bliain na gaeilge 2018

Taighde nua Chonradh na Gaeilge seolta inniu ag Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige

Taighde nua Chonradh na Gaeilge seolta inniu ag Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, maidir le cur i bhfeidhm na Gaeilge sna comhairlí ó thuaidh

Sheol Conradh na Gaeilge, i gcomhair leis an Choiste um Riar an Chirt (CAJ), agus Ollscoil Uladh taighde nua inniu (14 Márta 2019) i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste a dhéanann iniúchadh ar úsáid na Gaeilge sna comhairlí ó thuaidh. Tá taighde bunaithe ar chreatlach nua monatóireachta deartha de réir dualgais i leith na teanga a leagtar amach i gconarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta. Is í Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, a sheol an taighde ag an ócáid tráthnóna.

Tá dualgais maidir le cosaint na Gaeilge cumhdaithe i roinnt conarthaí éagsúla atá déanta ó na 1990idí ar aghaidh. Tá siad seo a leanas ina measc:
An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, 2001; An Creat-Choinbhinsiún um Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint; Comhaontú Aoine an Chéasta, 1998; Comhaontú Chill Rìmhinn, 2006; agus An Cúnant Idirnáisiúnta um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha, 1976.

Tá an creat seo bunaithe ar chúig bheart uileghabhálacha, mar atá:

1: Polasaí Gaeilge

2: Áiseanna a chur ar fáil chun an Gaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú

3. Dul i ngleic le claontacht agus caoinfhulaingt agus feasacht faoin Ghaeilge a chur chun cinn

4. Seirbhísí i nGaeilge a sholáthar

5: Bac a chur le leithcheal, céimeanna ar gcúl agus constaicí

In ainneoin gealltanais a bheith déanta bunaithe ar chonarthaí éagsúla agus samplaí den dea-chleachtas a bheith le fáil anseo is ansiúd, tá aird tarraingthe go minic ar neamh-chomhlíonadh na ngealltanas déanta i gconarthaí ag coistí monatóireachta de chuid na Náisiún Aontaithe (NA) agus Chomhairle na hEorpa (CE) a bhfuil sé mar dhualgas orthu cur i bhfeidhm a oibleagáidí ag an stát a mheas. Cuireann an taighde seo leis an mhéid sin.

Ag caint ag seoladh na tuairisce inniu, dúirt Meri Huws, Coimisinéir Teanga:

“Mae deddfu ar yr iaith Gymraeg wedi bod elfen greiddiol wrth ddatblygu’r defnydd o’r Gymraeg mewn cymunedau ledled Cymru.  Mae deddfu ieithyddol yn cael ei gydnabod ar draws y byd fel elfen allweddol i warchod a hyrwyddo ieithoedd.  Mae deddfu ieithyddol yn sicrhau fod cynghorau lleol yn chwarae rhan allweddol wrth ddarparu gwasanaethau i gymunedau sydd â iaith leiafrifol.  Mae’r ddogfen hon yn cynnig arweiniad gwerthfawr i’w gwneud hi’n haws i gymunedau a llywodraeth leol gydweithio er mwyn cynnig gwasanaethau yn y Wyddeleg.”

“Ta reachtaíocht don Bhreatnais lárnach i bhforbairt úsáid na teanga sna pobail airithe ar fud na Breataine Bige. Aithnítear reachtaíocht do theangacha ar fud an domhain mar ghné lárnach chun teangacha a chosaint agus a chur chun cinn. Cinntíonn reachtaíocht teanga go mbíonn ról tábhachtach ag comhairlí áitiúla maidir le seirbhísí a sholáthar do phobail teangacha mionlaigh. Sa cháipéis seo ta treoir luachmhar chun comhoibriú idir na pobail airithe agus an rialtas áitiúil a éascú chun seirbhísí a sholáthar tri mheán na Gaeilge.”

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Tá tábhacht ar leith le comhairlí áitiúla maidir le dualgais an stáit i leith phobal na Gaeilge a chomhlíonadh. Tá údarás ag comhairlí i dtaca le ceisteanna éagsúla amhail comharthaí sráide agus forbairt phobail, agus tá ról acu i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus oidhreachta. Sna sála ar na tuairiscí leanúnacha atá foilsithe ag coistí monatóireachta de chuid na Náisiún Aontaithe agus de chuid Chomhairle na hEorpa, nochtar sa taighde seo láidreachtaí agus láigí na gComhairlí áitiúla i dtaobh na Gaeilge, agus i dtaobh na ndualgas atá orthu i dtaobh na teanga. Tá súil againn, agus muid ag dul chun tosaigh, go mbeidh muid ábalta tacú leis na comhairlí agus iad ar a ndícheall bheith ag teacht leis na dualgais a leagtar amach go soiléir sa tuairisc seo.”

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Léirigh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, an tábhacht ollmhór a bhaineann le reachtaíocht teanga inniu, mar aon le ról fíor-lárnach na gComhairlí Aitiúla maidir le cur chun cinn na teanga. Tugtar le fios sa taighde a sheol an Coimisinéir Teanga inniu go bhfuil roinnt comhairlí a bhfuil ag teip orthu i leith a ndualgas i dtaobh na Gaeilge, faoi mar a leagtar amach iad sna conarthaí agus comhaontaithe idirnáisiúnta a luaitear sa tuairisc. Ba mhian linn bheith ag obair leis na comhairlí sin agus bheith ag tarraingt ón dea-chleachtas atá i bhfeidhm i gcomhairlí eile cheana féin.”

“Agus an Feidhmeannas anseo ar ceall, tá pobail ag amharc i dtreo na gcomhairlí agus ar lorg treorach agus ceannaireachta. Chuige sin, i bhfolús aon reachtaíochta i leith na Gaeilge anseo, tá dualgas dlíthiúil go fóill ar na comhairlí maidir le cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí a luaitear sna conarthaí atá daingnithe agus sínithe ag Rialtas na Breataine roimhe seo. Leanfaidh muid orainn agus fríd an mhonatóireacht agus fríd dúshlán a thabhairt do na comhairlí sin a roghnaíonn neamhaird a dhéanamh ar a gcuid dualgas, déanfaidh muid achan rud inár gcumhacht le cinntiú go mbainfear amach an ‘gníomh diongbháilte’ sin a gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta breis agus 20 bliain ó shin.”

Tharraing Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir CAJ (Coiste um Riaradh an Chirt), na conclúidí seo a leanas:

“Is cnuasach oibre í an tuairisc seo a thugann le fios, go soiléir, an méid ar chóir bheith ag súil leis i dtaobh na Gaeilge sna Comhairlí Áitiúla de réir na gcoimitmintí idirnáisiúnta atá daingnithe ag an stát roimhe seo. Tá bearnaí móra sa soláthar sin. I roinnt comhairlí tá dea-chleachtas maith i bhfeidhm, ach, i gcomhairlí eile, níl aon rud ar bun acu. Is rialacha iad na caighdeáin seo agus ní mór d’oifigigh an stáit na dualgais seo a chur i gcuimhne na n-ionadaithe tofa, go háirithe iad siúd nach dtacaíonn leis an Ghaeilge, i gcónaí, in ainneoin a ndearcthaí, gur gá dóibh bheith ag feidhmiú laistigh de na rialacha i rith an ama.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge