Dearbhaíonn an Ard-Chúirt arís gur “sháraigh” an Feidhmeannas an dlí trína dteip Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh

Breithiúnas tugtha ag Scoffield san Ard-Chúirt ó thuaidh maidir le hathbhreithniú breithiúnach a thug Conradh na Gaeilge ar cheist na Straitéise Gaeilge ó thuaidh

 

Image

Bhí bua eile ag Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt inniu nuair a dhearbhaigh an Breitheamh Scoffield gur “sháraigh” an Feidhmeannas an dlí (alt 28d d’Acht TÉ) nuair a theip orthu Straitéis den Ghaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh. Dar leis an Bhreitheamh, bhí easpa gnímh an Fheidhmeannais “mídhleathach” agus dhearbhaigh sé go mbeadh sé ag súil leis go dtabharfadh an chéad Fheidhmeannas eile Straitéis isteach don Ghaeilge “gan mhoill”. 

  • Tugadh cead i mí Meithimh 2021 do Chonradh na Gaeilge Athbhreithniú breithiúnach a thógáil i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh maidir leis an straitéis Ghaeilge nár cuireadh i bhfeidhm riamh. Tagann teip an Fheidhmeannais salach ar a gcuid dualgas faoin dlí de réir Alt 28d d’Acht TÉ 1998. 
  • Bhí éisteacht iomlán ann san Ard-Chúirt ar 4 Samhain 2021.
  • Ar an ábhar céanna, ar an 3 Márta 2017, d’fhógair an Breitheamh Maguire a chinneadh stairiúil in Ard-Chúirt Bhéal Feirste ar Athbhreithniú Breithiúnach a ghlac Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh de thairbhe theip an Fheidhmeannais glacadh leis an Straitéis Ghaeilge (2015-35) faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn (2006) agus i gClár Rialtais an Fheidhmeannas 2011-2015. Chinn an Breitheamh gur theip ar an Fheidhmeannas alt 28d d’Acht TÉ 1998 a chur i bhfeidhm. Tá Conradh na Gaeilge anois ag pilleadh chun na hArd-Chúirte le cur bhfeidhm an rialaithe sin a chinntiú. 
  • Gealladh an Straitéis Ghaeilge arís eile mar chuid de Chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh an straitéis sin ann faoi 6 mhí ón chomhaontú. Sa bhreis air sin, bhí am-scála maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm na straitéise le bheith foilsithe agus aontaithe ag an Fheidhmeannas faoi 3 mhí ón chomhaontú sin. 
  • Sa tréimhse idir 6 Samhain 2020 agus 24 Meitheamh 2021 rinne an tAire Pobal 26 iarracht an Straitéis a chur ar chlár oibre Choiste an Fheidhmeannais agus cuireadh cosc ar an iarratas sin 26 uair. 
  • Ó shin tá Painéal Saineolaithe curtha ar bun ag an Aire Pobal leis an cheist a fhorbairt mar aon le Coiste Comh-Deartha pobail. Foilsíodh tuairisc dheiridh Phainéal na Saineolaithe i mí na Feabhra 2022 agus leanann obair an Choiste Comh-deartha ar aghaidh idir an dá linn. Go dáta, níl aon dréacht-straitéis curtha i gcrích go fóill. 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

“Cúig bliana ar aghaidh ón bhua stairiúil a bhí againn san Ard-Chúirt in 2017 maidir le teip an Fheidhmeannais Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, bhí orainn pilleadh ar an Ard-Chúirt chun athbhreithniú breithiúnach as an nua a thabhairt ar an ábhar céanna. Tá breis agus 15 bliain imithe ó cuireadh an choimitmint don Straitéis seo sa dlí ag Comhaontú Chill Rímhinn. Ba chuid lárnach í seo fosta den chomhaontú a rinneadh in Eanáir 2022, mar chuid de Ré Nua Cur Chuige Nua. Níor comhlíonadh na coimitmintí sin riamh. Arís eile, tá dearbhú láidir agus stairiúil faighte againn ón Bhreitheamh inniu a deir gur sháraigh an Feidhmeannas an dlí trína dteip leanúnach Straitéis a thabhairt isteach. Tá fhios againn gur chuir an DUP cosc ar cheist na Straitéise dul ar chlár oibre Choiste an Fheidhmeannais 26 uair idir 2020 agus 2021, rud a chuir go mór leis an mhoill fhada. Tá muid ag súil leis anois go mbeidh dréacht-Straitéis réidh go luath, rud a bhfuil muid ag obair go dlúth air mar chuid den Choiste Comh-Deartha leis an Roinn Pobal. Beifear ag súil leis go nglacfaidh an chéad Fheidhmeannas eile leis an Straitéis sin láithreach.

Agus é ag gníomhú ar son Chonradh na Gaeilge, dúirt an t-aturnae Mícheál Ó Flannagáin:

“D’éisigh an Ard-Chúirt an dara dearbhú ar maidin gur theip ar an Fheidhmeannas Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, go raibh an teip sin mí-dhleathach agus gur sháraigh sé a ndualgas reachtúil ar an ábhar seo. Ní raibh fadhb ag an Bhreitheamh Scoffield rialú a thabhairt gur sháraigh an Feidhmeannas an dualgas reachtúil seo agus luaigh sé “go raibh de dhualgas ar an Fheidheammanas an cheist seo a réiteach go gasta” i ndiaidh an Chomhaontaithe Ré Nua Cur Chuige Nua, “agus gur theip orthu sin a dhéanamh.” Dhíbh an Ard-Chúirt fosta an moladh nach raibh aon chumhacht ag an Fheidhmannas cur i bhfeidhm na Straitéise féin a fhorbairt. Is rialú tábhachtach é sin ann féin. Thar aon ní eile tá dearbhú as an nua éisithe ag an chúirt go mbeifear ag súil leis go réiteoidh aon Fheidhmeannas nua an cheist seo gan mhoill.”

 

TUILLEADH EOLAIS agus NAISC

Is féidir theacht ar an eolas iomlán maidir leis an scéal seo ag na foinsí seo a leanas:

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge