Rúin na hArd Fheise

Reachtáladh Ard Fheis 2019 i Muineachán an deireadh seachtaine seo caite. 

Tugadh deis do chraobhacha agus baill aonair rúin a phlé maidin Shathairn, agus caitheadh vótaí ar a son nó ina gcoinne.  Glacadh leis na rúin seo a leanas ag #AFCnaG 2019.

1.a. Aithníonn an Ard-Fheis an dul chun cinn le spriocanna an phlean infheistíochta aontaithe ag 90 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Beidh €2 mhilliún sa bhreis i mbuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta in 2019. Ní leor sin, ná baol air, ach aithníonn muid an soláthar breise déanta ag Roinn na Gaeltachta de €2 mhilliún, ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail d’Údarás na Gaeltachta faoin scéim Forbairt agus Athghiniúint Tuaithe de €2.8m do thionscadail i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe agus an soláthar de €2m do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin ón gCiste Forbairt Fiontraíochta Réigiúnach a fógraíodh le déanaí. Is ionann seo agus maoiniú breise de €6.8m ina iomlán sa bhreis geallta. Tugann an Ard-Fheis moladh do gach duine a choinnigh brú ar na polaiteoirí agus ar na húdaráis do mhaoiniú breise caipitil. Aontaíonn an Ard-Fheis gur gá an brú a choinneáil le buiséad caipitil bliantúil an Údaráis fhéin a mhéadú go €12 mhilliún sa bhliain faoi mar atá leagtha amach sa phlean infheistíochta.

Craobh Raidió Rí-R

1.b. Aithníonn an Ard-Fheis an €1.5 milliúin sa bhreis fógartha ó dheas ag an Aire Seán Kyne roimh an Nollaig le bheith caite ar chiste caipitil an Údaráis agus tionscadail Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, cuid díobh bainteach leis an bPlean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta aontaithe. Mhéadaigh seo an méid airgid breise a bheidh ag an nGaeltacht, ag an nGaeilge, ag na hOileáin agus ag an bhForas Teanga go 10% in 2019. Tá an méadú seo le moladh ach caithfear a aithint go mbeidh ardú de 14% do chúrsaí Cultúir agus 15% do chúrsaí Oidhreachta sa Roinn céanna in 2019. Níl Cothrom na Féinne ann, mar sin, agus ní raibh ann le tamall de bhlianta. Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbrúfar le haghaidh Chothrom na Féinne ó Rialtas na hÉireann agus go lorgófar tacaíocht ó gach páirtí polaitiúil eile.

Niall Comer, Coiste Gnó

1.c. I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le maoiniú Fhoras na Gaeilge de bharr na bhfadhbanna leanúnacha leis an gcomhthionól ó Thuaidh, iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó nua iarratas foirmiúil a dhéanamh don Aire Chultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun córas maoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú le nach mbeidh sé faoi shrian ag an gcóras polaitiúil ó thuaidh.

Coiste Dúiche na Gaillimhe

2.a. Go gcuireann an Ard Fheis seo fáilte mhór roimh fheachtas an Dream Dearg, a chinntigh go raibh ceist cearta do phobal na Gaeilge ar an phríomhcheist pholaitiúil le dhá bhliain anuas ó thuaidh agus arís eile go gcuireann Conradh na Gaeilge gach acmhainn agus tacaíocht ar fáil don fheachtas le hAcht Gaeilge a bhaint amach sa bhliain amach romhainn agus go dtí go bhfuil an t-éileamh sin bainte amach – Acht Gaeilge neamhspleách atá cuimsitheach agus ceart-bhunaithe.  

Craobh Ard Eoghain

2.b. Aithníonn an Ard Fheis seo go bhfuil tromlach stairiúil do pháirtithe agus ionadaithe tofa ó thuaidh ag tacú leis an éileamh ar son Acht Gaeilge, 50 as 90 CTR reatha agus éilíonn an Ard Fheis seo go léiríonn na páirtithe polaitiúla ó dheas á dtacaíocht shoiléir, dhiongbháilte go poiblí d’Acht Gaeilge neamhspleách agus go mbíonn Conradh na Gaeilge ag obair i dtreo an tacaíocht sin a fháil, go háirithe in aon toghchán a thiocfadh aníos, thuaidh nó theas.

Craobh Ghlórtha Úra Uladh

2.c. Aontaíonn an Conradh le coiste a bhunú idir na coistí um Acht Gaeilge i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath agus i Londain chun obair le chéile ar an bhfeachtas d’Acht Gaeilge agus aontaítear gur cóir tacaíocht agus acmhainní a thabhairt don choiste seo chun a chuid oibre a dhéanamh go héifeachtúil.

Conradh na Gaeilge London

3.a. Molann an Ard-Fheis go spreagfaí níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge go leanúnach ar stáisiúin raidió agus teilifíse agus sna meáin chlóite ar fud na tíre in ionad cloí le Béarla amháin.

PT Mac Ruairí, Coiste Gnó

3.b. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann an maoiniú cuí a chur ar fáil le Raidió Rí-Rá a chur ar fáil go lánaimseartha ar FM ar fud na tíre agus éilíonn an Ard-Fheis tacaíocht gach páirtí polaitiúil eile chuige seo.

Craobh Raidió Rí-Rá

4.a. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais agus Scileanna le polasaí oideachais do mhúineadh na Gaeilge ón réamhscoil go hollscoil a fhorbairt ó dheas le dul i ngleic leis na fadhbanna agus na deiseanna ar fad a chruthódh a leithéid de pholasaí. Chuimseodh a leithéid de pholasaí comhtháite gach leibhéal den chóras, an Ghaelscolaíocht, páirt-tumoideachas, curaclam, oiliúint múinteoirí, srl. Bheadh ciall agus ceangal le foghlaim na Gaeilge sa chóras ón gcéad lá sa réamhscoil don dalta go dtí an scrúdú Ardteiste agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal.

Aodhán Ó Deá, Coiste Gnó

4..b. Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo gur chóir go raibh Gaeloideachas, ar achan leibheál, ar fáil d’aon duine óg atá á lorg agus nach mbíonn aon duine óg faoi mhíbhuntáiste, bíodh sin ó thaobh acmhainní, soláthar seirbhísí sainriachtanais, taistil nó eile, de thairbhe an chinnidh freastal ar Ghaelscoil. Éilíonn an Ard Fheis go gcuirfear acmhainní ar fáil ar bhonn práinneach chun plé leis an mhíbhuntáiste fadbhunaithe agus córasach in earnáil na Gaelscolaíochta i dtaobh soláthair shainriachtanais de ó thuaidh.

Craobh Ollscoil Uladh

4.c. Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir leanúint leis an nGaeilge a chosaint ó gach iarracht déanta le hísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste agus gur chóir í a choinneáil mar chroí-ábhar a ndéanfaidh gach dalta iar-bhunscoile staidéar air

Aodhán Ó Deá, Coiste Gnó

4.d. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais agus Scileanna ó dheas córas nua, bunaithe ar an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha, a úsáid in ionad córas reatha na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge. D’fheadfadh na foghlaimeoirí laga nó aon dalta ag teacht isteach déanach ó thar lear ar scoil foghlaim ag na leibhéil is oiriúnaí dóibh.

Aodhán Ó Deá, Coiste Gnó

4.e. Go dtugann an Ard Fheis seo dúshlán do na cinntí agus don leatrom leanúnach atá ag teacht salach ar an dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais agus Comhaontú Aoine an Chéasta trí ísliú ar úsáid agus stádas na Gaeilge san Údarás Oideachais ó thuaidh.

Craobh Ard Eoghain

4.f. Go dtréaslaíonn an Ard-Fheis seo le pobail na scoileanna Gaeltachta a bhfuil tús bríomhar curtha acu le feidhmiú an pholasaí oideachais Ghaeltachta, agus leis an Roinn Oideachais agus Scileanna as a dtacaíocht agus an maoiniú breise atá ceadaithe acu don scéim. I gcomhthéacs áfach an líon ard scoileanna i gceantair Ghaeltachta áirithe nach bhfuil páirteach sa pholasaí oideachais Ghaeltachta iarrann an Ard-Fheis ar an Roinn Oideachais tabhairt faoi shraith bheartais chun an caighdeán reatha Gaeilge sna scoileanna seo a chosaint agus a neartú agus nach ligfear do chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna seo titim.

Craobh Mhaigh Cuilinn

4.g. Aontaíonn an Ard Fheis seo go leanfaidh Conradh na Gaeilge a bheith gníomhach san fheachtas ‘Gaelscoil - Gach Scoil’ i gcomhpháirtíocht le Gael-Taca, Corcaigh. Moltar an obair déanta ag Gael Taca cheana féin le breis is 20 bunscoil a mhealladh páirt a ghlacadh i scéim le cleachtadh coirp a mhúineadh trí Ghaeilge. Aithníonn an ArdFheis an dul chun cinn déanta ag an gConradh gur éirigh linn an sprioc don pháirt-tumoideachas a bheith curtha san áreamh i bplean 5 bliana an Rialtas do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas.

Craobh Rith

4.h. Molann an Ard-Fheis seo go gcuirfear múinteoirí líofa Gaeilge ar fáil mar thacaíocht fhoirfe do mhúinteoirí bunscoile chun chabhrú le muinín daltaí atá le freastal ar iarbhunscoileanna a ardú. Moltar freisin athmhachnamh a dhéanamh maidir le fíorscrúdú béil a chur ar ais arís le haghaidh scrúdú an teastais shóisearaigh.

PT Mac Ruairí, Coiste Gnó

 

4.i. Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachais agus Scileanna an deontas €103 in aghaidh an dalta a íocann an Roinn go bliantúil d’iarbhunscoileanna a dhéanann teagasc trí Ghaeilge a íoc feasta do scoileanna faoi chúram na Boird Oideachais agus Oiliúna a bhíonn á dteagasc trí Ghaeilge agus deireadh a chur leis éagothromas atá ann faoi láthair.

Craobh Mhaigh Cuilinn

5. Go n-aithníonn an Ard Fheis seo na cumhachtaí breise a tugadh don státchóras ó thuaidh, go raibh bua suntasach stairiúil ag Conradh na Gaeilge san Ardchúirt i mBéal Feirste i mí Mhárta 2017 i gcoinne an fheidhmeannais, i leith Straitéis don Ghaeilge agus i bhfianaise an rialaithe sin, go n-éilíonn muid ar na húdaráis ó thuaidh Straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm mar ábhar práinne.

Craobh Ollscoil Uladh

6.a. Aithníonn an Ard-Fheis an obair fhiúntach déanta ag an eagraíocht seo le tacaíocht ón gCoimisinéir Teanga, Aire na Gaeltachta, na polaiteoirí sa fhreasúra, an Buan-Chomhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán agus Roinn na Gaeltachta ar na ceannteidil chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú. Éilíonn an Ard-Fheis go gcuirfí Acht tríd in 2019 leis na ceannteidil sin agus le leasuithe eile an Chonartha a chuimsíonn forálacha nua nó leasuithe ar na ceannteidil, ar nós: spriocdhátaí a chur ar an sprioc earcaíochta 20% do dhaoine inniúil ar an nGaeilge agus gach seirbhís a bheith curtha ar fáil do mhuintir na Gaeltachta trí Ghaeilge; comharthaíocht bhóthair dhátheangach chothrom; lipéadú ar alcól, agus eile.

Craobh Raidió Rí-Rá

6.b. Athdhearbhaíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a tacaíocht don Choimisinéir Teanga agus a fhoireann agus iarrtar ar bhaill uilig an Chonartha agus ar phobal na Gaeilge a chinntiú seirbhís chuí trí Ghaeilge a éileamh ó gach comhlacht agus rannóg stáit agus údarás poiblí.

Craobh Bhreannáin

7.a. Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfeadfadh go leor droch-impleachtaí éirí as cur i bhfeidhm an Bhreatimeachta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa dá dlínse. San áireamh leis na droch-impleachtaí seo d›fheadfadh: srianta a bheith curtha ar thaisteal an phobail ó dhlínse amháin go dlínse eile; laghdú teacht ar rochtain ar mhaoiniú agus deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach; damáiste a bheith déanta do gheilleagar na Gaeltachta, go háirithe Gaeltacht Dhún na nGall (ceantar Gaeltachta atá buailte go holc cheana féin ag an imirce); castachtaí a bheith ann do chúrsaí foirne agus airgeadais an Chonartha agus eagraíochtaí/grúpaí Gaeilge eile; laghdú teacht ar ghuth na Gaeilge laistigh den Aontas Eorpach; agus eile. Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir cur i gcoinne aon socrú polaitiúil a d’fhágfadh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta níos measa as ná mar atá sa suíomh reatha leis an dá dlínse san Aontas Eorpach.

Craobh Ghlór na Móna

7.b. Tuigtear go forleathan go bhféadfaí athruithe móra a bheith in Éirinn, thuaidh agus theas, i ngeall ar thoradh an Bhreatimeachta. D’fhéadfadh, amach anseo, Éire Aontaithe a bheith ann trí reifreann/vóta teorann agus má tharlaíonn sé seo beidh impleachtaí móra ann don Ghaeilge in Éirinn. Is léir ón méid a thit amach go dtí seo ná chóir an plé seo a fhágáil go dtí an nóiméad deiridh agus molann an Ard-Fheis seo gur cheart tús a chur le plé ar an áit a bheadh ag an Ghaeilge i sochaí nua uile-Éireann.

Craobh Ghlór na Móna

8. Moltar go n-eagrófar Ard-Fheis na bliana 2021 i Nua-Eabhrac agus in Éirinn.

Craobh na Fuiseoige

9.a. Go n-aithníonn an Ard Fheis seo an obair thábhachtach atá na grúpaí pobail a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn ón bhun aníos agus go n-éilíonn muid go mbíonn na hacmhainní cuí ar fáil do na grúpaí le go dtig leo freastal ar á bpobal. Chuige sin, éilíonn muid go mbíonn an maoiniú do na grúpaí pobail fríd an Scéim Phobail Gaeilge méadaithe le go dtig leo oifigigh a fhostú 5 lá sa tseachtain, seachas an 4 lá mar atá faoi láthair. Chun sin a bhaint amach, aithníonn an Ard Fheis seo an géarghá le stocaireacht éifeachtach ar Fhoras na Gaeilge agus an dá údarás, thuaidh agus theas, go háirithe le linn na tréimhse comhairliúcháin ar an scéim nua.

Craobh Glórtha Úra Uladh

9.b. Iarrann an Ard-Fheis seo ar Fhoras na Gaeilge Scéim Phobail Gaeilge nua a fhorbairt mar chomharba ar an scéim reatha nuair a chríochnaíonn sé ag deireadh mhí an Mheithimh 2020. Iarrtar ar an bhForas a chinntiú go gcuirfear maoiniú ceart ar fáil don scéim nua le go mbeidh sé ar chumas na gcoistí áitiúla foireann a fhostú ar bhun seachtain oibre iomlán, mar aon le maoiniú cuí don chlár gníomhaíochtaí a fheidhmiú. Iarrtar ar an bhForas freisin an Scéim reatha a leathnú do gach contae sa tír.

Craobh na Gaillimhe

10. Go n-iarra an Conradh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall go gcuirfear ateangaire ar fáil do chruinnithe na Comhairle agus nach mbeidh ar Chomhairleoirí a roghnaíonn an Ghaeilge a úsáid aistriúchán go Béarla a dhéanamh.  

Craobh Ghleann an Iolair

11.a. Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtacóidh Conradh na Gaeilge leis an bhfeachtas in aghaidh na dtáillí Gaeltachta d’ábhair oidí.  

Coiste Contae na Gaillimhe

11.b. Éilíonn an Ard-Fheis seo go leanfaidh Conradh na Gaeilge ar aghaidh leis an bhfeachtas faoi na táillí Gaeltachta (€1,500) a bhíonn le híoc ag ábhair oidí go dtí go gcuireann an Roinn Oideachais maoiniú ceart ar fáil do na táillí Gaeltachta.

Cuallacht Cholmcille Mhá Nuad

12. Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtreiseoidh Conradh na Gaeilge an caidreamh atá ann idir Ghaeil na hÉireann agus Gaeil na hAlbain agus go gcuirfear leis an gcaidreamh seo ar mhaithe le pobail mhionteangacha na n-oileán seo.

Craobh Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide

13.a. Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh slánú na nGaeltachtaí mar phríomh-chuspóir aon rialtas na hÉireann feasta.

Craobh An Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona

13.b. I gcomhthéacs na ndeacrachtaí leanúnacha le seirbhís aerthaistil a chur ar fáil do na hoileáin Árann, na deacrachtaí a bhaineann le múinteoirí le Gaeilge a earcú do na hoileáin Ghaeltachta, agus na fadhbanna eile atá ag pobail na n-oileán Gaeltachta iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas straitéis náisiúnta a fhorbairt d’oileáin na hÉireann.

Coiste Dúiche na Gaillimhe

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge