bliain na gaeilge 2018

Teipthe ag scéimeanna teanga seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil don phobal

Is gá feidhmiú láithreach bonn ar mholtaí an Choimisinéara Teanga le seirbhís sásúil a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Chuir Conradh na Gaeilge an-suntas sa mhéad a bhí le rá ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, inniu Dé Máirt, 4 Aibreán,  sa tráchtaireacht atá foilsithe aige ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga atá mar chuid lárnach d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Seo cuid den mhéid a bhí le rá aige: “Níl an próiseas á stiúradh i dtreo a sprice, tá sé ar seachrán agus tá sé dulta i ndísc. Dá dheasca seo tá inchreidteacht an phróisis á chreimeadh”. Tá córas na scéimeanna in ainm is a bheith ag cur le réimse agus le caighdeán na seirbhíse a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ach is léir nach bhfuil sin ag tarlúint.

Tá an tráchtaireacht foilsithe aige mar thoradh ar a imní faoi fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga agus ar iarratas ó Bhuanchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán san Oireachtas ar mholtaí maidir le bealaí  ina bhféadfaí riaradh níos éifeachtaí a dhéanadh ar sholáthar na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. I réamhrá na tráchtaireachta deir an Coimisinéir gur chinn sé go raibh gá anailís a dhéanamh ar an bhfianaise a bhí ag teacht chun cinn sna scéimeanna teanga agus chuige sin bheartaigh sé anailís chríochnúil a dhéanamh ar na scéimeanna ar fad a daingníodh le dhá bhliain anuas chun féachaint an raibh patrúin faoi leith ag teacht chun cinn iontu.

Is léir ó thoradh na hoibre atá déanta ag an gCoimisinéir go bhfuil patrúin an-chinnte le feiceáil, patrúin a léiríonn go bhfuil ag teip ar na scéimeanna teanga seirbhís trí Ghaeilge a chinntiú do shaoránaigh na tíre agus freisin go bhfuil comhlachtaí poiblí áirithe ag diúltú tabhairt faoi scéimeanna teanga a ullmhú a chinntíonn go gcuirtear seirbhísí ar bith ar fáil trí Ghaeilge.

Ag trácht ar na sonraí atá foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dr Niall Comer: 

“Tá ardmholadh ag dul don Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, as an taighde críochnúil atá curtha os ár gcomhar, taighde a léiríonn lomchlár na fírinne - nach bhfuil ag éirí leis an gcóras reatha, nach bhfuil an tiomantas ag comhlachtaí poiblí seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil do shaoránaigh agus nach bhfuil bealach chun pionós a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí atá ag diúltú seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.” Lean Comer: Is léir nach dtuigeann an státchóras go bhfuil siad ann chun feidhmiú ar son shaoránaigh na tíre agus chun freastal ar mhianta an phobail. Léiríonn taighde an Choimisinéara an dearcadh sin atá acu agus nach bhfuil siad sásta cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge. Tá sé seo le feiceáil ach go háirithe san easpa dul chun cinn ó scéim go scéim agus go deimhin gur minic gur cúlú a bhíonn i gceist nuair a dhéantar uasdhátú ar scéimeanna. Is léir freisin a laghad aird  a thugtar ar sheirbhís i nGaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta nó chun a chinntiú go mbíonn foireann le Gaeilge fostaithe chun seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht.”

Dúirt Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn:

“Léiríonn an taighde seo go bhfuil teipthe ag córas na scéimeanna teanga agus go bhfuil gá gníomhú láithreach chun córas nua a chur in áit na scéimeanna, córas a bheith bunaithe ar chaighdeán seirbhíse comónta cinnte a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus ach go háirithe do phobal na Gaeltachta. Ní fiú a bheith ag iarraidh ar na pobail Ghaeltachta tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú má tá an stát chun neamhaird a thabhairt ar a ról féin. Is léir anois go bhfuil gá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú chun na fadhbanna follasacha atá nochta sa taighde seo a leighis. Caithfear aird a thabhairt ar na moltaí fiúntacha atá déanta  ag an gCoimisinéir Teanga agus beidh Conradh na Gaeilge ag lorg  tacaíochta ó gach páirtí polaitiúil anois chun na hathruithe seo a bhaint amach.”

Tá tuairisc an Choimisinéara Teanga, Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga, foilsithe ar an suíomh idirlín www.coimisineir.ie.

Críoch

Tuilleadh eolais:

Julian de Spáinn

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)86 8142757 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 (0)1 4757401

 

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóide / Leas-Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)87 4188050 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 (0)91 567824

 

Breis eolais don eagarthóir ó thráchtaireacht an Choimisinéara:

Riaradh na scéimeanna teanga:

  • 122 iarratas ar scéim teanga "ag seasamh amach ag deireadh na bliana 2016". Fiú dá mbeifeá in ann 20 scéim a aontú in aghaidh na bliana, thógfadh sé 6 bliana "breith suas ar líon na n-iarratas"
  • Tógann sé ar an meán 3.5 bliain ón am a iarrtar ar chomhlacht poiblí an chéad scéim teanga a ullmhú nó go mbíonn sí daingnithe.
  • "Má shocraíonn comhlacht poiblí cosa a chur i dtaca nó gan dul leis i ngleic leis an gcóras, mar is ceart, is beag gníomh praiticiúil is féidir leis an Aire a dhéanamh cé is moite den teip sin a thuairisciú chuig Tithe an Oireachtais, gníomh nár ghlacadh go fóill."

Caighdeán na Scéimeanna Teanga:

  • Cúlú leanúnach ar na gealltanais a dhéantar sna scéimeanna
  • Easpa dul chun cinn ó scéim go scéim
  • Easpa de shainaithint post le riachtanas Gaeilge agus de shocruithe earcaíochta fóirsteanacha
  • Teipeadh ar na scéimeanna seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht

Príomh-mholtaí:

  • Polasaí Earcaíochta nua a chur i bhfeidhm a dhéanann athchothromú ar líon na bhfostaithe stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge
  • Laghdú a dhéanamh ar réimse feidhme na scéimeanna teanga, de réir a chéile, trí níos mó seirbhísí a rialú faoi chóras rialachán.
  • Rangú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí

Comhlachtaí poiblí a thabhairt faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch seachas a bheith ag brath ar uasdátú sceidil faoi mar atá faoi láthair.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge