Tacaíocht leathan láidir léirithe don #GaelVóta sna Toghcháin Áitiúla agus sna Toghcháin Eorpacha

 

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge an #GaelVóta a thógáil Táireamh agus iad ag caitheamh vóta Dé hAoine, 24 Bealtaine sna Toghcháin Áitiúla ó dheas agus sna Toghcháin Eorpacha thuaidh agus theas.

Tá réimse leathan iarrthóirí do Pharlaimint na hEorpa thuaidh agus theas agus an chuid is mó do na páirtithe ag cur iarrthóirí chun tosaigh sna toghcháin áitiúla ó dheas atá tar éis gealltanas a thabhairt leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht a láidriú má thoghtar iad. Tá na hiarrthóirí agus na páirtithe ar fad atá ag tacú leis na ngealltanas ar fáil ag www.cnag.ie/gaelvota agus beidh Conradh na Gaeilge ag scaipeadh an eolais seo ar an bpobal idir anois agus lá na dtoghchán.  

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr. Niall Comer;
“Táimid an-sásta leis an tacaíocht leathan agus láidir léirithe ag iarrthóirí agus ag páirtithe polaitiúla do na gealltanais Gaeilge agus Gaeltachta a chuireamar os a gcomhair le cúpla seachtain anuas. Táimid anois ag iarraidh ar an bpobal na hiarrthóirí atá ag tabhairt gealltanas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a thógáil san áireamh ar an 24 Bealtaine. Úsáid do #GaelVóta.”

Tá trí ghealltanas lorgtha ag Conradh na Gaeilge ó iarrthóirí sna toghcháin áitiúla. Tagann na gealltanais seo le spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, le pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus le forbairt straitéiseach, chomh-tháite a dhéanamh do chur chun cinn na Gaeilge.

  1. Go n-oibreoidh iarrthóirí le cinntiú go bhfostóidh a nÚdarás Áitiúil Oifigeach Gaeilge lánaimseartha mura bhfuil duine fostaithe chuige seo cheana féin
  2. Go n-oibreoidh iarrthóirí le cinntiú go dtabharfar ainmneacha i nGaeilge amháin d’fhorbairtí nua d’eastáit tithíochta i limistéar an Údaráis amach anseo, rud a spreagfadh íomhá na Gaeilge sa limistéar de réir a chéile.
  3. Go gcinnteoidh iarrthóirí go gcuirfidh an tÚdarás Áitiúil plean teanga le chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn go straitéiseach i gceantar an Údaráis.

Deir Julian De Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge;
“Is gealltanais shimplí agus indéanta a lorg Conradh na Gaeilge ó iarrthóirí sna toghcháin áitiúla ó dheas agus Eorpacha thuaidh agus theas, ach tá ról tábhachtach ag gach gealltanas i gcur chun cinn na teanga.  Mar shampla, maidir leis an ngealltanas d’ainmneacha Gaeilge ar fhorbairtí nua, tá sé feicthe againn i nGaillimh go mbíonn deá-thionchar ag polasaí den chineál seo. Mar gheall ar an ngealltanas faighte ag Gaillimh le Gaeilge i 1993, tá ainm Gaeilge ar 99% de na heastáit i gcathair na Gaillimhe sa lá atá ann inniu, rud a chuireann le feiceálacht na teanga agus a éascaíonn í a normalú i measc an phobail."

Maidir le toghchán na hEorpa, cuireadh béim ar na deiseanna atá ann i bParlaimint na hEorpa le stádas, forbairt agus íomhá na Gaeilge a chur chun cinn.  Tá na gealltanais seo a leanas lorgtha ag Conradh na Gaeilge ó na hiarrthóirí don Pharlaimint:

  1. Go mbeidh Comhaltaí den Pharlaimint sásta Gaeilge a labhairt go rialta mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint - nó mura mbeidh siad compordach lena gcaighdeán Gaeilge, go mbeidh siad sásta iarracht a dhéanamh an méid atá acu a fheabhsú, le hionadaíocht chuí a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.

  2. Go gcinnteoidh Comhaltaí den Pharlaimint go mbeidh deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas ag deireadh 2021.  Ba chóir go mbeidh aitheantas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oibre san Aontas agus í ar chomhchéim leis an 24 teanga oifigiúil eile den AE.
    Chuirfeadh sé seo le líon na bpost mar aistritheoirí, ateangairí, dlítheangeolaithe agus foireann riaracháin le Gaeilge, gan aon chostas ar Rialtas na hÉireann, agus chuirfeadh sé le stádas na Gaeilge in Éirinn.  Bheadh tionchar dearfach ar mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais ach go háirithe.

  3. Go mbeidh Comhaltaí den Pharlaimint toilteanach tacú le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge leas a bhaint as polasaithe agus scéimeanna tacaíochta an Aontais Eorpaigh.  Mura gcuirfear tacaíocht ar fáil do phobal na Gaeltachta ach go háirithe, ar phobal tuaithe iad den chuid is mó, bánófar na ceantair seo agus ní bheidh pobal labhartha Gaeilge fágtha iontu.

Gach eolas faoin bhfeachtas ag cnag.ie/GaelVota

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge