Bleá Cliathach Tofa ina Uachtarán Úr Ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis 2014

Cóilín Ó Cearbhaill le tosaíocht a dhéanamh de Chearta do Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ina Ról Mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Tá Cóilín Ó Cearbhaill, Bleá Cliathach agus Tánaiste reatha Chonradh na Gaeilge, tofa ina Uachtarán úr ar an bhfóram daonlathach do phobal na Gaeilge ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCill Airne, Co. Chiarraí an deireadh seachtaine seo (28/02-02/03/2014).

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán nua tofa an Chonartha:

“Táim ag tnúth le tabhairt faoin dúshlán atá romham mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus tréimhse chinniúnach don Ghaeilge os ár gcomhair. Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta thuaidh theas spreagtha chun gnímh agus a gcearta teanga á lorg acu ó na Rialtais sna sála ar Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra ar a d’fhreastail suas le 10,000 duine air, Slán le Seán – mórshiúl i gConamara ar 23 Feabhra ar a d’fhreastail suas le 1,000 duine agus roimh An Lá Dearg i mBéal Feirste ar 12 Aibreán 2014.

"Ní mór do na státchórais agus na polaiteoirí sa ar fud an oileáin cosaint agus tacaíocht sásúil a thabhairt do phobal na Gaeilge ar fud na tíre, agus go gcinntítear go mbíonn Gaeilge líofa ag fostaithe stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016.”

Ritheadh rún éigeandála d’aon ghuth ag an Ard-Fheis mar gheall gur diúltaíodh giúiré dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla a cheadú i gcás Pheadair Uí Mhaicín ó Ros Muc, Co. na Gaillimhe Déardaoin (27 Feabhra 2014). Is mór an náire náisiúnta í gurb í Poblacht na hÉireann an t-aon tír neamhspleách nach féidir dul chun dlí i dteanga náisiúnta na tíre agus go dtuigfí thú sa chúirt gan ateangaire. Is é téacs an rúin:

Molann an Ard-Fheis an-aird ar chinneadh na Cúirte Uachtaraí faoin gceist faoi giúiré dátheangach i nGaeilge chomh maith le Béarla; mar leigheas moltar leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun a chinntiú go mbeidh ar chumas saoránach - as an nGaeltacht go háirithe – a bheith cinnte go dtuigfidh gach duine den ghiúiré an fhianaise go cruinn, gan cabhair, gan cúnamh.

Tá Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2014 ag moladh chomh maith go ndéanfaí aisghairm ar an Acht um Riar na Córa (Teanga) (Éire) 1737 a chuireann cosc ar úsáid teanga ar bith eile seachas an Béarla in imeachtaí cúirte ó thuaidh, le cearta teanga agus comhionannas sna cúirteanna a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an oileáin.

I measc na rún eile a glacadh leo ar an deireadh seachtaine, bhí na rúin seo a leanas ag tacú leis an bhfeachtas uile-oileanda le cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta:

  • Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;
  • Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;
  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;
  • Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;
  • Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
  • An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Cóilín Ó Cearbhaill,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8599067 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 02 Márta 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge