Buairt Ar Uachtarán Mícheál D Ó Huiginn Maidir Le “Séanadh Cearta Daonna” Phobal na Gaeilge

Díomá léirithe ag Uachtarán na hÉireann faoi “leibhéal dealraitheach íseal cumais” sa Státchóras chun plé le saoránaigh gur mian leo plé leis an Stát agus a chuid gníomhaireachtaí trí Ghaeilge

Léirigh Uachtarán na hÉireann Mícheál D Ó hUiginn a dhíomá faoin “leibhéal dealraitheach íseal cumais atá sa Státchóras do na saoránaigh gur mian leo a chearta a chur i bhfeidhm agus bheith ag caidreamh as Gaeilge leis an Stát agus a chuid gníomhaireachtaí” ag ócáid in ómós an iar-Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag Áras an Uachtaráin i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, 05 Márta 2014, buairimh atá léirithe ag Conradh na Gaeilge le blianta beaga anuas.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Amhlaidh Uachtarán na hÉireann, tá Conradh na Gaeilge éirithe iontach buartha faoin gcaoi go bhfuil an bonn á bhaint de chearta teanga phobal na Gaeilge ag an stát, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. Ní hamháin go bhfuil drochchinneadh i ndiaidh drochchinnidh glactha ag an Rialtas i dtaca leis an nGaeilge chun aimhleasa na teanga, ach tá an reachtaíocht atá ann leis na cearta teanga sin a chosaint á lagú go leanúnach agus í ar díth na n-acmhainní cuí len’í a chur i bhfeidhm.

“Tá droim láimhe á thabhairt ag an stát ó dheas leis an nGaeilge le blianta fada anuas, ach tá uair na cinniúna buailte linn ó thaobh inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail na Gaeltachta anois, agus tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh méid na géarchéime seo, agus an róphráinn a bhaineann len’í a réiteach, a chur ina luí ar an Rialtas más mian linn go mairfidh an Ghaeilge mar níos mó ná comharthacht shiombalach amháin.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is léiriú é éirí as Ombudsman Seán Ó Cuirreáin óna ról mar Choimisinéir Teanga ar atá ag tarlú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht le cúpla bliain anuas. Níor sheas an tUasal Ó Cuirreáin siar de bharr nach raibh an toil nó an cumas aige an post a dhéanamh - tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta lánmhuiníneach as cumas an Choimisinéara - an fáth gur éirigh sé as, agus nach raibh an dara rogha aige, ná nach raibh an Rialtas ná ardbhainistíocht na státseirbhíse sásta éisteacht leis, ná na moltaí a chur sé chun cinn a thógáil ar bord.

“Ach seachas éisteacht leis agus aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a luaigh Seán Ó Cuirreáin i mí na Nollag 2013, agus go deimhin ar luaigh an tUachtarán Ó hUiginn níos luaithe an tseachtain seo, is cosúil go bhfuil run docht daingean ag an Rialtas ó dheas chun an bonn agus an misneach a bhaint ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta más fíor do dhréacht chinn bhille Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2014 mar atá feicthe ag Conradh na Gaeilge. Más léiriú iad na dréacht chinn bhille ar na leasuithe a bheidh á gcur i bhfeidhm sna míonna amach romhainn, beidh sé soiléir nár éist an Rialtas leis an bpobal i rith an athbhreithnithe dhá bhliain ó shin, ná leis an 10,000 duine a bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge ar 15 Feabhra 2014.”

Léirigh An tUachtarán Ó hUiginn dóchas do thodhchaí na Gaeilge freisin áfach, agus thagair sé do shonraí an daonáirimh a léiríonn athrú mór ar mheon daoine i leith na Gaeilge, ag rá nach bhfuil “aon stiogma, ceangailte le bochtanas agus eisimirce, á iompar ag an nGaeilge níos mó; tá sí ina siombail féiniúlachta tábhachtach d’Éireannaigh anois.”

Aontaíonn Conradh na Gaeilge leis an Uachtarán Ó hUiginn agus lena áitiús “go bhféadfar leas a bhaint as an athrú meoin ollmhór seo i bhfabhar na teanga ar bhealach a fhágfaidh an Ghaeilge ina cuid dhílis dár saol le chéile san am atá anois ann agus san am atá le teacht”, agus tá an t-eagras ag obair i dtreo cosaint chuí a chinntiú do chearta teanga phobal na Gaeilge thuaidh theas chuige seo. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Cóilín Ó Cearbhaill,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8599067 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 7 Márta 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge