Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag moladh don Aire Oideachais go n-éireofaí as forbairt na gcúrsaí nua T1 agus T2 le tuilleadh taighde a dhéanamh.
Cinneadh tábhachtach atá anseo don Ardteist agus deis úr leis an bpolasaí #Gaeilge4All a fhorbairt.
Deir an CNCM: “nár baineadh amach fós fís agus cuspóir comhroinnte maidir le Gaeilge na hArdteistiméireachta”
Léiríodh imní chomh maith go bhféadfadh scoláirí atá ag freastal faoi láthair ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta “a shocrú aistriú go scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla” sa chás nach mbeadh cúiteamh breise ar fáil as T1. Tugadh le fios go bhféadfadh go roghnódh daoine gan clárú i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta ar an gcúis chéanna.
Dúirt 95% de mhúinteoirí i scoileanna T2 agus 91% i scoileanna T1, nár cheap siad gur “céim chun cinn dhearfach” a bhí sna sonraíochtaí nua.
Deirtear go bhfuil 'gá lena thuilleadh taighde faoin gcur chuige atá ann in áiteanna eile a mbíonn teanga á múineadh mar theanga dhúchais agus mar dhara teanga'.
Tá dea-chleachtas ag teastáil, agus is dea-chleachtas atáimid ag moladh le #Gaeilge4All
Táimid ag éileamh ón Aire Norma Foley le héisteacht le múinteoirí, daltaí, aontais, grúpaí pobail, Gaeilge agus Gaeltachta - anois an t-am leis an bpolasaí #Gaeilge4All, polasaí don Ghaeilge a fhreastalaíonn ar dhaltaí ón réamhscoil go 3ú leibhéal, a fhorbairt.
Foinsí:
https://tuairisc.ie/plean-do-dha-chursa-gaeilge-don-ardteist-le-caitheamh-i-dtraipisi/
