht bheag in iarthuaisceart Mhaigh Eo atá in Iorras. Is é Béal an Mhuirthead an príomhbhaile sa cheantar agus is ceantar Gaeltachta é leithinis Mhuirthead le háilleacht nádúrtha, fhiáin an Atlantaigh ar an dá thaobh de. Is ar thránna aoibhne agus ar bhóithríní ársa Iorrais atá ár dtriail do Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2014 ó 3 - 6 Iúil i mbliana. Tá clú agus cáil ar leithéidí Chuan an Fhóid Duibh agus Chuan Oilí sa cheantar, agus fáilteofar roimh fhoghlaimeoirí agus roimh chainteoirí dúchais araon chun a scíth a ligean cois cuain linn ar an saoire Gaeltachta seo.
Tá praghas den scoth ar fáil ar an saoire seo le Conradh na Gaeilge, áit a bhfuil pacáistí éagsúla ar fáil ón Déardaoin - Domhnach agus ón Aoine - Domhnach (féach thíos). Áirítear leaba, bricfeasta agus béilí um thráthnóna sna pacáistí, mar aon le himeachtaí sóisialta agus siamsaíochta chun sult a bhaint as an gceantar sciamhach seo i gcomhluadar iomlán Gaeilge. Más craic, ceol agus áilleacht an iarthair atá á lorg agat, tar ar saoire go dtí an Tionól Gaeltachta!
DÉARDAOIN, 3 IÚIL 2014
9.00in Fáiltiú & Oscailt Oifigiúil le Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
Le tacaíocht ó Chlódhanna Teo. / An Siopa Leabhar
Ionad Deirbhile, An Eachléim
10.00in Seisiún Ceoil
Teach Úna’s
DÉ hAOINE, 4 IÚIL 2014
11.00rn Turas bád chuig Inis Geidhe
Teacht le chéile ag Cé an Fhóid Dubh
6.00in Béile tráthnóna
Óstán Talbóid, Béal an Mhuirthead
8.00in Seimineár: Stádas Ghaeltacht Mhaigh Eo
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead
10.00in Seisiún Ceoil
Teach John Joe
DÉ SATHAIRN, 5 IÚIL 2014
Beidh rogha imeachtaí breise ar fáil sa cheantar chomh maith agus cuirfear pacáiste eolais ar fáil do gach duine a chláraíonn don Tionól.
Níl na himeachtaí seo clúdaithe i dtáille an Tionóil.
1.00in Turas treoraithe ar an leithinis
Teacht le chéile ag Ionad Deirbhile, An Eachléim
4.00in Tráth na gCeist Boird
Ionad le cinntiú
6.00in Béile tráthnóna
Óstán Talbóid, Béal an Mhuirthead
8.00in Oíche Shiamsaíochta
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead
10.00in Seisiún Ceoil
Teach Úna’s & Teach John Joe
DÉ DOMHNAIGH, 6 IÚIL 2014
11.00rn Aifreann Gaeilge
An Eachléim
12.30in Clabhsúr
Ionad Deirbhile, An Eachléim
PACÁISTÍ SAOIRE:
Pacáiste 1: €240 Déardaoin - Domhnach: Leaba & Bricfeasta Déardaoin go dtí an Domhnach. Béilí tráthnóna Aoine & Satharn. Turas báid go hInis Geidhe. Seimineár: Stádas Ghaeltacht Mhaigh Eo. Siúlóid. Oíche Dhrámaíochta. Seisiúin Cheoil
Pacáiste 2: €190 Aoine - Domhnach: Leaba & Bricfeasta Aoine go dtí an Domhnach. Béilí tráthnóna Aoine & Satharn. Seimineár: Stádas Ghaeltacht Mhaigh Eo. Siúlóid. Oíche Dhrámaíochta. Seisiúin Cheoil
TUILLEADH EOLAIS & ÁIRTHINTÍ:
Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
+353 (0)1 4757401 |
Tá bileog eolais agus foirm chláraithe ar fáil anseo freisin.
SLÍ FHIÁIN AN ATLANTAIGH:
Féach ar an bhfíseán maidir leis an mbealach turasóireachta Slí Fhiáin an Atlantaigh: