Skip to main content

Soiléiriú agus cruinnithe lorgtha ag Conradh na Gaeilge le Fianna Fáil agus le Fine Gael maidir lena gcomhaontú nua agus an laghad tagairtí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Tá Conradh na Gaeilge tar éis scríobh chuig Fianna Fáil agus chuig Fine Gael ag lorg cruinnithe leo maidir leis an laghad tagairtí don Ghaeilge agus an easpa tagairte don Ghaeltacht in aon chor sa chomhaontú nua foilsithe ag an dá pháirtí inné le Rialtas nua a chur le chéile. 

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Tuigeann an Conradh, dar ndóigh, go raibh cuid mhaith den chomhaontú dírithe ar an éigeandáil ina bhfuilimid agus atógáil na tíre ina dhiaidh, ach bhí cuid mhaith den chomhaontú ag tagairt den chineál sochaí a mbeidh Fine Gael agus Fianna Fáil ag obair ina treo i ndiaidh na héigeandála agus tá na heasnaimh maidir le beartais shubstaintiúla agus chothroma don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ina n-ábhair ollmhór imní agus díomá.”

Seo cúpla tuairim atá ag Conradh na Gaeilge ar an gcomhaontú:

  • Údar ollmhór díomá atá ann nach bhfuil ‘An Ghaeltacht’ luaite oiread is uair amháin sa chomhaontú
  • Tá an dá thagairt don Ghaeilge sa chomhaontú an-lag. Luaitear aitheantas do ról na Gaeilge sa phobal agus deis do dhaoine óga leis an Gaeilge a thuiscint. Cad é an chiall le ceachtar den dá tagairt seo, go háirithe i gcomhthéacs na ngealltanas a thug an dá pháirtí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht san olltoghchán le déanaí?
  • Bhí deis iontach ann sa chaibidil ‘Conradh Sóisialta Nua’ le cearta an phobail, go háirithe pobal na Gaeltachta, leis an Ghaeilge a úsáid a lua go sonrach ann. Níor glacadh leis an deis agus tá cuma ar an scéal nach bhfuil an teanga mar thosaíocht sa chonradh sóisialta nua seo atá Fianna Fáil agus Fine Gael i ndiaidh a chur le chéile
  • Níl aon tagairt don Ghaeilge sa chaibidil ar Oideachas agus Taighde, cé go bhfuil géarghá le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, rud ar thug nach mór gach páirtí tacaíocht dó i rith an olltoghcháin

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí: 

“Is é an soiléiriú is mó atá ón gConradh ag an bpointe seo ná an mbeidh cáipéis eile ann amach anseo (Clár Rialtais ann fhéin mar shampla), leis na gealltanais a tugadh i rith an olltoghcháin san áireamh ann? Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta buartha nach mbeidh na gealltanais a tugadh san olltoghchán curtha sa Chlár Rialtais agus chomh maith leis sin, tá siad buartha go mbeidh siad fágtha taobh thiar, ar nós a rinneadh i 2008, nuair a chuirfear an tír ina cheart arís. Ní chabhraíonn an comhaontú nua idir Fine Gael agus Fianna Fáil leis an mbuairt sin a shárú.”

Tá cruinnithe físchomhdhála lorgtha ag Conradh na Gaeilge leis an dá pháirtí leis an gcomhaontú seo agus eile a phlé (ar nós na gcoláistí samhraidh, srl..) agus idir an dá linn táimid ag lorg soiléiriú ar an mbuncheist atá againn uathu an mbeidh cáipéis eile ann amach anseo (Clár Rialtais ann fhéin mar shampla), leis na gealltanais a tugadh i rith an olltoghcháin agus eile san áireamh ann?

 

Tuilleadh eolais:

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí. 086 8142757

Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí & Bainisteoir Abhcóideachta. 087 4188050

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.