bliain na gaeilge 2018

Súile phobal na Gaeilge ar fhreagra an DUP anocht agus rún leatromach an TUV i gcoinne na Gaeilge le cur os comhair Chomhairle Aontroma Láir & Thoir

Cearta TeangaSampla coitianta é an rún seo den doicheall leathan atá ann don Ghaeilge i measc chuid de na comhairlí ó thuaidh agus chuige sin an géarghá le reachtaíocht nua cosanta don Ghaeilge 

Tá rún le plé i gComhairle Aontroma Láir & Thoir anocht, atá curtha chun tosaigh ag beirt Chomhairleoirí TUV, chun bac a chur ar aon phíosa reachtaíochta a chlúdódh cosaint nó stádas don Ghaeilge. Is é atá sa rún ná:

10.1 Notice of Motion proposed by Cllr T Gaston, seconded by Cllr R Wilson

"That this Council, noting the existing lavish provision for Irish language interests, opposes any attempt, under any legislative guise, to make Irish an official language in Northern Ireland or to require to be treated on a par with English, either in the council or elsewhere, believing such would create massive public expenditure, and a clear disadvantage to the non-Irish speaking majority and prove needlessly divisive across the community".

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Léiríonn rún an TUV i gComhairle Aontroma Láir & Thoir fíoreaspa measa agus tuisceana ar ghné lárnach de chultúr comhroinnte na hÉireann. Ábhar díomá agus feirge is ea an rún seo, go háirithe i ndiaidh don DUP a mhaíomh ‘gur le cách í an Ghaeilge’ agus go dtacaíonn an páirtí le soláthar reachtúil don Ghaeilge.”

“Is cúis imní dúinn i bpobal na Gaeilge go bhfuil rún mar seo á phlé beagnach bliain i ndiaidh chinneadh Líofa agus bliain iomlán de dhíospóireacht agus d’fheachtasaíocht phoiblí ar cheist reachtaíochta don teanga. Is sampla ar an drochuair é an rún seo den doicheall leathan atá ann don Ghaeilge i measc chuid de na comhairlí ó thuaidh, go bhfuiltear ann atá dubh in éadan na teanga agus atá sásta cos ar bolg i gcoinne an phobail a éascú agus a bhuanú. Dá mbeadh sampla níos soiléire de dhíth orainn den ghéarghá le reachtaíocht chun an Ghaeilge a chosaint, is é seo é.”

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge arís eile ag tabhairt dúshláin an DUP; má tá siad dáiríre gur chóir go mbeadh soláthar reachtúil ann don Ghaeilge, má tá siad dáiríre nach bhfuil aon bhagairt don fhéiniúlacht Bhriotanach, agus má tá siad dáiríre ina n-iarrachtaí teacht ar shocrú ar an cheist seo chun go gcuirfí ar bun arís na hinstitiúidí polaitiúla anseo, ba chóir daofa, mar pháirtí, teacht amach go láidir i gcoinne na n-iarrachtaí leatromacha seo cosc agus bac a chur ar an Ghaeilge. Is gníomh agus rún é seo atá ag teacht go hiomlán salach ar treoir na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.”

“Mar is eol dúinn, ón taighde atá déanta againn, tá ag teip ar Chomhairle Aontroma Láir & Thoir i dtaobh na ndualgas bunúsach atá orthu i leith na Gaeilge a chur i gcrích. Tagraítear, sa rún seo, don ‘soláthar flaithiúil’ don teanga, ach níl sa mhéid seo ach bréag gan bhunús. Go deimhin, is a mhalairt atá fíor i gcás na Comhairle seo, nach gcaitheann agus nach gcuireann pingin i dtreo na Gaeilge agus chuige sin, atá ag cur bac ar phobal na Gaeilge aon ghníomh forásach i leith na teanga a chur i gcrích. Molaimid don chomhairle seo, agus do na páirtithe lena mbaineann, súil a chaitheamh ar na dualgais idirnáisiúnta i leith na Gaeilge atá orthu cheana féin, in áit bheith ag cur le hionsaithe leanúnacha i gcoinne na teanga ar cheisteanna reachtaíochta nach bhfuil smacht ar bith acu orthu. Bímis soiléir anseo, is é an t-aon réiteach ar cheist reachtaíochta don Ghaeilge ná Acht Gaeilge atá ceart-bhunaithe agus neamhspleách, faoi mar a gealladh breis agus deich mbliana ó shin.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge