Ag Teipeadh ar RTÉ Dualgas Reachtúil a Chomhlíonadh ó thaobh na Gaeilge de

Gan ach 0.7% de Chraoladh Teilifíse an Chraoltóra Náisiúnta i nGaeilge

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga go bhfuil ag teipeadh ar RTÉ réimse cuimsitheach de chláir theilifíse as Gaeilge a chur ar fáil. Cruthaítear in imscrúdú sa Tuarascáil nach bhfuil an craoltóir náisiúnta ag comhlíonadh an dualgais reachtúil atá air de bhun an Achta Chraolacháin, 2009.

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr. Niall Comer;
“Tá cáil ar RTÉ go háirithe mar gheall ar na cláir theilifíse a chruthaíonn siad agus a chraoltar ar a chuid stáisiún teilifíse.  Is mór an scannal é, mar sin, a laghad de chláir Ghaeilge agus an réimse cúng clár atá ar fáil faoi láthair. 

In 2017, thar an dá stáisiún teilifíse atá ag RTÉ, rinneadh 18,657 uair an chloig de chraolachán. Ní raibh i nGaeilge ach 123 uair an chloig, 0.7% den ábhar craolacháin sin.  Is gá gníomhú láithreach bonn leis réimse clár as Gaeilge a leathnú go suntasach.”

Molann an Conradh go ndéanfaí na rudaí seo a leanas go práinneach le dul i ngleic leis seo:

  1. Plean chun Cláir a Sholáthar as Gaeilge a fhorbairt go práinneach

  2. Tógáil ar an rogha tráchtaireachta Gaeilge ar chluichí spóirt agus é a chur ar fáil do chuile chluiche náisiúnta rugbaí, chuile cluiche idirnáisiúnta sacair chomh maith le chuile cluiche CLG a chraolfar ar RTÉ

  3. A leithéid de RTÉ Jr a chur ar fáil as Gaeilge, rud a thacódh le tuismitheoirí ar mhaith leo a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, agus leis an nGaeilge sa chóras oideachais. 

Beidh cruinniú ag Conradh na Gaeilge le hArd Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, an tseachtain seo chugainn. Tabharfaimid moladh don soláthar Gaeilge, mar shampla, ar Raidió na Gaeltachta, RTÉ 2FM, agus ar ardáin dhigiteacha an chraoltóra, ach beidh muid ag díriú go príomha ar na ceisteanna ag éirí as Tuarascáil an Choimisinéara Teanga agus na moltaí thuasluaite léi.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn;
“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge moladh a thabhairt d’obair an Choimisinéara Teanga le bliain anuas. Níl aon dabht ach go bhfuil an obair a dhéanann sé agus a oifig ríthábhachtach le cearta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chosaint. 

Léiríonn an méid luaite i dTuarascáil an Choimisinéara Teanga an phráinn atá le Bille na dTeangacha Oifigiúla a chur os comhair Thithe an Oireachtais agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais, féachaint chuige go dtarlóidh seo gan a thuilleadh moille.  Faoi láthair, i measc 650 comhlacht poiblí, níl ach 132 scéim teanga ag feidhmiú (agus cuid mhór acu siúd imithe in éag). Tá sé in am deireadh a chur le córas lochtach na scéimeanna teanga agus bogadh ar aghaidh chuig na caighdeáin mar atá luaite i gceannteidil an Bhille”.

 
 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge