Skip to main content

An Cumann Gaelach

Posted in Tríú Leibhéal.

Copy_of_An_Cumann_Gaelach.png

Tá Conradh na Gaeilge déanta suas de níos mó ná 200 craobh in Éirinn agus thar lear, ag obair mar chuid de ghluaiseacht náisiúnta ar son na Gaeilge. Tá craobhacha déanta suas de dhaoine, de ghnáth ag obair go deonach, le spriocanna agus aidhmeanna a bhaint amach. Bíonn cuid de na craobhacha dírithe ar cheantracha ar leith (msh. Craobh Chathair Luimnigh, Craobh Londain), is bíonn cuid acu dírithe ar ábhair ar leith (msh. Craobh Na Gaeil Óga, Craobh Raidió Rí-Rá). 

San áireamh anseo tá craobhacha ollscoile, de ghnáth a ghlacann ‘Cumann Gaelach’ nó ‘Cuallacht’ mar ainm. Bíonn na craobhacha seo ag obair i gcoláistí agus ollscoileanna na tíre leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus pobail Ghaelacha a thógáil is a neartú ar a gcampais éagsúla. 

Conradh na Gaeilge agus Craobhacha Ollscoile

Tá an gaol idir Chonradh na Gaeilge agus Cumainn Ghaelacha ollscoile tar éis fás agus forbairt go mór le blianta anuas. Cuireann an eagraíocht tacaíocht agus traenáil ar fáil do choistí na gcumann chuile bhliain, éascaíonn an eagraíocht teagmháil idir na cumainn agus grúpaí eile agus tá comhordaitheoir lánaimseartha ag an eagraíocht le hobair i dtreo mianta agus riachtanais chraobhacha tríú leibhéal a bhaint amach. 

An Coiste

Ag gach craobh tá coiste déanta suas de dhaoine tofa le gnéithe áirithe d’obair na craoibhe a dhéanamh. Anseo, tá cur síos déanta ar na róil choitianta, agus tá míniú tugtha ar an ghnáth obair a bhíonn ar siúl acu. 

Níl anseo ach treoir ar chuid de ghnéithe na bpost, agus is fiú cuimhneamh go dtagann dualgais dhifriúla faoi chúram oifigigh éagsúla ó am go chéile, ag brath ar an bhliain, an choláiste agus araile. Freisin, ag brath ar an gcraobh, is minic nach bhfuil go leor de na hoifigigh seo ar a gcoistí acu, agus d’fhéadfadh oifigigh eile a bheith ann nach bhfuil luaite anseo. 

Oifigigh Shinsearacha

  • An Cathaoirleach: Is minic a thugtar Uachtarán nó Reachtaire ar an oifigeach seo chomh maith. Bíonn an Cathaoirleach freagrach as obair an choiste. Stiúrann siad an obair atá ar siúl ag an gcoiste, agus is urlabhraí iad don chraobh go poiblí. 
  • An Leas Chathaoirleach: Cuidíonn an Leas Chathaoirleach leis an gCathaoirleach ina gcuid oibre, agus glacann siad dualgais an Chathaoirligh nuair nach féidir leis an gCathaoirleach iad a dhéanamh. 
  • An Rúnaí: Bíonn an Rúnaí freagrach as comhfhreagras na craoibhe. Tá sé faoina gcúram le miontuairiscí a choinneáil ag na cruinnithe, tuairiscí a ullmhú, foirmeacha a líonadh agus araile. 
  • An Cisteoir: Bíonn an Cisteoir freagrach as cúrsaí airgid na craoibhe, ag déanamh bainistíocht ar chaiteachas agus ag déileáil le hiarratais airgid, deontais, táillí ballraíochta agus araile. De ghnáth beidh cinnithe airgid le déanamh in éineacht leis an Reachtaire, agus le ionchur ón gcoiste go leathan. 

Oifigigh Sóisearach

  • An tOifigeach Caidreamh Poiblí / An tOifigeach Teicneolaíochta: Oibríonn an tOifigeach ná na hOifigigh seo le na baill agus an pobal a choinneáil ar an eolas faoin méid atá ar siúl. Stiúrann siad na leathanaigh ar na meáin shóisialta agus cuireann siad amach na ríomhphoist sheachtainiúla muna dtagann sin faoi chúram an Rúnaí. Déanann siad grafaicí a dhearadh do phostaeir agus fógraíocht ghinearálta an chumainn. 
  • An tOifigeach Siamsaíochta: Bíonn an tOifigeach Siamsaíochta freagrach as imeachtaí a eagrú. San áireamh anseo, tá freagracht le ceol a eagrú, suíomhanna a shocrú agus araile. 
  • An tOifigeach Díospóireachta: Eagraíonn an tOifigeach Díospóireacht comórtais inmhéanacha, agus déanann siad foirne a ullmhú le cur chuig comórtais náisiúnta

Oifigigh Choitianta Eile

  • Oifigeach Urraíochta
  • Oifigeach Drámaíochta
  • Oifigeach Feachtasaíochta
  • Oifigeach na Meáin
  • Oifigeach na bhFreisear
  • Oifigeach na 2/3/4 Bliana
  • Oifigeach Foilseacháin
  • Oifigeach Sóisialta
  • Leas Oifigeach Siamsaíochta / Caidreamh Poiblí / srl. 
  • Gnáth Bhall Coiste

Tacaíochtaí

Tá Conradh na Gaeilge i gcónaí sásta cuidiú a thabhairt do Chumainn Ghaelacha, idir comhairle a thabhairt, pleanáil a dhéanamh, smaointí a phlé agus araile. Tá Comhordaitheoir Tríú Leibhéal lánaimseartha fostaithe againn leis an chuidiú sin a chur ar fáil dár gcraobhacha. Is í Caoimhe Ní Mhaolaí an Comhordaitheoir reatha, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi agTá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Déanann Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ nó USI) ionadaíocht ar mhic léinn sa mhórchuid de na coláistí agus ollscoileanna tríú leibhéal, agus tá Leas-Uachtarán don Ghaeilge ar a bhfoireann acu le ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na Gaeilge ag an tríú leibhéal. I measc a gcuid oibre, tugann siad tacaíocht do Chumainn Ghaelacha sna coláistí lena bhfuil siad bainteach, mar sin is foinse mhaith chuidithe iad daoibh. Is í Bláithín Nic a t-Síthigh an Leas-Uachtarán reatha, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi agTá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.