Téarma an tSamhraidh 2021: Bunrang 2 - Dé Céadaoin
Fad an Chúrsa: 10 seachtaine (1 rang sa tseachtain)
Leibhéal ranga: Bunrang 2 (TEG A2)
Múinteoir: Colm Mac Donnacha
Lá Ranga: Dé Céadaoin
Dáta Tosaithe: Dé Céadaoin, 12 Bealtaine 2021
Dáta Críochnaithe: Dé Céadaoin, 14 Iúil 2021
Am Ranga: 18:00 – 19:15 (Am na hÉireann)
Táille: €145
Seo chugaibh leagan amach an Bhunranga 2 ar leibhéal TEG A2, tá an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine a bhfuil Bunrang 1 déanta cheana féin acu.
Baineann ár múinteoirí leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdach chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh do na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 12-05-2021 18:00 pm |
Deireadh | 14-07-2021 19:15 pm |
Dáta deiridh | 14-05-2021 17:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 10 |
Praghas | €145 |
Ionad | Gaillimh |