bliain na gaeilge 2018

“Tá deis ag na páirtithe agus an dá rialtas an cinneadh ceart a ghlacadh bunaithe ar na cúiseanna cearta” - Conradh na Gaeilge

Acht AnoisAgus freasúra i gcoinne cearta do chainteoirí Gaeilge ann go fóill, téann Conradh na Gaeilge i ngleic leis an nuacht bhréagach, agus éilíonn ar pháirtithe agus ar an dá rialtas comhaontaithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus moltaí a leanúint

Agus na cainteanna chun na hinstitiúidí ó thuaidh a athbhunú ag éirí níos déine, éilíonn Conradh na Gaeilge ar na páirtithe, mar aon leis an dá rialtas, na cinntí cearta a ghlacadh ar son phobal na Gaeilge.

Éilíonn Conradh na Gaeilge:

  • ar na cúig pháirtí agus tromlach na CTR a thacaíonn le reachtaíocht neamhspleách don Ghaeilge díriú athuair ar thaithí agus dea-chleachtais na Breataine Bige i dtaobh an tsoláthair atá acu do chearta Breatnaise do phobal na teanga sin, faoi mar atá molta i gComhaontú Chill Rìmhinn, agus chun a dtacaíocht don Acht a mhéadú sna laethanta amach romhainn ar son na mílte cainteoirí Gaeilge, daoine óga agus teaghlaigh ar diúltaíodh a gcearta dóibh le breis agus 10 mbliana.
  • ar Rialtas na Breataine a ról mar chomh-shínitheoirí ar Chomhaontú Chill Rìmhinn a chomhlíonadh mar aon leis an gealltanais a tugadh ann a chomhlánú. Ó bhí 2017 ann tá breis agus 4 chruinniú iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar an Stát-Rúnaí James Brokenshire, iarratais nach bhfuarthas aon fhreagra daofa ó shin, in ainneoin go bhfuil ceist na Gaeilge mar phríomh-ábhar sna cainteanna reatha.
  • ar Rialtas na hÉireann an tacaíocht atá léirithe acu d’Acht Gaeilge neamhspleách a léiriú athuair agus chun seo a chur chun cinn mar ábhar práinne ina ról mar chomh-shínitheoirí ar Chomhaontú Chill Rìmhinn. Chuige sin, tá cruinniú práinneach iarrtha againn ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney.

Maidir le roinnt de na ceannteidil atá foilsithe ar na mallaibh mar aon leis na hiarrachtaí Acht Gaeilge ‘a shainmhíniú’, díríonn muid aird ar na moltaí atá curtha le chéile againn a bhfuil costas curtha leo mar threoirphlean féideartha don reachtaíocht a n-éiríonn leis dul i ngleic le cuid den eolas bréagach atá amuigh ansin, ar nós:

  • Ní hionann Acht Gaeilge agus go mbeidh an Ghaeilge riachtanach i scoileanna. Cinnteoidh sé, áfach, go gcuirfear an tacaíocht chuí ar fáil dóibh siúd ar suim leo dul bealach na Gaelscolaíochta nó leo siúd ar mhian leo an Ghaeilge fhoghlaim i scoileanna Béarla.
  • Ní hionann Acht Gaeilge agus go mbeidh an Ghaeilge ‘brúite’ ar dhaoine, seachas sin cinnteoidh sé go mbainfidh an stát na baic reatha a chuireann i gcoinne na teanga chun go soláthrófar na seirbhísí cuí do dhaoine dóibh siúd ar suim leo iad a úsáid.
  • Níl sé mar aidhm ag Conradh na Gaeilge, nó ag Acht Gaeilge, féiniúlacht na Breataine atá ag daoine a bhualadh síos siar, nó chun Aontachtaithe a náiriú ar bhealach ar bith. In áit sin ba chóir go n-aithneofaí gur rud í an Ghaeilge a bhfuil feidhm chlaochlaithe iontach aici daoine a thabhairt le chéile, agus ag an am cheanna cosaint a thabhairt do phobal na Gaeilge, faoi mar a tharlaíonn sa Bhreatain Bheag, in Albain agus ar fud na hEorpa, mar atá molta ag Comhairle na hEorpa agus ag na Náisiúin Aontaithe.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá méadú ar na hionsaithe ar an Ghaeilge agus ar na moltaí d’Acht Gaeilge feicthe againn le roinnt seachtainí anuas. Tá sé ríthábhachtach, de réir mar a éiríonn na cainteanna níos déine sna laethanta seo amach romhainn, go bhfeicfidh na páirtithe siar ar na rudaí a ghlac chuig an phointe seo muid agus ar an fháth a bhfuil cosaintí dleathacha de dhíth ar an teanga. Is de thairbhe na hionsaithe ar Líofa, ionsaithe ar an ghaelscolaíocht, agus go leor tagairtí maslacha ar an Ghaeilge ó roinnt polaiteoirí sinsearacha, a tháinig breis is 20,000 duine ar na sráideanna idir Béal Feirste, Iúr Cinn Trá agus Doire ó mhí Eanáir. Anois an t-am leis an athrú cuí a chinntiú do na daoine ar gealladh an t-athrú sin dóibh 10 mbliain ó shin. Anois an t-am leis na cinntí cearta a dhéanamh ar na cúiseanna cearta.”“Ná déanaimis dearmad fosta go bhfuil móramh na gComhalta sa Tionól, 50 as 90, ar son Acht Gaeilge neamhspleách a chur ar fáil. Chomh maith leis sin, bíonn cearta teanga agus seirbhísí a éiríonn as an reachtaíocht sin ar fáil do chainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus do chainteoirí Gàidhlige na hAlban. Cén fáth nach mbeadh cearta chainteoirí Gaeilge aitheanta agus seirbhísí bunaithe ar reachtaíocht curtha ar fáil dóibh chomh maith.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóide le Conradh na Gaeilge:

“Iarann muid ar dhaoine súil a chaitheamh i gcónaí ar an tacaíocht ollmhór atá ann d’Acht Gaeilge ann féin agus ar na fáthanna ar a mbíonn an tacaíocht sin bunaithe. Ní gá ach tagairt a dhéanamh don cheathrú tuairisc mhonatóireachta de chuid Chomhairle na hEorpa ag an Choiste Chomhairleach don Chreat-Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta, foilsithe ar 4/3/2017, le haghaidh sampla de seo. Sa tuairisc cáintear go láidir Stormont ar an ábhar seo agus éilítear ‘‘go nglacann an Feidhmeannas ó thuaidh le reachtaíocht cosanta agus forbartha don Ghaeilge agus go nglacann siad na céimeanna chun dul chun cinn ar chearta teanga a chinntiú do dhaoine a bhaineann leis an mhionlach Gaeilge.”

“Leantar sa tuairisc chéanna ó Chomhairle na hEorpa agus béim curtha ar an tábhacht den ról atá ag an dá chomh-shínitheoir ar Chomhaontú Cill Rímhinn, chomh maith le ról Rialtas na Breataine a dhaingnigh an Chairt Eorpach do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha, ag moladh ‘go gcuideoidh Rialtas na Breataine an comhdhearcadh polaitiúil a chruthú atá de dhíth chun go nglacfaí leis an reachtaíocht seo’. Tá sé soiléir uaidh seo agus ón diúltú leanúnach ó James Brokenshire bualadh linn go bhfuil ag teip ar Rialtas na Breataine a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Is faoi Rialtas na hÉireann a chinntiú go ndéanfaidh Rialtas na Breataine an beart de réir briathair, agus ag deireadh an lae, a chinntiú go mbeidh freastail shásúil déanta ar chearta teanga an phobail agus go mbeidh dualgais Rialtas na Breataine faoin Chairt Eorpach feidhmithe faoi dheireadh.

Is féidir cóip den phlé-cháipéis atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge a fháil anseo: http://bit.ly/2uApcES

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge