Siompóisiam ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i TCD

Tá sé i gceist ag Scoil an Dlí agus Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, i gcomhar le Craobh na gCeithre Chúirteanna de Chonradh na Gaeilge (le tacaíocht ó Ghuth na Gaeltachta), Siompóisiam Poiblí a reáchtáil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i gColáiste na Tríonóide ar an Satharn 21 Eanáir 2012.

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Leasú chun Feabhais a bheidh mar theideal ar an Siompóisiam seo, atá á chur ar siúl i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá fógartha ag an Rialtas maidir le feidhmiú na reachtaíochta agus a héifeachtachta.

Tá cur chuige an tSiompóisiam bunaithe ar trí spriocanna:

1. SEISIÚN 1 (10.00-11.45RN): SÚIL SIAR A CHAITHEAMH AR FHORFHEIDHMIÚ NA REACHTAÍOCHTA Ó 2003 i leith, le haitheasc ón gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, maidir le taithí a oifige féin; aitheasc ó ionadaí as Roinn na hEalaíona, na hOidhreachta agus na Gaeltachta agus léargas a fháil ó Oifigeach Gaeilge in eagras poiblí maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta go hinmheánach in eagras.

2. SEISIÚN 2 (12.00-1.30IN): LÉARGAIS A FHÁIL AR ÉIFEACHTACHT NA REACHTAÍOCHTA, ó chleachtóir dlí (Dáithí Mac Cárthaigh BL) maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sa chóras dlí; ó Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearcadh eagras Ghaeilge ar éifeachtacht na reachtaíochta agus a dtuairimí lena fheabhsú; agus ó Éamonn MacNiallais ón bhfeachtas pobail Guth na Gaeltachta maidir leis an chaoi a fheidhmíonn an reachtaíocht ar son cearta teanga ar an talamh sna Gaeltachtaí agus na leasuithe a mheasann siad atá de dhíth.

3. SEISIÚN 3 (2.00-3.00IN): RÉIMSE LEATHAN TUAIRIMÍ AR CHEIST NA REACHTAÍOCHTA, NA H-ATHBHREITHNITHE AGUS A FHEABHSAITHE, A BHAILIÚ le chéile ó ionadaithe na n-eagras Ghaeilge agus ó dhaoine aonair, trí Fhóram Plé oscailte a éascú. Emer Ní Chonaola (TG4) a bheidh i mbun an Fhóram Plé.Is í Eimear Ní Chonaola an príomhláithreoir nuachta ar TG4. Is an Spidéal di ó dhúchas agus is céimí í d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh sé mar aidhm ag an Siompóisiam páipéar cuimsitheach a chur le chéile, bunaithe ar imeachtaí an lae, ar na ceisteanna uile atá le tabhairt san áireamh agus athbhreithniú an Rialtais ag dul ar aghaidh. Déanfar é seo trí Rapporteur /Tuairisceoir a fháil, a leanfaidh imeachtaí an lae go géar agus a thabharfaidh faoi pháipéar a chur le chéile. Cuirfear é seo ar fáil don Rialtas mar ábhar cúnaimh don phróiseas athbhreithnithe.

Beidh an ócáid seo oscailte do mhic léinn, cleachtóirí dlí agus phobal mór na Gaeilge, mar aon le hionadaithe ó na heagrais Ghaeilge, agus gach éinne le spéis san ábhar, agus beidh fáilte ar leith roimh ionchur san Fóram Plé.

Cuirfear sólaistí ar fáil. Tosóidh imeachtaí an lae ag 10.00am le fáilte ón Ollamh Gerry Whyte ó Scoil an Dlí, Coláiste na Tríonóide.

Sonraí na gcainteoirí

Seán Ó Cuirreáin

Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Athcheapadh ar an mbealach céanna é do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010. Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga leagtha amach san Acht agus tá neamhspleáchas iomlán aige ina ról mar Choimisinéir Teanga.

Dáithí Mac Cárthaigh

Is abhcóide é Dáithí Mac Cárthaigh. Chomh maith leis sin tá sé mar chomhordaitheoir Dlí agus Gaeilge le hÓstaí an Rí. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn.

Éamonn MacNiallais

Tá Éamonn Mac Niallais mar urlabhraí le Guth na Gaeltachta (feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta). Chomh maith leis sin tá Éamonn mar Riarthóir Ionad Ghaoth Dobhair d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tá eolas breise ar fáil ó na teagmhálaithe seo a leanas:

• Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge TCD.
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., Teil; +353 (0)1 896 3652, 087 6232841

• Eithne O'Doherty BL, Craobh na gCeithre Chúirteanna, Conradh na Gaeilge Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., Teil 086 8 380 380

• Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha & Oifige, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., Teil +353 (0)1 4757401, 087 6546673

Eolas breise:

Tá thart ar 510 mac léinn fochéime agus 170 mac léinn iarchéime i Scoil an Dlí, TCD. Cuireann an Scoil oideachas orthusan a bheidh ina gceannairí ar cheird an Dlí, an tseirbhís phoiblí agus an tsochaí. Bíonn foireann acadúil na Scoile tiomanta don léann agus tá neart téacsleabhar, leabhar cásanna agus tráchtas foilsithe acu i réimsí éagsúla den dlí, lena n-áirítear dlí na bunreachta, an riaracháin, na fianaise, an Aontais Eorpaigh, na gcearta daonna agus eile.

Tá Oifig na Gaeilge, TCD ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste, i measc na foirne agus i measc na mac léinn. Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil do údaráis agus do phobal an Choláiste mar gheall ar an Acht Teanga, Soláthraíonn an Oifig seirbhís aistriúcháin Gaeilge do bhaill foirne agus tá an cúram ar an Oifig scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn a riaradh. www.tcd.ie/gaeloifig

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe phoiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge