Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht

26 Iúil 2021

Tá sé beartaithe ag Conradh na Gaeilge géarú ar an bhfeachtas do pholasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht, polasaí atá ag tarraingt tacaíochta ó réimse Comharchumainn Ghaeltachta agus Coistí pleanáil Teanga Ghaeltachta.  Maíonn Conradh na Gaeltachta go bhfuil sé ag éirí níos deacra agus níos deacra do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin. Séantar cead pleanála ar dhaoine ón áit ar an ábhar, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil ‘riachtanais áitiúla’ acu agus tá an sainmhíniú ar céard is ‘riachtanas áitiúil’ ann á chúngú agus á thachtadh i rith an ama. Ciallaíonn sé seo nach féidir le lánúin óga cead pleanála a fháil ina gceantar dúchais féin. Tagann sé seo salach freisin ar pholasaí an Rialtais ó thaobh na pleanála teanga de, mar a léirítear in Acht na Gaeltachta 2012.

 

Dúirt Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge: 

 

“Táimid ag éilimh go mbeidh an phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht dírithe ina iomláine ar bhuanú agus neartú an phobail Ghaeltachta. Mura bhfuil athrú treo maidir leis an bpleanáil tithíochta Ghaeltachta leanfar le bánú na Gaeltachta agus ní bheidh pobal fágtha chun an teanga a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Ní fiú a bheith ag iarraidh ar na pobail Ghaeltachta pleananna teanga a fhorbairt agus a fheidhmiú mura bhfuil an Stát chun a ról féin a ghlacadh. Seo réimse oibre nach féidir leis an bpobal féin a dhéanamh. Caithfidh an Stát a chinntiú, tríd an bpróiseas pleanála, go mbeidh deis ag pobal na Gaeltachta maireachtáil ina ndúiche féin. Caithfidh an Stát an próiseas pleanáil tithíochta a fhorbairt freisin lena cinntiú nach ndéanfar pobal na Gaeltachta a thachtadh le slua mór daoine gan Gaeilge teacht chun cónaí sa Ghaeltacht.”

 

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge: 

 

“Tá gá anois le feachtas stocaireachta chun dul i bhfeidhm ar an Aire Darragh O’Brien TD agus an Roinn Tithíochta, mar aon leis an Aire Catherine Martin TD agus an tAIre Stáit Jack Chambers TD agus Roinn na Gaeltachta chun a chur ina luí orthu an gá le haghaidh polasaí sonrach don Ghaeltacht. Is léir go bhfuil teipthe ag an gcóras reatha an Ghaeltacht a chosaint agus go leanfar le meath úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go deimhin bánú ceantair Ghaeltachta áirithe mura ngníomhaíonn an Stát chun an Ghaeltacht a chosaint.

 

Tá tús curtha againn leis an obair seo le cruinnithe le plé leis an Aire agus an Roinn Tithíochta, le Roinn na Gaeltachta agus le polaiteoirí eile ach níl an feachtas seo ach ina thús. Is léir domsa ón bplé a bhí agam arís le cúpla seachtain anuas lena Comharchumainn Ghaeltachta agus le hOifigigh Pleanáil Teanga  Ghaeltachta go bhfuil ceist na pleanála tithíochta ar cheann de na gnéithe is práinní maidir le todhchaí phobal na Gaeltachta. Is breá linn go bhfuil réimse leathan grúpaí ag tacú leis an bhfeachtas seo agus cuirfidh muid fáilte roimh gach duine agus eagraíocht atá sásta a pháirt féin a ghlacadh.”

 

Is féidir teacht ar mholtaí Chonradh na Gaeilge do pholasaí náisiúnta don phleanáil tithíocht sa Ghaeltacht ag: 28ME2021_Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht.pdf

 

Críoch

 

TUILLEADH EOLAIS:

 

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-ArdRúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge