Comhaltas Uladh Ar Thóir Ardú Stádais don Ghaeilge i dToghcháin an Tionóil

Tá Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge ag éileamh ar iarrthóirí ó pháirtithe polaitíochta an Tionóil gealltanas a thabhairt go gcuirfear brú ar Rialtas Shasana deireadh a chur leis an riail nach gcaithfidh scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga go leibhéal GCSE. Creideann Comhaltas Uladh freisin gur chóir do na páirtithe tuilleadh brú a chur ar an rialtas chun Acht Gaeilge cuimsitheach, bunaithe ar chur chuige atá dírithe ar chearta a chur i bhfeidhm, má éiríonn leo sna toghcháin ar an Déardaoin, 5 Bealtaine 2011.

Arsa Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh: "Nuair a ghlac Páirtí an Lucht Oibre cinneadh sa bhliain 2004 nach mbeadh ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta go leibhéal GCSE, bhí impleachtaí móra ag an chinneadh seo ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna ó thuaidh; idir 2007 agus 2009 amháin, thit líon na scoláirí a rinne staidéar ar an Ghaeilge ag GCSE ó 2710 go 2084. I gcuid mhór scoileanna anois, bíonn ar na scoláirí rogha a dhéanamh sula dtosaíonn siad sa chéad bhliain den mheánscoil faoin teanga a ndéanfaidh siad staidéar uirthi a fhad le Bliain 10. Tá scoláirí ann nach ndéanann Gaeilge ar bith sa chóras meánscolaíochta anois, fiú i scoileanna atá an-bháúil don spórt agus don chultúr Ghaelach, agus bíonn stádas na Gaeilge sa scoil ag brath cuid mhór ar dhea-thoil an phríomhoide reatha."

Maidir le ceist Acht na Gaeilge, bhí an méid seo le rá ag Niall Comer: "Ar an dóigh chéanna, ba chóir Cothrom na Féinne a thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge ó thuaidh, agus tá Comhaltas Uladh ag éileamh ar na páirtithe polaitíochta a bheidh i gcumhacht amach anseo Acht Gaeilge ceartbhunaithe a ghníomhú láithreach chun cearta teanga na ndaoine sin ar mian leo Gaeilge a labhairt a chosaint, beag beann ar an phobal ná ar an chúlra polaitíochta lena mbaineann siad."

Tá Comhaltas Uladh go láidir den tuairim go bhfuil ról ríthábhachtach le himirt ag na heagrais chultúir sa Tuaisceart chun athmhuintearas a chothú idir phobail éagsúla na Sé Chontae, agus chun cultúr agus oidhreacht an Tuaiscirt a cheiliúradh le chéile, ach meas a bheith ag gach pobal ar a chéile.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Níl an Ghaeilge ag tír ná ag eacnamaíocht ar bith eile ar domhan chun rud uathúil ar leith a thairiscint do chuairteoirí chun na tíre, thuaidh agus theas, chun airgead a ghiniúint don earnáil turasóireachta, mar shampla. Creideann Conradh na Gaeilge gurb fhiú do Theachtaí an Tionóil nua a chinntiú go n-ardaítear stádas na Gaeilge sna scoileanna, agus go deimhin sa phobal trí chéile le hAcht Gaeilge, chun a chinntiú go mbaintear leas as an acmhainn luachmhar trasphobail atá againn sa teanga chun cabhrú le geilleagar an Tuaiscirt, go háirithe i dtaca le cúrsaí turasóireachta agus ceiliúradh cultúir." CRÍOCH

SONRAÍ TEAGMHÁLA:

Niall Comer
Uachtarán, Comhaltas Uladh
+44 (0)78 15319573
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Comhaltas Uladh a thugtar ar Chraobhacha Chonradh na Gaeilge i gCúige Uladh agus i gCo. Lú. Bunaíodh an eagraíocht i 1926 le hobair an Chonartha a riaradh ar fud an limistéir sin. Is é príomhchuspóir an eagrais an Ghaeilge a chur á labhairt mar ghnáth-theanga ar fud Chúige Uladh. Eagraíonn Comhaltas Uladh craobhacha, feiseanna, comórtais i labhairt na Gaeilge i measc daltaí scoile. Cuidíonn sé le grúpaí drámaíochta, le naíonraí agus le scoileanna lánGhaeilge sna 10 gcontae, agus déanann sé comhoibriú le hollscoileanna an tuaiscirt agus leis na coláistí oiliúna freisin. Bíonn scoileanna samhraidh á reáchtáil i nGaeltacht agus i nGalltacht an tuaiscirt agus tugann Comhaltas deontas ar scoláireachtaí d'fhoghlaimeoirí Gaeilge gach bliain. www.comhaltasuladh.com

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge