Searmanas Shinn Féin don Ghaeilge

Le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta go mór i mbéal an phobail le déanaí*, molann Conradh na Gaeilge an páirtí Sinn Féin as an deis a thapú le ceist úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus sna meáin chumarsáide a ardú trí shearmanas bhronnadh fáinní Gaeilge a eagrú i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath 2, ag 12.00in meánlae inniu, Dé Céadaoin, 29 Meitheamh 2011.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Tánaiste Chonradh na Gaeilge: "Is am cinniúnach don Ghaeilge é, go háirithe le creatlach fheidhmithe agus reachtaíocht don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 á leagadh síos ag an Rialtas faoi láthair, agus tá Sinn Féin le moladh as an tacaíocht atá á léiriú ag an bpáirtí d'úsáid na teanga sa Dáil, do chur i bhfeidhm na Straitéise ina hiomláine, agus d'Údarás na Gaeltachta."

Arsa An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta: "Tá Sinn Féin tiomanta ar son na Gaeilge agus táimid ag brú go láidir le go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt ag baill Thithe an Oireachtais amach anseo, os comhair na Dála agus an tSeanaid araon, agus go ndéantar cúrsaí na tíre trí chéile a phlé leis na meáin chumarsáide trí Ghaeilge freisin.
"Is léir go bhfuil Sinn Féin ag déanamh beart de réir a mbriathair ar son na Gaeilge cheana féin fiú, le hionadaithe an pháirtí ag labhairt as Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad go minic, agus trí phoiblíocht a ghiniúint don teanga le searmanas bhronnadh na bhfáinní Dé Céadaoin."

Maidir le cúrsaí polaitíochta á bplé trí Ghaeilge i dTithe an Oireachtais, dúirt Ó Cearbhaill: "Is minic nach dtugtar mórán airde sna meáin Bhéarla ar dhíospóireachtaí nó ar ábhar a phléitear trí mheán na Gaeilge sa Dáil nó sa Seanad, rud a chuireann drogall ar Theachtaí agus ar Sheanadóirí a gcuid Gaeilge a úsáid os comhair Thithe an Oireachtais.
"Chun an neamhchothroime seo a réiteach, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go gcuirfí plean i bhfeidhm i dTeach Laighean lena chinntiú go mbíonn na háiseanna aistriúcháin cuí ar fáil agus in úsáid ag na meáin Bhéarla, agus go gcuirtear cúrsa feasachta ar fáil do bhaill Thithe an Oireachtais agus d'iriseoirí araon maidir le hábhair pléite i nGaeilge a chur os comhair an phobail."

Eagraíonn Conradh na Gaeilge ciorcal comhrá i dTeach Laighean ar bhonn rialta chun deis a thabhairt do bhaill an Oireachtais a gcuid Ghaeilge a chleachtadh i suíomh sóisialta, neamhfhoirmeálta, le go mbeidh sé de mhuinín acu í a labhairt os comhair na Dála nó an tSeanaid amach anseo freisin. Tá gach eolas faoin gciorcal comhrá Is Leor Beirt i dTeach Laighean le fáil ó Shíne Nic an Ailí ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 01 4757401.

SONRAÍ TEAGMHÁLA:

Cóilín Ó Cearbhaill
Tánaiste Chonradh na Gaeilge
01 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 086 8599067

Trevor Ó Clochartaigh
Seanadóir Shinn Féin
087 2476624 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

* D'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta lá eolais i mBuswells chun Teachtaí Dála agus Seanadóirí a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ar an 01 Meitheamh 2011; reáchtáladh díospóireachtaí maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais sa Dáil ar an 26 Bealtaine 2011 agus sa Seanad ar an 09 Meitheamh 2011; agus thug an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta Dinny McGinley TD fógra maidir le hÚdarás na Gaeltachta ar an 03 Meitheamh 2011.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoin teideal Is Leor Beirt i 2009. An tuairim taobh thiar den scéim ná nach bhfuil slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge; is leor go mbeadh fiú beirt le Gaeilge sásta bualadh suas go rialta chun an teanga a labhairt, agus chun fáilte a chur roimh dhaoine eile le suim inti. Cabhraíonn sé seo le daoine ar an gcúpla focal an easpa muiníne agus an eagla roimh úsáid na Gaeilge a dhíbirt i gcomhluadar cairdiúil, neamhfhoirmeálta. Tionóladh an chéad Is Leor Beirt @ Teach Laighean ar an 04 Márta 2010. https://cnag.ie/index.php?page=feachtais&campaign_id=22

D'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta lá eolais agus comhairliúcháin do pholaiteoirí chun Teachtaí Dála agus Seanadóirí a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta don tríú bliain as a chéile i mbliana, Dé Céadaoin, 01 Meitheamh 2011. D'éirigh go han-mhaith leis an lá eolais a reáchtáladh anuraidh agus an bhliain roimhe sin ar an 6 Deireadh Fómhair 2010 agus 01 Nollaig 2009, agus labhair 90 TD agus Seanadóir le hionadaithe ó ghrúpaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cúrsaí teanga agus pleanáil sa Ghaeltacht ar an lá eolais arís i mbliana.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge