An Ghaelscolaíocht ó thuaidh

An Ghaelscolaíocht ó thuaidh

 

Tá gluaiseacht na Gaelscolaíochta ó thuaidh aitheanta mar chuisle na hathbheochana ó bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste. Go mall sna 1960í tháinig grúpa teaghlach, a raibh Gaeilge acu, le chéile chun Gaeltacht uirbeach a bhunú ar Bhóthar Seoighe. Bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste I 1971 le 9 bpáiste. Chuaigh an scoil ó neart go neart. Faoi 1978 cuireadh tús le naíscoil lán aimseartha. Céim ollmhór a bhí ann i stair na scoile sa mhéid is go raibh teaghlaigh in inmhe páistí a chlárú i nGaelscolaíocht. Obair deonach le hairgead a bhailiú a choinnigh an scoil beo le trí bliana déag. Sa bhliain 1994 aithníodh an scoil agus bronnadh stádas oifigiúil uirthi. Ó shin bunaíodh roinnt Gaelscoileanna eile i mBéal Feirste agus sa cheantar máguaird. Lé bunú Coláiste Feirste i 1991, an chéad iar-bhunscoil sa rannóg, tá rogha Gaelscolaíochta ann ó 3-18. 

I 2003 osclaíodh Coláiste Chaitríona, srúth gaelscolaíochta i gColáiste Naomh Caitríona, Ard Mhacha, agus bronnadh cúnamh deontais air láithreach. Faoi láthair, tá Sólathóirí Iar-Bhunscolaíochta in Ard Mhacha, i gCaisleáin Uidhlinn agus ar an Domhnach Mór. In 2015 bunaíodh Gaelcholáiste Dhoire agus tháinig borradh ollmhór ar earnáil na meanscolaíochta Gaeilge ó thuaidh ó shin amach.

Tá cur síos ar stair earnáil na Gaelscolaíochta ó shin ar fáil ag Comhairle na Gaelscolaíochta anseo. 

Tacaíonn Conradh na Gaeilge le cur chun cinn na Gaelscolaíochta, le forbairt acmhainní, le cur i bhfeidhm an dualgais reachtúil agus le forbairt scoileanna agus áiseanna. Oibríonn an Conradh le Comhairle na Gaeolscolaíocht, le hIontaobhas na Gaelscolaíochta agus leis na scoileanna féin chun an earnáil féin a chosaint agus a chur chun cinn.

Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge