Cearta Teanga Á Lorg Ag Conradh na Gaeilge & AMLÉ An Nollaig Seo

Tá cearta teanga agus comhionannas do phobal labhartha na Gaeilge á lorg ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ón Rialtas um Nollaig.*

D’fhógair Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, go raibh sé ag éirí as a phost go luath an tseachtain seo caite (4 Nollaig 2013) mar thoradh ar imeallú leanúnach na teanga sa chóras riaracháin phoiblí agus cur i bhfeidhm uireasach, neamhleorach na scéimeanna reachtúla teanga le comhlachtaí poiblí; sna sála ar an bhfógra tobann tubaisteach seo, tá Conradh na Gaeilge agus AMLÉ ag iarraidh ar an Rialtas aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisinéara Teanga maidir le ceart gach saoránaigh plé le heagrais stáit trí Ghaeilge, agus cinnte a dhéanamh de go gcuirtear bearta i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an bpolasaí de Bhéarla éigeantach atá i réim i ranna stáit agus i gcomhlachtaí poiblí mar ábhar práinne.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Is tromchúiseach an cáineadh ar an Rialtas é gur mhothaigh an t-ombudsman do chearta teanga - ceaptha ag Uachtarán na hÉireann - nach raibh de rogha aige ach seasamh siar óna phost tráth gur chosúil go bhfuil dhá choiscéim á dtabhairt ar gcúl do gach ceann a thugtar chun tosaigh i gcur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí. Tá Conradh na Gaeilge agus AMLÉ ag éileamh ar an Rialtas an scéal a chur ina cheart mar ábhar práinne trí aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna atá ag déanamh imní don Choimisinéir Teanga láithreach, agus trí thacú le cearta teanga phobail na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na tíre sula seasann Seán Ó Cuirreáin siar san Athbhliain."

Arsa Feidhlim Seoighe, Leas Uachtarán don Ghaeilge le hAMLÉ:

"Is ionann cearta teanga agus cearta daonna; níl á lorg ag AMLÉ agus Conradh na Gaeilge ón Rialtas um Nollaig ach go bhfaigheadh an Ghaeilge an comhionannas atá ag dul di ón stát. Níl uainn ach go dtabharfadh an Rialtas a gceart bunúsach do Ghaeilgeoirí chun an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé le comhlachtaí stáit - ní gaotaireacht gháifeach amháin - agus ní mór dóibh cabhair seachas constaicí a chur roimh Oifig an Choimisinéara Teanga ina cuid oibre chun cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chosaint."

Tá AMLÉ agus Conradh na Gaeilge ag iarraidh cearta teanga do Ghaeilgeoirí, réiteach na bhfadhbanna ardaithe ag an gCoimisinéir Teanga, agus acmhainní cuí d’Oifig an Choimisinéara Teanga chun a cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán. CRÍOCH

* Beidh grianghraif ón ngairm ghrianghraf ar fáil do na meáin ó Conor McCabe +353 (0)85 7057255 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. um thráthnóna.

TUILLEADH EOLAIS:

Aodhán Ó Deá,
Comheagraí na Mac Léinn,
Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 3102691 / +353 (0)1 4757401

Feidhlim Seoighe
Leas Uachtarán don Ghaeilge,
Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ)
+353 (0)87 2241204 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 13 Nollaig 2013
LÁNCHOSC: 1.00in, 13 Nollaig 2013

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Liosta Nollag Chonradh na Gaeilge agus AMLÉ 2013:

  1. Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014; áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú leis seo.
  2. Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge líofa ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit.
  3. Is gá an líon earcaíochta san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a ardú ó 6% go 30% don chéad 10 mbliana eile – ghlacfadh sé breis agus 28 mbliana céatadán na foirne sa Roinn Oideachais agus Scileanna le líofacht sa Ghaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go 3% faoin gcóras nua atá beartaithe ag an Rialtas.
  4. Ní chóir go leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017.
  5. Is gá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta láithreach.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is é Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) an t-aon chomhlacht ionadaíoch náisiúnta do mhic léinn in Éirinn. Bunaithe i 1959, déanann AMLÉ ionadaíocht thar cheann níos mó ná 250,000 mac léinn ó bhreis agus 40 coláiste ar fud na hÉireann sa lá atá inniu ann. www.usi.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge