Skip to main content

125 Bliain d’Athbheochan na Teanga Á gCeiliúradh & Á gCíoradh le Bliain na Gaeilge 2018

Bliain na Gaeilge 2018Clár de ghnímh chruthaíochta agus feasachta beartaithe le plé ar an teanga a chur i lár an aonaigh

Seolfar Bliain na Gaeilge 2018 i measc na nGael ag Oireachtas na Samhna sa Bhálsheomra in Óstán Ghleann an Iolair i gCill Airne, Co. Chiarraí ag 13:00 Dé Sathairn, 4 Samhain 2017.

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge 2018 le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar 125 bliain ónar cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge. Déanfar ceiliúradh ar thábhacht agus ar thionchar na hathbheochana ar an bpobal agus cuirfear dúshláin reatha na teanga i lár an aonaigh i 2018.

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Agus 125 bliain caite againn ó thus na hathbheochana, is deis í Bliain na Gaeilge le ceiliúradh a dhéanamh ar an mhéid a baineadh amach don Ghaeilge ó bhí 1893 ann. Is bealach é fosta leis an Ghaeilge agus leis na dúshláin atá roimpi a chur i lár an aonaigh sa dioscúrsa poiblí. Is iontach an rud é go mbeidh grúpaí fud fad an domhain páirteach sa Bhliain, agus tá buíochas ollmhór ag dul do na grúpaí sin uile atá ag obair go díograiseach le hócáidí a eagrú don fhéile. Táimid ag súil go n-eagrófar na mílte imeachtaí le linn na Bliana. ”

D'fháiltigh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, T.D. roimh chinneadh Fhoras na Gaeige maoiniú de €450,000 a chur ar fáil do Bhliain na Gaeilge 2018, agus dúirt:

"Tá áthas orm go bhfuil an maoiniú seo curtha in áit anois le tacú le Bliain na Gaeilge. Beidh deis iontach againn le linn na bliana ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga agus ár gcultúr. Beidh réimse leathan d'imeachtaí eagraithe, ar fud na tíre agus ar fud na cruinne. Impím ar gach duine bheith páirteach, iad siúd atá líofa agus iad siúd nach bhfuil acu ach cúpla focal.”

Tá níos mó ná 50 grúpa Gaeilge, Gaeltachta, agus cultúir ag glacadh páirt i mBliain na Gaeilge 2018 go dtí seo. Tá an Cumann Lúthchleas Gael (CLG), mar shampla, chun tuilleadh béime a chur ar an teanga le linn Bhliain na Gaeilge 2018 le cúpla mórthogra beartaithe ag an eagraíocht spóirt.

Deir Aogán Ó Fearghaíl, Uachtarán an CLG:

“Tá an Ghaeilge lárnach do gach rud a dhéanann muid i gCumann Lúthchleas Gael. Le linn Bhliain na Gaeilge, beidh lá Gaelach ar fad againn anseo i bPáirc an Chrócaigh, Lá ‘le Márta, agus Gaeilge ar fad a bheas in úsáid againne ar an lá sin. Chomh maith leis sin, beidh seimineár lae againn anseo ar 10ú lá Feabhra maidir leis an ról ata ag an gCumann Lúthchleas Gael agus an Ghaeilge le chéile.”

Eagrófar clár cuimsitheach de ghnímh chruthaíochta agus feasachta do Bhliain na Gaeilge 2018 le rannpháirtíocht láidir ón bpobal a spreagadh, agus le dúshláin agus dul chun cinn na Gaeilge a chur sa dioscúrsa poiblí. Beidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil, náisiúnta, agus idirnáisiúnta chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid.

Deis a bheidh i mBliain na Gaeilge 2018 chun beocht na teanga a cheiliúradh agus ag an am céanna, úsáid, dea-íomhá, feiceálacht agus normalú na Gaeilge sa phobal a mhéadú freisin. Déanfar seo trí chomhpháirtíocht idir na meáin Ghaeilge agus Bhéarla, leithéidí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus 2fm ina measc.

Arsa Bláthnaid Ní Chofaigh, craoltóir teilifíse agus raidió, ag seoladh Bhliain na Gaeilge i measc na nGael:

“Tá sé tábhachtach cúrsaí teanga a phlé i measc an mhórphobail, sna meáin Bhéarla mar aon leis na meáin Ghaeilge. Tá go leor bainte amach againn le 125 bliain anuas, ach tá go leor rudaí bunúsacha in easnamh orainn go fóill. Beidh deis againn na nithe maithe sin a cheiliúradh agus na dúshláin os ár gcomhair a chíoradh le chéile le linn Bhliain na Gaeilge i 2018, agus táimse ag tnúth go mór leis an meascán sin.”

Seolfar an fhéile go hoifigiúil ar bhonn náisiúnta sa Ghaeltacht ar Oíche Chinn Bliana, agus beidh gach eolas faoin seoladh ar fáil ag www.peig.ie/2018 sna seachtainí amach romhainn.

BLIAIN NA GAEILGE:

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge 2018 le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar 125 bliain ónar cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge in 1893. Eagrófar clár cuimsitheach de ghnímh chruthaíochta agus feasachta don bhliain chun rannpháirtíocht láidir ón bpobal a spreagadh agus chun dúshláin agus dul chun cinn na Gaeilge a chur sa dioscúrsa poiblí. Beidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fud na cruinne chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta freisin. Gaeilge Bheo | Irish Belongs to Us All | #Gaeilge2018 | Tuilleadh eolais: www.peig.ie/2018

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.