“Caithfidh aon Acht Gaeilge cearta agus aitheantas oifigiúil a chur ar fáil don phobal”

Cruinniú ag Conradh na Gaeilge le Rúnaí Stáit na Breataine inniu agus a choimitmintí maidir le hAcht Gaeilge curtha in iúl do Rialtas na Breataine

Ráiteas Nuachta | 5 Eanáir 2020

I ndiaidh an chruinnithe inniu, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Conradh na Gaeilge:

“Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an deis labhairt le Rúnaí Stáit na Breataine inniu. In 2006 gealladh Acht Gaeilge mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn. In 1998 gealladh go ndéanfaí ‘gníomh diogbháilte’ ar son na Gaeilge mar choimitmint de chuid Chomhaontú Aoine an Chéasta. Chuir muid i gcuimhne don Rúnaí Stáit inniu go bhfuil na coimitmintí seo fós le comhlíonadh ag an dá Rialtas. Thug muid an teachtaireacht sin don Tánaiste nuair a bhuail muid leis i mBaile Átha Cliath roimh na Nollaig chomh maith. Mhínigh muid arís don Rúnaí Stáit inniu go bhfuil géarghá le reachtaíocht éifeachtach a chinntíonn athruithe agus cearta dóibh siúd ar mhian leo an Ghaeilge a úsáid.

 

Ní mór go mbeadh an reachtaíocht seo bunaithe ar an dea-chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag agus ar an taithí ó dheas, díreach mar a gealladh i gComhaontú Chill Rìmhinn. Tá na hAchtanna sin neamhspleách ó aon reachtaíocht eile. Cinntíonn siad cearta agus meas. Éascaíonn siad seirbhísí agus comharthaíocht. Aithníonn siad na teangacha sin mar theangacha oifigiúila. Bunaíonn siad oifig an choimsinéara a dhéanann na teangacha sin a chosaint agus a chur chun cinn. Is é sin an caighdeán reachtaíochta atá le cur i bhfeidhm ag an dá Rialtas agus ag na páirtithe. Ní féidir go gcaithfí linn mar phobal, mar theaghlaigh, mar scoileanna, mar shaoránaigh den dara grád a thuilleadh.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge