bliain na gaeilge 2018

‘Éisteacht speisialta’ iarrtha ag an Chonradh ar an Rúnaí Stáit nua Karen Bradley

‘Éisteacht speisialta’ iarrtha ag an Chonradh ar an Rúnaí Stáit nua Karen Bradley sula gcuirfear tús le cainteanna arís an tseachtain seo chugainn

Cruinnithe práinneacha á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an DUP, le Sinn Féin agus le ceannairí na bpáirtithe thuaidh agus theas i dtaobh an Achta Gaeilge

 

18581890 1249231811840738 671457173753264631 n

Tá litreacha scríofa ag Conradh na Gaeilge chuig na páirtithe ó thuaidh, ina measc an DUP, UUP agus Sinn Féin, agus na páirtithe ó dheas, idir Fine Gael agus Fianna Fáil, chun cruinnithe a lorg le ceannairí na bpáirtithe sin, an Taoiseach agus an Tánaiste san áireamh, mar ábhar práinne. Chuige sin fosta tá iarratas speisialta curtha faoi bhráid an Rúnaí Stáit nua, Karen Bradley MP, go gcuirfidh lucht an fheachtais ar son Acht Gaeilge ó thuaidh, a moltaí agus a réasúnú os a comhair.

Tá éileamh poiblí déanta ag Conradh na Gaeilge d’Acht Gaeilge atá neamhspleách, agus moltaí foilsithe ag an eagraíocht a chlúdaíonn réimse, feidhm agus costas na reachtaíochta sin.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

Anuraidh tháinig muid ar fad mar phobal le chéile agus chuir muid an Ghaeilge ag barr an chláir oibre do na polaiteoirí anseo. Bhí sraith fhada de chruinnithe againn le ceannairí na bpáirtithe inar chuir muid ár moltaí agus ár réasúnú ar son reachtaíochta don Ghaeilge faoina mbráid. Ag éirí as na cruinnithe sin, bhí muid ábalta a chur in iúl don phobal go bhfuil tromlach de CTR, mar atá 50/90, thar 5 pháirtí (Alliance, Green Party, PBP, SDLP, Sinn Féin) don chéaduair ag tacú le hAcht Gaeilge neamhspleách ó thuaidh. Is reachtaíocht í seo a gealladh go soiléir don phobal breis agus aon bhliain déag ó shin mar chuid de chomhaontú idirnáisiúnta ag Cill Rìmhinn. Tá Rialtas na hÉireann ag seasamh lena ndualgas mar chomhshínitheoir ar an chomhaontú sin agus ag tacú le hAcht Gaeilge neamhspleách. Tá na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa ag tacú le hAcht Gaeilge neamhspleách. Bímis iontach soiléir faoi seo; tá cosc á chur ar chearta teanga Gaeilgeoirí anseo agus ní bheidh deireadh leis an fheachtas seo go mbainfear na cearta sin amach.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

In ainneoin gach rud a thit amach le bliain anuas níl an reachtaíocht a gealladh dúinn againn go fóill. Tá dualgas lárnach ag Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann a chinntiú go gcuirfear a gealladh i bhfeidhm. Bhí muid ar an ghuthán ag deireadh na seachtaine le hOifig an Rúnaí Stáit, Karen Bradley MP, scríobh muid chuici roinnt uaireanta le coicís, tá litir againn ó James Brokenshire a thug cuireadh dúinn bualadh leis i nDeireadh Fómhair; tá teagmháil ann ach tá sé riachtanach go mbeidh deis chruinnithe againn le Bradley anois. Ba mhian linn gach eolas atá againn ar reachtaíocht Gaeilge a thabhairt di, le cinntiú go dtuigeann sí ón phobal atá ag plé leis an cheist seo gach lá na rudaí go díreach atá uainn agus na moltaí atá againn lena gcur I bhfeidhm.

Tá cóip de phlé-cháipéis Chonradh na Gaeilge ar chostas an Acht le fáil anseo: http://bit.ly/2uApcES

TUILLEADH EOLAIS:

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 7545293841| Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 77 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na GaeilgePEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge