Coiste Fiosraithe Á Éileamh

Tá Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán atofa Chonradh na Gaeilge, ag éileamh go mbunófaí coiste fiosraithe neamhspleách chun iniúchadh iomlán a dhéanamh ar na himeachtaí laistigh den Roinn Oideachais agus Eolaíochta le breis agus 30 bliain anuas atá ina gcúis le drochstaid reatha múinte na Gaeilge.

 

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge nua 2009 - 2010: "Tá práinn ag baint le coiste neamhspleách a chur ar bun le hiniúchadh iomlán a dhéanamh ar na cinntí a ghlac an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i gcaitheamh na mblianta, agus ar an díobháil a deineadh don Ghaeilge laistigh den chóras oideachais ag an mbun, ag an dara agus ag an tríú leibhéal sa tír seo mar thoradh ar na drochchinntí sin."

 

"Ceann de na droch-chinntí seo is ea ciorclán 44/2007, a iarrann cosc a chur leis an luath-thumoideachas iomlán (LTi) i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta na tíre araon, in ainneoin an taighde idirnáisiúnta a thacaíonn leis an LTi mar scoth-chleachtas múinteoireachta. Tá éagóir oideachais á dhéanamh ar phobal na Gaeilge dá réir seo; agus tá éagóir á dhéanamh ar mhórphobal na tíre toisc nár chuir an Roinn chéanna cúrsa comhtháite Gaeilge ar fáil le haghaidh bhunscoileanna na tíre i gcoitinne le fiche bliain anuas."

 

Seasann an Conradh le ceart gach saoránach sároideachas a fháil trí mheán na Gaeilge, agus le dea-mhúineadh na Gaeilge ar fud an chórais, agus is iomaí rún a bhain le cúrsaí oideachais a tháinig chun cinn ag an Ard-Fheis san Óstán Abbey Court, an tAonach, Co. Thiobraid Árann thar an deireadh seachtaine 08 - 10 Bealtaine 2009.

I measc na n-éileamh a chuir craobhacha agus baill aonair an Chonartha os comhair na hArd-Fheise, tá rúin go dtarraingeodh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ciorclán 44/2007 siar láithreach; go gcuirfí faoiseamh cánach ar fáil do dhaoine fásta ag déanamh ranganna Gaeilge, faoi mar atá ann cheana féin i gcás teangacha eile nach teangacha oifigiúla iad; agus go bhféachfadh na húdaráis chuí chuige go ndéanfaí taighde ar bhonn uile-oileánda ar an luath-thumoideachas iomlán (LTi).

Tá Mac Fhearghusa ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó Ard-Fheis na bliana seo caite i Meán Fómhair 2008 agus atoghadh é ag Ard-Fheis an Chonartha 2009 Dé Sathairn, 09 Bealtaine 2009, gan freasúra.

Tréaslaíonn foireann agus baill uile an Chonartha leis an Uachtarán nua agus guíonn siad gach rath ar an obair a bheas á déanamh i bpáirt le pobal na Gaeilge sa bhliain romhainn.

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757


NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is éard atá i gceist le luath-thumoideachas iomlán ná córas nach múintear Béarla ann go ceann bliana nó dhó, go dtí go mbíonn an páiste in ann obair scoile agus cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge sa scoil. Tá fianaise ar fáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta go n-éiríonn go han-mhaith le páistí sa chóras tumoideachais agus go mbaintear amach sárchaighdeán sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Tá polasaí an luath-thumoideachais, mar atá á chleachtadh ag Gaelscoileanna ar fud fad na tíre faoi bhagairt ag ciorclán 0044/2007 a d'eisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta in 2007, a chuireann dualgas ar na scoileanna lán-Ghaeilge 2.5 uair an chloig de Bhéarla a theagasc gach seachtain ó thús an dara téarma de rang na naíonán sóisearach, ar a dhéanaí.


Is Cathaoirleach ar Chraobh Thrá Lí é Pádraig Mac Fhearghusa mar aon le ball gníomhach de Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge le tamall maith de bhlianta. Tá sé ina Uachtarán ar an gConradh ó Ard-Fheis na bliana seo caite i Meán Fómhair 2008. Is eagarthóir na hirise míosúla FEASTA é faoi chúram Clódhanna Teoranta, comhlacht foilseacháin an Chonartha, agus scríbhneoir cumasach. Is cathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí é Mac Fhearghusa, ar eagraigh sé a bhunú, agus bhí lámh aige i mbunú trí Ghaelscoil eile leis. Is iarchathaoirleach agus bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí é, scoil atá ag seasamh in aghaidh iarracht na Roinne Oideachais deireadh a chur le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge le ciorclán 44/2007.


Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893 tá baill an Chonartha ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné de shaol na tíre, agus ag saothrú go díograiseach chun úsáid na teanga a chothú ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú anois mar bhall aonair an Chonartha freisin. Eagraítear Ard-Fheis na heagraíochta in áit éagsúil gach bliain. Bíonn deis ag craobhacha agus ag baill aonair rúin a chur os comhair na hArd-Fheise chun gnó na heagraíochta a stiúradh i gcaitheamh na bliana dar gcionn, agus déantar Uachtarán agus Coiste Gnó na heagraíochta a thoghadh freisin. Is é Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann téama na hArd-Fheise 2009. www.cnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge