Páipéar 1 Gaeilge don Ardteist: Freagra ó Chonradh na Gaeilge

Tá cinneadh glactha ag an Aire Oideachais Páipéar 1 Gaeilge don Ardteist a bhogadh go deireadh an chúigiú bliain sa tSraith Shinsearach. Is cinneadh é seo nach bhfuil aon bhunús oideachasúil leis agus a bhfuil údar imní ina leith ardaithe taobh istigh den Roinn Oideachais féin mar is léir ó eolas atá  tagtha chun cinn trí cheist um shaoráil faisnéise le déanaí.

 

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais dul siar ar an gcinneadh seo agus tús a chur le Polasaí Gaeilge a fhorbairt gan a thuilleadh moille don chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, mar a gheall Fianna Fáil san olltoghchán in 2020.

Tá eolas foilsithe inniu mar thoradh ar cheist um shaoráil faisnéise a chuir Conradh na Gaeilge ar an Roinn Oideachais faoi bhunús an chinnidh na socruithe don Ghaeilge san Ardteist a athrú do na daltaí a bheidh ag tosú sa chúigiú bliain ó mhí Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh. Beidh ar na daltaí sin an páipéar 1 Gaeilge a dhéanamh ag deireadh an chúigiú bliain.

 

Ón eolas a tháinig tríd an gceist um shaoráil faisnéise, ní léir go bhfuil aon bhunús oideachasúil leis an gcinneadh a ghlac an tAire Oideachais. Sealbhaítear scileanna teanga idir scríobh, léamh, labhairt agus éísteacht ar bhealach chomhtháite thar thréimhse dhá bhliain na sraithe sinsearaí. Baintear úsáid as meáin éagsúla, téacsanna litríochta, téacsanna físe agus éisteachta agus téacsanna ó na meáin chomhaimseartha le topaicí an chúrsa a chlúdach agus scoláirí á n-ullmhú don Bhéaltriail agus do na tascanna scríofa a scrúdaítear ar Pháipéar 1 Gaeilge (ceapadóireacht, cluastuiscint). Tá an moladh seo go ndéanfar cuid de na scileanna a mheas ag deireadh an chúigiú bliain ag teacht salach ar an dea-chleachtas maidir leis an gcur chuige comhtháite i múineadh scileanna teanga.

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“De réir an eolais atá faighte ón gceist um shaoráil faisnéise a chuir an Conradh chuig an Roinn Oideachais maidir leis an gcinneadh páipéar 1 Gaeilge a bhogadh go deireadh bhliain a 5, is léir nach raibh aon bhunús oideachasúil ag baint leis an gcinneadh agus nach raibh aon phlé déanta le múinteoirí Gaeilge faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an athrú seo. Ní hamháin sin, ach bhí sé an-soiléir go raibh Coimisiúin na Scrúduithe Stáit buartha faoin bplean . Dúirt siad go minic sa chomhfhreagras go mbeadh gá na sonraíochtaí a athbhreithniú agus a chur in oiriúint dá mbogfaí Páipéar1  chun tosaigh níos mo ná cúpla seachtain agus luaigh siad an míbhuntáiste a d’fhéadfadh a bheith ann do bhuachaillí ó thaobh aibíochta de agus an cheapadóireacht á scrúdú ag deireadh bhliain a 5. Cuireann sé iontas orainn go ndeachaigh an Roinn Oideachais ar aghaidh leis an moladh agus an t-ábhar imní  seo curtha in iúl dóibh”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “

Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais, Norma Foley, TD dul siar ar an gcinneadh atá glactha aici Páipéar 1 a bhogadh go deireadh bhliain a 5. Chomh maith leis sin, táimid ag éileamh uirthi tús a chur le Polasaí Gaeilge a fhorbairt don chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal gan a thuilleadh moille, mar a gheall Fianna Fáil san olltoghchán i 2020 agus a bhfuil tagairt déanta de sa Chlár Rialtais. Ní dóigh linn gur cóir aon mhór-athrú a dhéanamh ar an nGaeilge sa chóras oideachais go dtí go mbeidh sé seo déanta.”

 

Críoch

 

Eolas don eagarthóir:

  • Tá tacaíocht láidir sa phobal do pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal de réir suirbhé déanta ag Kantar i 2022

 

Text, Teams

Description automatically generated

  • Is iad seo a leanas na cúiseanna oideachasúla nach bhfuil an t-athrú atá molta agat oiriúnach do Ghaeilge na hArdteiste.
  1. Sealbhaítear scileanna i scríobh na teanga ar bhealach chomhtháite idir chomhréir, ghramadach agus saibhreas foclóra  thar thréimhse dhá bhliain na sraithe sinsearaí. Baintear úsáid as meáin éagsúla lena n-áirítear téacsanna litríochta, téacsanna físe agus éisteachta agus téacsanna ó na meáin chomhaimseartha le topaicí an chúrsa a chlúdach agus scoláirí á n-ullmhú don Bhéaltriail agus do na tascanna scríofa a scrúdaítear ar Pháipéar 1 Gaeilge (ceapadóireacht, cluastuiscint). Tá an moladh seo go ndéanfar cuid de na scileanna a mheas ag deireadh an chúigiú bliain ag teacht salach ar an dea-chleachtas maidir leis an gcur chuige comhtháite i múineadh scileanna teanga (féach mar shampla  An Roinn Oideachais 2004).
  2. Níl sé indéanta na topaicí ar fad atá leagtha amach sa siollabas reatha agus na feidhmeanna i scríobh na teanga atá ag gabháil leo a chlúdach i mbliain amháin.  Má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm beidh athbhreithniú suntasach le déanamh ar an ábhar a bheidh le scrúdú ar Pháipéar 1 agus ar an ábhar a bheidh le clúdach sa siollabas. 
  3. Má scrúdaítear Páipéar 1 ag deireadh an chúigiú bliain, ní bheidh aon spreagadh ann do scoláirí scileanna i scríobh na teanga a shealbhú sa dara bliain den tsraith shinsearach. Is sa bhliain seo a thagann forbairt mhór ar na scileanna sin agus tacaíonn siad leis an dul chun cinn i labhairt na teanga.
    D’aithin Rúnaí Cúnta Ginearálta na Roinne Oideachais, Dalton Tatton, an fhadhb a bhaineann leis seo i gcaint a thug sé ag comhdháil an JMB  (tuairisc ag Emma O’Kelly ar RTE ar an 1 Samhain 2021)  Dalton Tattan warned that continuous assessment could lead to the fragmentation of learning, that a student assessed on a component at the end of fifth year could think "finished with that now, I don't need to know that ever again. I can close the book". Ag an gcomhdháil chéanna, léirigh Andrea Feeney, ceannasaí Choimisiún na Scrúduithe Stáit, buairt freisin faoi na himpleachtaí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe den chineál seo.
  4. Ón mbliain 2012 i leith, tá 40% de na marcanna san Ardteist Gaeilge ag dul ar an mBéaltriail, scrúdú a tharlaíonn dhá mhí roimh scrúduithe scríofa na hArdteiste. Laghdaíonn sé seo an brú a bhaineann leis an dá pháipéar scríofa sa Ghaeilge. Ní hionann cás na Gaeilge agus cás an Bhéarla, áit a bhfuil 100% de na marcanna ag brath ar scrúduithe scríofa.
  5. Tá laghdú suntasach ar mhéid na litríochta a bhfuil staidéar le déanamh uirthi don Ardteist ó tugadh isteach an 40% don Bhéaltriail. Rinneadh an t-athrú seo le go gcuirfí béim níos mó ar an teanga labhartha sa seomra ranga ach tá forbairt na teanga labhartha fite fuaite le forbairt na teanga scríofa. Saibhríonn na scileanna seo a chéile agus iad á bhforbairt sa seomra ranga.
  6. Ón mbliain 2012 tá ardú tagtha ar líon na scoláirí atá ag tabhairt faoin nGaeilge ag Ardleibhéal san Ardteist. Má chuirtear an t-athrú seo i bhfeidhm cruthófar deacrachtaí dóibh siúd a roghnaíonn Ardleibhéal sa chúigiú bliain agus a dtagann athrú intinne orthu sa séú bliain ar chúiseanna éagsúla. Mura bhfuil scoláirí cinnte faoin leibhéal is oiriúnaí dóibh ag tús na sraithe sinsearaí, is beag seans go roghnóidh siad Ardleibhéal.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh r-phoist a chosaint ó spambots. Ní mór duit JavaScript a chumasú chun féachaint air.