“Dul chun cinn stáiriúil don phobal ach titeann seo go mór faoi na geallúintí reachtaíochta a rinneadh in 2006”

Cuirfear an reachtaíocht faoi dhian-scrúdú sna huaireanta an chloig, sna laethanta agus sna seachtainí atá amach romhainn

10 Eanáir 2020

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

Níl aon cheist ann ach gur dul chun cinn stáiriúil í an reachtaíocht seo do phobal na Gaeilge, mar gurb í seo an chéad uair go mbeidh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge, go mbeidh cosaintí dleathúla ann don teanga, agus go mbeidh Coimisinéir teanga ann, uilig don chéad uair i stair an stáit.

 

Tháinig an t-athrú seo mar thoradh ar dhian-fheachtasaíocht, ar ghluaiseacht phobal-bhunaithe a d’athraigh an dóigh a mbítear ag amharc ar cheist na Gaeilge, agus an dóigh a mbeidh an stát ag caitheamh linn mar phobal agus leis an Ghaeilge mar theanga chomh-roinnte. 

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin:

Tá an reachtaíocht seo ag teacht chun tosaigh mar Bhille a bhaineann leis an Ghaeilge a chuirfear isteach i gComhaontú Aoine an Chéasta mar phíosa nua, leis féin. Má ghlactar leis seo inniu, cinnteoidh muidne go gcloífear leis na forálacha seo agus ar chur i bhfeidhm iomlán na reachtaíochta seo, agus cuirfidh muid faoi scrúdú na moltaí agus na bearnaí ollmhóra sa phíosa seo sna laethanta, sna seachtainí agus sna míonna chun tosaigh.

 

Tá ceisteanna suntasacha anseo. Titeann seo go mór faoi na geallúintí a rinneadh in 2006, áit ar gealladh Acht Gaeilge bunaithe ar an Bhreatain Bheag. Tá bearnaí móra anseo i gcompráid leis an mhéid atá sa Bhreatain Bheag agus ó dheas araon.

 

Is ábhar ollmhór frustrachais gur fágadh ceist na comharthaíochta ar lár ar fad anseo agus níl ceist ar bith ann ach gur foinse ollmhór teannais a bheas anseo a dhéanfas mór-fhadhbanna a nochtadh sa tréimhse amach romhainn. Déanfar feidearthachtaí maidir le soláthar comharthaíochta fríd na caighdeáin teanga a fhiosrú agus a scrúdú láithreach.

 

De dheasca go mbeidh ról agus dualgais an Choimisinéara Teanga faoi chumhacht Oifig an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad Aire beidh veto ann i gcoinne príomh-fhórálacha na reachtaíochta maidir le seirbhísí. Níl ceist ar bith ann ach, má úsáidtear aon veto chun an teanga a ionsaí nó chun cosc a chur ar seirbhísí, níl ceist ar bith ann go gcrúthófar baol ollmhór d’aon Fheidhmeannas nua. 

 

Cuirtear fáilte roimh rudaí nua a moladh inár bplé-chaipéis; áisghairm an Phéindlí dheiridh 1737 agus beidh cead anois an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna, mar aon le húsáid na teanga sa Tionól, áit a ndéarnadh ionsaithe uirthi le fada an la, agus bunú lár-ionaid nua aistriúcháin. Cuirfear fáilte roimh Straitéis nua Gaeilge fosta, a chrúthóidh deis eile athruithe móra a bhaint amach don phobal.

 

Tosaíonn muid anois ag cur na reachtaíochta faoi scrúdú, mar aon leis na bhearnaí, a eascaíonn imeallú agus cos ar bolg go fóill. Tá comhairle dlí á lorg againn ar roinnt de na forálacha anseo, go háirithe an píosa maidir leis an phíosa ar stádas oifigiúil. Tá an mhór-thábhacht sa reachtaíocht, ach beidh an phríomh-thábhacht i gcur i bhfeidhm na reachtaíochta sin.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge