Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016?

Plé '16Seimineár dátheangach le cainteoirí idirnáisiúnta á eagrú ag Oifig na Gaeilge, TCD agus ag Conradh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide mar chuid den tsraith Plé ‘16

Cíorfar ráthúileacht ghluaiseacht na Gaeilge roimh Éirí Amach na Cásca 1916 agus i gcomhthéacs na linne comhaimseartha seo ag seimineár dátheangach poiblí arna eagrú ag Oifig na Gaeilge, TCD, agus Conradh na Gaeilge in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ar 7.00in Dé Luain, 23 Samhain 2015, agus an cheist Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016? á plé ag cainteoirí idirnáisiúnta agus as Éirinn.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is mór ag Conradh na Gaeilge an deis tús a chur leis an gcomhrá nua ar athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca le seoladh na sraithe de sheimineáir Plé ’16 i suíomh chomh stairiúil leis seo i gColáiste na Tríonóide, trasna an bhóthair ón teach inar rugadh na Piarsaigh.

“Ba é an Piarsach féin a dúirt go raibh sé mar chuspóir aige Éire, ní hamháin a bhí saor ach a bhí Gaelach freisin, a bhaint amach, agus is tráthúil an cheist í go mbeidh painéal de scoth na n-aoichainteoirí ó cheann ceann na tíre agus i gcéin á plé go mion ag seimineár an Chonartha i gcomhar le hOifig na Gaeilge – cad is brí le “Saor agus Gaelach” dúinn anois mar náisiún in 2016?”

Tabharfaidh aoichainteoirí ó chúlraí éagsúla a léargas féin ar an gceist Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016? ag an seimineár i gColáiste na Tríonóide ar 23 Samhain 2015, ina measc: An tOllamh Eunan O’Halpin ó Scoil na Staire i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; An tOllamh Allan I. MacInnes ó Ollscoil Shraith Chluaidh i nGlaschú, Albain; An Dr Chris McGimpsey, Iarchomhairleoir Cathrach i mBéal Feirste agus ball de Pháirtí Aontachtach Uladh; Íte Ní Chionnaith, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Iar-Léachtóir Sinsearach le Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC); An Ceart-Oirmhinneach Michael Burrows, Easpag Eaglais na hÉireann ar Chaiseal, ar Fhearna agus ar Osraí; agus Mary Harris, Léachtóir Sinsearach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG).

Deir Patrick Prendergast, Propast Choláiste na Tríonóide:

“Is mór an onóir do Choláiste na Tríonóide a bheith páirteach le Conradh na Gaeilge in imeacht chomh tábhachtach mar an plé seo ar Cad is Brí le “Saor agus Gaelach” i 2016? Tá Conradh na Gaeilge mar eagraíocht a raibh tionchar mór aici ar shaol na hÉireann sa tréimhse roimh Éirí Amach 1916, agus ar ndóigh bunaíodh é ag céimí iomráiteach de chuid an Choláiste, an scoláire agus céad uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde.

"Cuirfidh an tsraith seimineár “Plé ‘16” lón machnaimh ar fáil don phobal maidir le tábhacht athbheochan na Gaeilge i gcomhthéacs Éirí Amach 1916 agus an comóradh céid atá le teacht. Tá Oifig na Gaeilge anseo ag súil go ndéanfaidh an seimineár ar an 23 Samhain, agus bonn idirnáisiúnta leis, smaointeoireacht úr a spreagadh faoi na coincheapa “saoirse” agus “Gaelach” mar chuid den dioscúrsa náisiúnta atá spreagtha ag na comórtha.”

Beidh córas aistriúchán comhuaineach ar fáil don seimineár poiblí Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016? in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2, ar 7.00in Dé Luain, 23 Samhain 2015, agus feartar fáilte roimh chách freastal air.

TUILLEADH EOLAIS:

Aonghus Dwane
Oifigeach Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 (0)1 8963652 | 00353 (0)87 623 2841

Cuan Ó Seireadáin
Comhordaitheoir 2016, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00353 (0)1 4757401 | 00353 (0)86 402 4282

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Seolfar Clár Chomórtha Chonradh na Gaeilge do 2016 díreach roimh thús an tseimineáir in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide ag a 6 i.n.

Cuid de na ceisteanna eile a chíorfar i gcomhthéacs na mórcheiste Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016? ag an seimineár dátheangach Plé ’16 i gColáiste na Tríonóide ar 23 Samhain 2015 ná:

  • An oireann an tuiscint ar shaoirse a bhí ag cuid mhaith de ghluaiseacht na Gaeilge i 1916 do chomhthéacs ár linne féin?
  • An gá flaitheas polaitiúil i gcur chun cinn teanga?
  • Cén chiall a bhaineann Aontachtóirí le spéis acu sa Ghaeilge as an nasc idir “Saor agus Gaelach”?
  • Conas mar atá éagsúlacht teangacha curtha chun cinn sna náisiúin eile ar an hoileáin seo nár bhain flaitheas polaitiúil amach?
  • Conas mar a fhéachann an mionlach Protastúnach ó dheas ar oidhreacht 1916?
  • Cad is saoirse cultúrtha ann i ré an domhandaithe?

Oifig na Gaeilge, TCD ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i measc na foirne agus i measc na mac léinn, agus chun caidreamh a chothú le Gaeilgeoirí sa mhórphobal. Bíonn an tOifigeach Gaeilge ag obair le Coiste na Gaeilge chun an aidhm seo a bhaint amach. Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil do húdaráis agus do phobal na hollscoile mar gheall ar an Acht Teanga, agus soláthraíonn an Oifig seirbhís aistriúcháin Gaeilge do bhaill foirne. Chomh maith le sin, tá an cúram ar an Oifig scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn a riaradh. Tuilleadh eolais: www.tcd.ie/gaeloifig/

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í príomhaidhm an Chonartha an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Oibríonn an eagraíocht ar son na Gaeilge agus ar son gach duine a bhaineann leas as an teanga ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain. Tá nach mór 180 craobh ag Conradh na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga, agus is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur an Ghaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre – ó chúrsaí dlí agus oideachais, go forbairtí sna meáin agus seirbhísí trí Ghaeilge – ó bunaíodh Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú, agus bíonn baill na heagraíochta ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge