Skip to main content

Breithiúnas Deiridh ar an Athbhreithniú Breithiúnach in éadan an Fheidhmeannais san Ard-Chúirt

Cás Cúirte in éadan an FheidhmeannaisBreithiúnas deiridh ar an Athbhreithniú Breithiúnach atá á ghlacadh ag Conradh na Gaeilge, in éadan theip Fheidhmeannas TÉ glacadh le Straitéis Ghaeilge, le tabhairt san Ard-Chúirt i mBéal Feirste

Dáta:    Dé hAoine, 3 Márta 2017
Am:       10.00am
Láthair:  Ard-Chúirt Bhéal Feirste, Sráid Chichester, BT13JF

Rachaidh cás atá á ghlacadh ag Conradh na Gaeilge os comhair na hArd-Chúirte i mBéal Feirste de dheasca theip an Fheidhmeannais glacadh leis an Straitéis Ghaeilge ó thuaidh, mar a aontaíodh i gComhaontú Chill Rimhìnn 2006 agus ina gClár Rialtais féin 2011-15, agus in éadan theip an Fheidhmeannais a dhualgas a chomhlíonadh de bhun ailt 28D d’Acht TÉ 1998.

Tá sonraí ama an bhreithiúnais seo, maidin thorthaí an Toghcháin don Tionóil, fíor-spéisiúil, as siocair cheist na teanga bheith i gcroílár an dioscúrsa pholaitiúil le roinnt míonna anuas.

Bronnadh cead cúirte ar Chonradh na Gaeilge i mí na Bealtaine 2016 agus bhí éisteacht iomlán ann don chás san Ard-Chúirt i mBéal Feirste 8 Feabhra 2017.

TUILLEADH SONRAÍ & IAR-RÁITIS NUACHTA:

Cead Cúirte bronnta: http://bit.ly/27QPmhS
Éisteacht iomlán san Ard-Chúirt 8/2/2017: http://bit.ly/2mdGyTJ

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.