Slua mhór ag Comhdháil Idirnáisiúnta Cearta Teanga i mBaile Átha Cliath

D’fhreastal slua mhór ar an gComhdháil Idirnáisiúnta Cearta Teanga i mBaile Átha Cliath inniu. Pléadh na leasaithe atá pleanáilte ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an deis a bhéas ann i mbliana deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oibre oifigiúil san Aontas Eorpach. I measc na gcainteoirí bhí: Ombudsman na Catalóine, Rafael Ribó i Massó, a chuir lucht freastal na Comhdhála ar an eolas faoi chúrsaí cearta teanga sa Chatalóin, an Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, an Dr. Pádraig Ó Laighin, saineolaí ar chearta teanga san Eoraip, an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada, na Teachtaí Dála Éamon Ó Cuív, Seán Kyne, Lucinda Creighton, agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. Rinne Eimear Ní Chonaola, príomhláithreoir Nuachta TG4, agus Máirín Ní Ghadhra, láithreoir Nuacht a 1 ar Raidió na Gaeltachta, cathaoirleacht ar an gComhdháil. Labhair Uachtarán an Chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill, Daithí Mac Carthaigh, abhcóide, agus Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán ar an gConradh freisin.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill:

Má tá leasú le déanamh ar Acht bíodh na leasaithe sin ann chun Acht oiriúnach, feidhmeannach a thabhairt dúinn a chuireann le cearta teanga an tsaoránaigh.  Go macánta ní hé a oiread sin atá le moladh faoi na ceannteidil atá foilsithe.   Ar ndóigh fáiltím roimhe na gnéithe sin a chuireann le ceart an tsaoránaigh, an ceart a bhaineann leis an leagan Gaeilge d’ainm agus seoladh a úsáid, an cur chuige a chinnteoidh go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoin Acht go huathoibríoch.  Ach seachas iad sin agus mion athraithe teicniúla eile níl aon rud in sna ceannteidil a láidríonn cearta teanga.

Dúirt an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada FPE:

Mar bhean ón Ghaeltacht is cúis aiféala é domsa nach bhfuil mé in ann mo theanga féin a úsáid agus mé i mbun mo chuid oibre. Cuireann sé déistin orm nuair atáim ag suí sa Pharlaimint agus nuair a dúradh linn ag tús cruinniú go bhfuil seirbhís ateangaireachta ar fáil i ngach teanga. Dár ndóigh, ní bhíonn Gaeilge ar bith ar fáil.

Dúirt Ombudsman na Catalóine Rafael Ribó i Massó:

Níl aon cheart ag póilíní, nó údarás poiblí ar bith eile “i mBéarla amháin le do thoil” a iarraidh ort. Tá an ceart againn ar fad rogha a bheith againn. Is ceart daonna bunúsach é seo.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill:

Beidh trí deis ag na rialtais ar oileán na hÉireann le héilimh an phobail á shásamh i mbliana; 1) Ó dheas: Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus seirbhísí ón Stát a chur ar fáil don phobal ar an gcaighdeán céanna as Gaeilge agus as Béarla; 2) Ó thuaidh: Acht Gaeilge láidir a achtú agus a chur i bhfeidhm, agus; 3) San Eoraip: Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. Tá súil againn go nglacfaí an rialtas leis na moltaí seo.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge