Ionadaithe ó Chraobhacha agus ó Bhaill de Chonradh na Gaeilge le bheith sa mhórshiúil, spásanna ar fáil sa toscaireacht.
Don chéad uair, beidh ionadaithe ó chraobhacha agus ó bhaill de Chonradh na Gaeilge i láthair sa mhórshiúl do Bród LADTA+ Átha Cliath, ar siúl 24 Meitheamh.
Is bliain chomórtha é 2023 d’imeachtaí tábhachtacha i stair Bród agus cearta LADTA+ i mBaile Átha Cliath. 50 bliain ó shin, bunaíodh an chéad ghrúpa LADTA+ i mBaile Átha Cliath, an Ghluaiseacht Shaoirse Gnéasach i gColáiste na Tríonóide. Tá comóradh freisin ar 40 bliain ó mhórshiúl cáiliúil Pháirc Fhionnradhairc, an chéad Pharáid do Bhród Átha Cliath agus tá comóradh 30 bliain ar dhíchoiriúlú na homaighnéasachta in Éirinn.
Más mian le daoine a bheith mar chuid de thoscaireacht Chonradh na Gaeilge i mórshiúl Bród, is féidir leo suim a léiriú anseo →
Níl ach líon áirithe ticéid ar fáil. Mar sin, rachaidh na pasanna chuig na céad daoine a thagann i dteagmháil linn.
Clár Ama an Lae - 24ú Meitheamh
- 10:30 rn - 6 Sráid Fhearchair, D02 VH98 - Is féidir leat fáil réidh don mhórshiúl anseo agus do rudaí a fhágáil anseo más mian leat.
- 11:30 rn - Bualadh taobh amuigh d'óstán an Gresham, ar shráid Uí Chonaill.
- 12:00 in - Tús an Mhórshiúil
Spriocdháta le hainmneacha a chlárú : Dé Máirt, 20 Meitheamh, 5 i.n.