Gné uathúil dhíolacháin ag Banc na hÉireann i rogha na Gaeilge - ná tréigidís í

Banc na hÉireannCruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge le Banc na hÉireann faoin gcinneadh deireadh a chur le rogha na Gaeilge ar uathmheaisíní lóisteála nua (LATMs)

Tá cruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge le Banc na hÉireann maidir le heaspa rogha na Gaeilge ar na huathmheaisíní bainc lóisteála nua dá gcuid (LATMs), agus chun tuilleadh deiseanna leis an teanga a chur chun cinn tríd an mbanc a phlé.

Tá an t-eagras pobail ag iarraidh ar chraobhacha agus ar bhaill an Chonartha labhairt lena mbrainse áitiúil féin chun aird a tharraingt ar an ábhar, agus chun iarraidh ar bhainisteoir an bhrainse áitiúil ceist rogha na Gaeilge a ardú le cinneadóirí náisiúnta Bhanc na hÉireann mar ábhar práinne.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá spás ar leith cruthaithe ag Banc na hÉireann dóibh féin san earnáil agus iad ar an t-aon bhanc a chuireann rogha na Gaeilge ar fáil ar líon leathan uathmheaisíní ó cheann ceann na tíre, sna Gaeltachtaí ina measc. Creideann Conradh na Gaeilge go láidir gur olc an chéim ghearr-radharcach ar gcúl a bheadh ann mura leanfaí le rogha na Gaeilge a chur ar fáil ar uathmheaisíní lóisteála nua an bhainc.

“Tráth go bhfuil gnóthaí príobháideacha cosúil le Google, Microsoft, Energia agus Tayto ag cur le líon na seirbhísí a chuireann siad ar fáil dá gcustaiméirí i nGaeilge, agus tráth go bhfuil na mílte custaiméirí féideartha ag tosú ar an ngaeloideachas an fómhar seo, bheadh sé go hainnis dá dtréigfeadh Banc na hÉireann an dea-thoil atá cothaithe acu i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le blianta beaga anuas.”

Dar le suirbhé Millward Brown in 2015, creideann 42% den phobal ó dheas gur gné uathúil dhíolacháin (USP) do ghnóthaí í an Ghaeilge, gan ach 28% i gcoinne an ráitis.

Dúirt Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge:

“Eagraíonn Conradh na Gaeilge Seó Bóthair a fhreastalaíonn ar 10,000 duine óg i scoileanna dara leibhéal, i gcoláistí samhraidh, agus in institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre mar shampla, agus luaitear Banc na hÉireann mar eiseamláir dhea-chleachtais ó thaobh gnó a dhéanamh as Gaeilge ar ATMs de sa cheardlann seo.

“Is iomaí custaiméir de chuid an bhainc a d’oscail cuntas le Banc na hÉireann de bharr rogha na Gaeilge a chur siad ar fáil ar na huathmheaisíní bainc, Conradh na Gaeilge agus mé féin san áireamh. B’fhéidir nach Gaeilgeoirí iad móramh de chustaiméirí Bhanc na hÉireann, ach léirigh rogha na Gaeilge ar na huathmheaisíní s’acu gur bhain luach lena gcuid custaim agus go raibh meas ag an mbanc ar thábhacht na teanga dúchais.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh Bhanc na hÉireann cur le líon na seirbhísí Gaeilge a chuireann siad ar fáil, rogha na Gaeilge a choinneáil ar na huathmheaisíní bainc lóisteála nua dá gcuid, agus leanúint den dea-fhreastal a dhéanann siad ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó cheann ceann na tíre.

Is féidir le custaiméirí Bhanc na hÉireann moladh a chur chucu go gcoinneoidís rogha na Gaeilge ar na huathmheaisíní nua trí labhairt le ball foirne i mbrainse, trí ghlaoch orthu ar an nguthán, nó i scríbhinn; féach www.bankofireland.com/help-centre/customer-complaints-process/.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge