bliain na gaeilge 2018

Leabhrán nua Eolaire na Lárionad Gaeilge seolta i Ráth Chairn

Leabhrán nua Eolaire na Lárionad Gaeilge seolta i Ráth Chairn

Súil ag Conradh na Gaeilge an Gréasán a fhás agus 100 grúpa sa bhreis a chlárú faoi 'Caint & Comhrá'

Cuireadh tús le Gréasán na Lárionad le nasc níos láidre a chruthú idir na lárionaid Ghaeilge fud fad na tíre. Seoladh é go hoigifiúil ag imeacht a reachtáladh i gcomhpháirt le Comharchumann Ráth Chairn an Aoine seo chaite. Tá breis agus 25 lárionad Gaeilge anois cláraithe agus an t-eolas sin ar fáil mar leabhrán nó ag PEIG.ie/larionaid. Seoladh feachtas nua de chuid Chonradh na Gaeilge, Caint & Comhrá ar an oíche mar aon leis an eolaire nua.

Dúirt Máirín Sarikaya, Bainisteoir, Comharchumann Ráth Chairn:

Tá an-áthas ar Chomharchumann Ráth Chairn go bhfuil Conradh na Gaeilge ag láinseáil Gréasán na Lárionad Gaeilge anseo sa Bhradán Feasa i Ráth Chairn ag an deireadh seachtaine. Tuigeann muid an tábhacht atá ag baint leis an Eolaire seo do cheantair cosúil le Gaeltacht Ráth Chairn de bhrí go gcuireann sé Gaeilgeoirí agus daoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ar an eolas faoi na háiseanna atá ar fáil trí mheán na Gaeilge sna hIonaid éagsúla cosúil le Áras Pobail Ráth Chairn.

Dúirt Dáire Ó Faogáin, Feidhmeannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta le Conradh na Gaeilge:

Is é sprioc Ghréasán na Lárionad poiblíocht a dhéanamh ar son na lárionad agus níos mó comhoibrithe a chothú idir na lárionaid uilig faoi bhranda amháin. Táim iontach sásta gur féidir liom a bheith ag obair leis an ngréasán é féin ag cabhrú le tacaíocht a chur ar fáil agus an Gréasán a leathnú. Is iontach an rud é go gcuirtear an deis ar fáil dúinn uilig obair le chéile ar bhonn oileánda seirbhísí Gaeilge a chur chun cinn go háitiúil agus do dhaoine nach mbeadh mórán eolais acu faoi sheirbhísí Gaeilge ar fáil ina gceantair féin.

Is athbhrandáil é 'Caint & Comhrá' ar an bhfeachtas Is Leor Beirt. Tá Conradh na Gaeilge ag súil leis an nGréasán a fhás agus 100 grúpa sa bhreis a chlárú faoi 'Caint & Comhrá'

Dúirt Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Ilmheán & Fheachtais Feasachta

Is í an aidhm atá le Caint & Comhrá ná deis úsáide agus sóisialta a thabhairt do dhaoine ar mian leo a gcuid Gaeilge a úsáid tríd a bheith páirteach i gciorcal comhrá. Tá Conradh na Gaeilge ag tacú leis seo tríd an togra Caint & Comhrá - gréasán ina mbeidh daoine in ann teacht le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid.

Tá sé an-éasca a bheith páirteach sa ghréasán Caint & Comhrá  – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile ar bhonn rialta in áit ar nós caifé áitiúil, ionad oibre, nó páirc peile fiú. Nuair atá am, áit, agus sonraí teagmhála agat don grúpa cainte, níl le déanamh ach na sonraí a chlárú ar www.PEIG.ie. Agus sin déanta, cuirfidh Conradh na Gaeilge pacáiste tacaíochta amach a bheidh mar áis phraiticiúil chun cuir leis an gcomhrá i measc an ghrúpa.

TUILLEADH EOLAIS:

Dáire Ó Faogáin

Feidhmeannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta | Conradh na Gaeilge
+353 86 3840982 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Seán Ó Murchadha

Feidhmeannach Ardú Feasachta & Ilmheán

+353 (0)86 3352220 | +44 (0)75 48393601 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na GaeilgePEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge