Moltaí an Chonartha don Chomhchoiste

Beidh toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge ag moladh cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge a chur i bhfeidhm sna scoileanna; comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha; scéim earcaíochta a cheapadh don tseirbhís phoiblí le béim ar earcaigh dhátheangacha inniúla a fhostú; agus a chinntiú go mbíonn ról fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht ag an údarás nua teanga atá luaite sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, nuair atá an Dréacht-Straitéis sin á plé ag cruinniú den Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dTeach Laighean ag 2.00in Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2010.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Géar-riachtanas is ea é go múinfí an Ghaeilge go héifeachtach ó thús go deireadh an chórais oideachais agus molann Conradh na Gaeilge go gcuirfí cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge i bhfeidhm ó na naíonán go dtí an tríú leibhéal mar ábhar práinne, agus go gcuirfí acmhainní ar fáil go leanúnach don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht (COGG) leis an gcúrsa seo a chur á fheidhmiú."

Creideann Conradh na Gaeilge gur ghá an-bhéim a leagadh ar oiliúint mhúinteoirí lena chinntiú go mbainfear spriocanna na Straitéise amach, agus moltar dea-nósmhaireachtaí i leith normalú agus úsáid na Gaeilge i measc ábhar oidí, trí ábhair a dhéanamh trí Ghaeilge ar an gcoláiste oiliúna agus trí tréimhse trí sheachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht ag tús an chúrsa oiliúna, mar shampla.

Measann an Conradh go bhfuil an-tábhacht ag baint le feiceálacht na Gaeilge leis an teanga a normalú agus a chur chun cinn sa phobal freisin, agus moltar comhstádas leis an mBéarla a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha, ionas go mbeidh an téacs i nGaeilge chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla ar gach comhartha nua amach anseo.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá ról ríthábhachtach ag an bpobal i gcur i gcrích Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais agus creideann an Conradh go mba chóir go mbeadh institiúid Ghaeilge ag plé leis an nGaeltacht agus leis an bpobal Gaeltachta mar chuid lárnach den Straitéis ar son chur chun cinn na teanga.

"Tá pobal na Gaeltachta i dteideal aitheantas ar leith ar bhonn teanga agus cultúir; ní féidir an Ghaeilge a bhuanú sa Ghaeltacht sa bhfadtréimhse, más neamhshuim leis an bpobal mór í, agus má dhiúltaíonn an státchóras i gcoitinne di. Mar sin creideann an Conradh gur chóir go mbeadh cúram ar an Údarás úr atá luaite sa Straitéis leanúint de bheith ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo, agus go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil don Údarás chuige seo."

Molann Conradh na Gaeilge scéim earcaíochta don tseirbhís phoiblí faoina gcinnteofaí go mbíonn líon dóthanach foirne inniúil ar an nGaeilge le seirbhís shásúil Gaeilge a sholáthar i ngach rannóg stáit. Ba lú an caiteachas ar sheirbhísí seachtracha aistriúcháin, dá mb'fheidir leis na státseirbhisigh féin an obair a chur i gcrích go hinmheánach.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go gcabhróidh an cur i láthair os comhair an Chomhchoiste Dála le haontas tras-pháirtí a chothú maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ar mhaithe le leanúnachas na Straitéise a chinntiú sa ghlúin romhainn.

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge